bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 19
Leviticus 19
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 20 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, dá rádh.
2
Labhair ré comhchruinniughadh chloinne Israel uile, agus abair riú, Beithi náomhtha: óir atáimse an TIGHEARNA bhur Ndía náomhtha.
3
¶ Biáidh eagla bhur maithreach, agus bhur naithreach aguibh (ar gach áon fhear), agus coimhéaduigh nó shábóid: misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
4
¶ Ná hionntoighidh lé hiodhaluibh, agus ná déanaidh dée leaghtha dháoibh: misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
5
Agus ma thairgthí íodhbuirt dofráil shíodha don TIGHEARNA, ofráilfidh í ar bhur ttóil féin.
6
Iostar í an lá sin féin ofráilfighear í, agus ar na mhárach: agus má mhairion fuighioll go ttí an tréas lá, loiscfíghear annsa teinidh é.
7
Agus má hithtear ar achor ar bith an treas lá é, is gráineamhuil é; ní ghéubhthar é.
8
Ar a nadhbharsin gach éanduine da níosuidh e biáidh a pheacadh dhó, ar a nádhbhar gur thruáillidh sé ní náomhtha an TIGHEARNA: agus gearrfuíghear an tanam sin amach as lár a mhuinntire.
9
¶ Agus a nuair bheanfuidhe fóghmhar bhur bhfearuinn, ní bheanfuidhe coirnéil bhur machaire go híomlán, ní mó chruinneochus tú díoghluim thfóghmhuir.
10
Agus ní dhioghlumfuidh tú thfíneamhuin, ní mó chruinneochus tú gach éancháor dot fhíneamhuin; fúigfe tú ag na bochduibh íad, agus ag an gcoimhightheach: misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
11
¶ Ní ghádfuidhe, agus ní dhéantáoi ní neimhfhírinneach, ni mó do dhéantáoi bréag ré cheile.
12
¶ Agus ní thiubhartháoi mainmse a mbréig, ní mó thruáilleochus tú ainm do Dhé: misi an TIGHEARNA.
13
¶ Ní mhéallfa tú do chomharsa, ní mó shladfas tú é: ní fhanfuighe agad tuarasdal an té fhoisteochthar ar feadh na hoidhche go maidin.
14
¶ Ní mhailleochuidh tú an bodhar, agus ní chuirfe tú ceaptuislidh roimhe an ndall, achd biáidh eagla do Dhe ort: misi an TIGHEARNA.
15
¶ Ní dhéantáoi éacceart a mbreitheamhas: ní mheasfuidh tú pearsa an bhoichd, agus ní onórfuigh tu pearsa an chumhachduigh: a bhfíreantachd do dhéana tú breitheamhnus ar do chomharsain.
16
¶ Ní imeochuidh tú síos agus súas amhuil scéaluighe a measg do dháoine: ní mó sheasfas tú a naghaidh fhola do chomharsann: misi an TIGHEARNA.
17
¶ Ní fhúathocha tú do dhearbhrathair ann do chroidhe: achd iomaithbheora tú ar gach uile chor do chomharsa, agus ní fhuileongtha tú péacadh do bheith air.
18
¶ Ní dhéana tú dioghaltas, ní bhía mioscuis ar bith agad re cloinn do dháoine, achd gráidheocha tú do chomharsa mar thú féin: misi an TIGHEARNA.
19
¶ Coimhéadfuidhe mo statúídigh. Ní léígfídhe dá bhur náirnéis gineamhuin ré cineul éagsamhuil: ní chuirfe tú thfearann lé síol cumaisce: agus ní mó chuirfeas tú éadach cumaisce, do líon agus doluinn iomad.
20
¶ Agus gidh bé ar bith luidheas go colluidhe lé mnáoi, ata na mnaoi dháoir, cunnarthach ag fear, agus nar fúasgladh í, agus nach bhfuáír sáoirse; sciúrsfuighear i; ni chuirfighear chum bás íad, do chionn nach raibh sise sáor.
21
Agus do bhéura seision ofráil sháruighthe chum an TIGHEARNA, go dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe, reith mar ofráil sháruighte.
22
Agus do dhéana an sagart síth ar a shon lé reithe na hofrála sáruighthe a lathair an TIGHEARNA ar son an phéacaidh do rinne sé: agus maithfíghear dhó an péacadh do rinne sé.
23
¶ Agus a nuáir thiucfuidhe don tír, agus chuirfidhe gach uile shórt crann chum beatha, annsin measfuidhe a thoradh neimhthimchillgheárrtha: trí bliadhna bhías neimhthimchillgheárrtha aguibh: ni íostáoi dhe.
24
Achd annsa cheathramhadh blíadh an biáidh a thoradh uile náomhtha do mholdadh an TIGHEARNA leó.
25
Agus iostaoi an toradh an cúigeadh bliadhan, chor go ttuga sé biseach dháoibh: misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
26
¶ Ní íostáoi ni ar bith maille ris an bhfuil: ní mo ghnaítheochtháoi geasadóireachd, ní chuirfídhe beann ar aimsearuibh áirighe.
27
Ní bhearrfuidhe mulluighe bhur gceann, agus ní mó mhillfeas tú coirnéul thféasoige.
28
Ní dhéantaoi gearradh ar bith ion bhur bhfeóil ar son na marbh, nó comhartha ar bith do chlóghughádh ionnuibh: misi an TIGHEARNA.
29
¶ Ní ofráilfe tú hinghean, dá thabhairt uirre bheith na stríapuidh; deagla go ttuitfeadh an dúthaidh a stríapachas, agus go tiucfadh chum bheith lán dulc.
30
¶ Coimhéadfuidhe mó shabboidigh, agus onórfuidhe mo shanctóir: misi an TIGHEARNA.
31
¶ Ná bíodh suim aguibh annsa druing ga mbídh spioraid mhuinnteardha, agus ná hiarruidh luchd fáistine, da bhur ndéanamh truáilligh léo: misi an TIGHEARNA bhur Ndia.
32
¶ Eíreochuidh tú súas roimhe an cceann líath, agus onórfuigh tú adhuigh an tseanóra, agus biáidh eagla agad roimhe Dhía: misi an TIGHEARNA.
33
¶ Agus má chomhnuigheann duine éanuáire aguibh ansa dúthaidh, ni ghoirteochtháoi é.
34
Achd an coimhidhtheach chomhnuigheas bhur bhfochair biáidh amhuil duine bhéarthar bhur measc, agus gráidheocha sibh é mar sibh féin; óir do bhabhair féin bhur ccoimhighthibh a gcrích na Hégipte: misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
35
¶ Ní dhéantaoi éacceart a mbreitheamhnus, a ttomhas slaite, a gcomhthrom, nó a miosúireachd.
36
Scáluidhe comhthroma, comhthruim chomhthroma, ephah comhthrom, hean chomhthrom, bhías aguibh: misi an TIGHEARNA bhur Ndía, thug a mach as crích na Hégipte sibh.
37
Ar a nadhbharsin coimhdeochtháoi mo statúidigh uile, agus mo bhreitheamhnuis uile, agus dhéantáoi íad: misi an TIGHEARNA.
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 20 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27