bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 7
Leviticus 7
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 8 →
1
Mar an gcéadna is é so dlígheadh na hofrála sáruighthe: atá sé ro náomhtha.
2
Annsa náit a marbhuid siad a nofráil loiscthe is ann muirfid a nofráil sháruíghthe: agus croithfidh sé a fhuil timchioll ar a naltóir.
3
Agus ofráilfidh sé dhe méathas uile; a niorbuil, agus an méathas fholchus na hinnídhe,
4
Agus an dá dhúbhán, agus an méathas bhiós orra, noch atá fa náran, agus an scairt atá os cionn na naé, maille ris na dubhánuibh, bainfidh sé sin as:
5
Agus loiscfidh an sagart iad ar a naltóir mar ofráil déanta lé teinidh don TIGHEARNA: Is ofráil sharuighthe sin.
6
Iósuidh gach aón fhirionnach a measc na sagart de sin: an sa náit náomhtha iostar é: ata ro naomhtha.
7
Mar atá a nofráil phéacaidh, is amhluidh atá a nofráil sháruighthe: is éaindligheadh atá orra: an sagart do dhéanas sí les is aige bhías sé.
8
Agus an sagart iodhbras ofráil loiscthe dhuine air bith, is ag an tsagart féin bhíos croicionn na hofrála loisce, do ní íodhbuirt.
9
Agus gach uile ofráil bhídh dá mbácáltar annsa bhácus, agus gach uile dheasuighthear annsa bhfrithóigheann, agus annsa noighean, biaidh ag an tsagart ofrálus é.
10
Agus gach uile ofráil bhídh, cumaiscthe le hola, agus tirim, bíaidh ag cloinn Aáron uile, gach ean oiread re na chéile.
11
Agus as é sin dligheadh iodhbártha na hofrála siothchána, noch ofráilfeas sé don TIGHEARNA.
12
Má ofrálann sé é mar bhreith bhuidheachuis, ann sin ofráilfidh sé maille re íodhbuirt bheirthe bhuidheachuis bairgheana gan laibhín cumaiscthe le hola, agus abhlanna gan láibhin ungtha le hola, agus cacaidhe cumaiscthe le hola do phlúr mhín, fríalta.
13
Táobh a muich dona cácuibh, ofráilfidh mar ofrail aran laibhín maille ré iodhbuirt bheirthe bhuidheachuis dá ofráil shiodha.
14
Agus de sin ofráilfidh sé aón as a nofráil iomlán mar ofráil thógtha don TIGHEARNA, agus budh leis an tsagart do chroith fuil na hofrála siothchána sin.
15
Agus féoil íodhbartha ofrála síodha ar son buidheachuis ióstar an ló sin féin iódhbarthar í; ni fhúigfidh sé éainní dhe chum na maidne.
16
Achd má bhíonn iódhbuirt a ofrála na moíd, nó na hofráil toileamhuil, ióstar an lá sin féin í ofrálas a íódhbuirt: agus ar na mhárach mar an gcéadna ióstar an fuigheall.
17
Achd fuigheall fheóla na híodhbartha an treas lá loiscfighear le teinidh é.
18
Agus ma hiostar eainní dfeóil iodhbhartha a ofrála síodha ar éanchor an treas lá, ní geabhthar í, ní mó meastar do nofráil í: biáidh sí na hadhúathmhuireachd, agus an tanam íosas di iomchóruidh sé a choir.
19
Agus a nfeoil beanas ré háoinní salach ní híostar í; loiscfíghear le teinidh í: agus ar son na feóla, an mhéid bhías glan íosuid di.
20
Achd an tanam itheas dfeóil íodhbartha na hofrála síothchána, noch is leis an T TIGHEARNA, gá bhfuil a neamhghloine air, gearrfuíghear an tanam sin thríd amach as a mhuinntir.
21
Os a chionn so gidh bé anum bheanas ré ní salach, mar atá salchar duine, no beathaidh neamhgloin, nó re héainní adhuathmhar neamhghlan, agus íosas cuid dfeóil íodhbartha na hofrála síodha, noch bheanas ris an TIGHEARNA, gearrfuighear an tanamsin thríd amach ó na dháoinibh.
22
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, dhá rádh,
23
Labháir re cloinn Israel dá rádh, Ni íostáoi éainghné mhéathas, doimh, nó cáorach, no gabhair.
24
Ach geir an bheathaidh do gheibh bás uádha féin, agus méathas a nainmhidhe réubuid beathaidh, is eidir sin do chur a núsáid ar bith eile: gidheadh ní íostáoi éinní dhe ar éanchor.
25
Oir gidh bé ar bith íosas do gheir an bheathaidh, íodhbruid dáone mar ofráil déanta le teinidh don TIGHEARNA, fós an tanam íosas de sin gearrfuighear amach ó na mhuinntir é.
26
Tuilleamh eile ní íostáoi gné fhola ar bith, mas déun no daínmhighe, a náon da bhur náitreabhadh.
27
Gidh be ar bith anum íosas éainghné fola, gearrfuighear cheana an tanamsin ó na mhuinntir.
28
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA ré Máoise, dhá rádh,
29
Labhair ré cloinn Israel, dá rádh, An té ofrálus íodhbuirt ofrála síodha don TIGHEARNA do bheura se tabhartas chum an TIGHEARNA do íodhbuirt ofrála shíodha.
30
A lámha féin bhéurus leis ofrail an TIGHEARNA déanta lé teinidh, an gheir maille ris an gclíathán, do bheura sé leis, cor go gcroithfidis an cliathán ar son ofrála luáimhnighthé as coinne an TIGHEARNA.
31
Agus loiscfidh an sagart an gheir ar a naltóir: achd budh lé Haáron agus le na mhacaibh an tuchd.
32
Agus do bheartháoi an slinneán deás don tsagart mar ofráil thógtha don íodhbuirt do nofráil shíothchána.
33
An té do mhacaíbh Aáron ofrálus fuil na hofrala siothchána, agus an méathus, is é do gheabha an slinneán deas ar son a choda.
34
Oír do bhean misi an tuchd luáimneach agus an slinneán tógtha do chloinn Israel do íodhbuirt a nofrála síothchána, agus thug mé do Aáron an sagairt íad agus dá mhacaibh mar statúid go bráth ó mheasc cloinne Israel.
35
¶ Is é so comhroinn ungtha Aáron, agus ungtha a mhac, as ofráluíbh an TIGHEARNA déanta le teinidh, annsa ló ar chuír se a steach íad do mhiniostralachd don TIGHEARNA a noifig an tsagairt;
36
Noch do aithin an TIGHEARNA do thabhairt dóibh ó chloinn Israel, annsa ló ar ungadh íad, lé statúid go bráth ar fadh a ngeinéalach.
37
Is é so dligheadh na hofrála loiscthe, na hofrála bídh, na hofrála peacaidh, agus na hofrála sáruighthe, agus na gcoisreagadh, agus íodhbartha na nofráladh síodha;
38
Noch do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise a slíabh Sínai, annsa ló ar aithin sé do chloinn Israel an íodhbuirt dofráil don TIGHEARNA, a bhfasach Sínai.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27