bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 1
Leviticus 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 2 →
1
Agus do ghoír an TIGHEARNA ar Mhaoise, agus do labhair ris as tabernacuil an chomhchruinnighthe gá rádh,
2
Labhair ré cloinn Israel, agus abair riú, Ma bheir éanduine aguibh ofráil chum an TIGHEARNA, do bheártháoi bhur nofráil do narnéis, eadhon don airighe, agus don tréud.
3
¶ Má bhíonn ofráil nó íodhbuirt loiscthe don airighe, ofráladh firionnach gán cháide: ofráladh sé, é da thoil áontaghaídh féin ag dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe a bhfíadhnuise an TIGHEARNA.
4
Agus cuirfidh sé a lámh ar chionn na hofrála loiscthe; agus géubhthar ar a shon í do dheanamh síodha ar a shón.
5
Agus muirfidh sé an bhulóg a bhfíadhnuise an TIGHEARNA: agus bearuid na sagairt, clann Aáron, a nfuil leó, agus croithfid a nfuil timchioll fá gcuáirt ar a naltóir noch atá láimh ré dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe,
6
Agus muirfidh sé a nofráil loiscthe, agus geárrfa na phíosuighibh é.
7
Agus cuirfid mic Aáron na sagart teine ar á altóir, agus leagfuid an connadh a nórd ar an teinidh.
8
Agus leagfuid na sagairt, mic Aáron, na codcha, an ceann, agus an gheir, a nórd ar an gcunnadh bhías annsa teinidh noch bhías air a naltóir:
9
Achd na hinnighe agus na cosa nighfidh sé a nuise: agus loiscfidh an sagart an tiomlán ar a naltóir, do bheith na iodhbuirt loiscthe, ofrail ar na dhéanamh lé teinidh, do bholadh cumhra don TIGHEARNA.
10
¶ Agus más do na tréaduibh bhías a iodhbuirt, do na cáorchuibh nó do na gabhruibh, mar ofráil loiscthe; do bhéara leis é na fhirionnach gan toibhéim.
11
Agus muirfidh sé é ar tháoibh na haltóra leath thuaigh a bhfiaghnuise an TIGHEARNA: agus na sagairt clann Aáron, croithfid an fhuil timchioll fa gcuáirt ar a naltóir.
12
Agus gearrfa sé na phíosuighibh é, go na cheann agus a gheir: águs leagfuidh an sagart a nordughadh íad ar an gconnadh bhias ar an tteinidh atá ar a naltóir.
13
Achd nifigh sé na hinnighe agus na cosa a nuisce: agus do bheára an sagart leis sin uile, agus loiscfidh sé ar a naltóir é: is ofráil loiscthe é, ofráil déanta lé teinidh, do bholadh cumhra don TIGHEARNA.
14
¶ Agus ma bhionn a iodhbuirt loiscthe ar son a ofrala don TIGHEARNA déanuibh, annsin do bhéura sé a ofráil do fhéaránuibh, nó do cholumuibh óga.
15
Agus do bhéura an sagart é chum na haltóra, agus fáiscfidh a cheann de, agus loiscfidh ar a naltóir é; agus fáiscfidhear a fhuil amach le táoibh na haltóra.
16
Agud tairreonguidh a ghaile as guna chletibh, agus teilgfidh ré táobh na haltóra é ar an gcuid shóir, ag áit na luatha.
17
Agus scoiltfidh sé é go na sciathánuibh, achd ní roinnfidh ó chéile é; agus loiscfidh an sagart ar a naltóir é, ar an cconnadh atá ar an teinidh: is ofráil loiscthe é, ofrail déanta le teinidh, do bholuidh cumhra don TIGHEARNA.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27