bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 6
Leviticus 6
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 7 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, dha rádh,
2
Má pheacuigheann anum, agus go ndéana sárughadh a nághaidh an TIGHEARNA, agus go ndéana bréag ré na chomharsuin ann san ní tugadh dhó a ttaisgidh, nó a gcumann, nó rugadh uadh ar éigin, nó do mheall sé a chomharsa;
3
Nó go bhfuáir se an ní do chuáidh a mugha, agus go ndéarna bréag dá tháobh, agus a mhionna do thabhairt a néitheach; a néinní dhíobh so do ní duine, iona bpeacuigheann sé:
4
Ann sin budh amhla bhías, do chionn gur pheacuidh sé, agus go bhfuil ciontach, go naíseógtha sé an ní rug ar éigin leis, nó an ní fúair sé gó cealgach, no an ní tugadh dhó a ttaiscidh, nó an ní do chuáidh a mugha noch fuair sé.
5
Nó a nuile ní timchioll a ttug a dhrochmhionna; aiseóguidh sé go hiomlán iona phrinnsipail, agus cuirfidh an cuigeadh cuid do bhárr na chionn, agus do bhéura don tí dár choir é, a ló ofrála ar son a chionta.
6
Agus do bhéura a ofráil sháruighthe chum an TIGHEARNA, reithe gan chaidhe as an tréud, reir do mheasa, mar ofráil sháruighthe, don tsagart:
7
Agus do dhéana an sagart síth a lathair an TIGHEARNA dhó: agus maithfighear dhó arson éinneithe dá ndéarna sé ag sárughadh ann.
8
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, ga rádh,
9
¶ Aithin do Aáron agus dá mhacaibh dá rádh, Is é so dligheadh na hofrála loiscthe: (is ofráil loiscthe í, are son a loiscthe ar a naltóir ar feadh na hoidhche go maidin, agus biáidh teine na haltóra ag loscadh innte.)
10
Agus cuirfidh an sagart a chulaidh lín uime, agus cuirfidh a bhríste lín fá na fheóil, agus tóigeobhuidh súas an lúaith do loisc an teine maille ris a nofráil loiscthe ar a naltoir, agus cuirfighear láimh ris a naltóir íad.
11
Agus cuirfidh a éadach dhe, agus cuirfidh éadach eile uime, agus iomchóruidh amach an luáith táobh a muich don champa go hionad ghlan.
12
Agus biáidh an teine ar a naltóir ag loscadh innte; ní múchfuighear i; agus loiscfidh an sagart connadh uirre gach áon mhaidin, agus leagfa a nofráil loiscthe a nórd uirre; agus loiscfidh uirre méathas na nofrálach síothchána.
13
Biáidh an teine ar lasadh choidhche ar a naltóir; ní cuirfíghear amach go bráth í.
14
Agus a sé so dligheadh na hofrála bidh: ofráilfid mic Aáron í a lathair an TIGHEARNA, as coinne na haltóra.
15
Agus glacfuidh lán a dhuirn, do phlúr na hofrála bídh, agus dá hola, agus an tuis uile bhías ar a nofráil bídh, agus loiscfidh ar a naltóir mar bholadh chumhra, eadhon na chuimhne sin, don TIGHEARNA.
16
Agus iosfuid Aáron agus a mhic an fuigheall: le harán gan laibhín íostar é annsá náit náomhtha; a gcúirt thabernacuil an chomhchruinnigh íosaidh síad é.
17
Ní bhruithfíghear maille re laibhin é. Thug mé dhóibhsion é ar son a gcoda do mofráluíbh déanta le teinidh; atá sé ro náomhtha, mar tá a nofráil pheacaidh, agus a nofráil sháruíghthe.
18
A bhfuil dfirionnchaibh a measc chloinne Aáron íosaid de. Biáidh na reachd go bráth ionbhur ngeinealachaibh a ttáobh ofrálaidh an TIGHEARNA do níthear lé teinidh gach áon dá mbeanfa riú biáidh náomhtha.
19
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, dhá rádh,
20
Is í so ofráil Aáron agus a mhac, noch ofrálfuid síad don TIGHEARNA annsa ló a nungfuíghear é: an deachmhadh cuid do ephah do phlúr mín mar ofráil bhídh go síorruidhe, a leath ar maidin, agus a leath ionsa noidhche.
21
A noigheann dó dhéantar é maille ré hola; agus a nuáir bhías bruithe, do bhéura tú a stéach é: agus na píosuidhe bruithe do nofráil bhídh ofráilfidh tú mar bholadh cumhra don TIGHEARNA.
22
Agus an sagart dá mhacaibh atá ungtha na áit ofráilfidh sé é: búdh statúid choidhche don TIGHEARNA í, loiscfighear go híomlán í.
23
Oir loisgfíghear gach uile ofráil bídh ar son an tsagairt go hiomlán: ní híostar é.
24
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise dhá rádh,
25
Labhair ré Haarón agus le na mhacaibh, gá rádh, Is é so dligheadh na hofrála peacaidh: annsa náit a marbhthar a nofráil loiscthe is ann muirfíghear a nofráil pheacaidh a bhfíadhnuise an TIGHEARNA: atá sé ro náomhtha.
26
An sagart ofrálas é ar són peacaidh íosuidh sé féin é: ansa náit naomhtha iostar é, a ccúirt thabernacuil an chomhchruinnighthe.
27
Giodh bé ar bith ní bheanas re nfeóil sin biaidh sé ro naomhtha: agus a nuair croithfighear dhá fhuil ar éadach ár bith, nighfe tú a náit dár bhean an crothadh annsa náit náomhtha.
28
Achd an soitheach críadh ionar bruitheadh é, brisfighear é: agus mas a bpota phrais do bruítheadh é, sciúrfuighear é, agus meascfuighear an pota a nuisce.
29
Na húile fhiríonnach a measc na sagart iósuidh dhe: atá sé ro náomhtha.
30
Ní hióstar ofrail pheacaidh ar bith a mbéarthar éanchuid dá fhuil go tabernacuil an chomhchruinnighthe do dhéanamh siothchána leis ansa náit náomhtha: loiscfíghear annsa teinidh í.
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27