bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 4
Leviticus 4
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 5 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, da rádh,
2
Labhair re cloinn Israel, ga rádh, Ma pheacúigheann anum tré ainbhfios a naghuidh éanaithne an TIGHEARNA, (a ttáobh nitheadh nár chóir do dhéanamh,) agus go ndéana sé ní a naghaidh éan dhíóbh.
3
Má pheacuighéann an sagart atá úngtha do réir pheacaidh an phobail; ann sin tugadh sé ar son an pheacuigh, do pheacuigh sé, bulóg óg gan toibhéim chum an TIGHEARNA mar ofráil pheacaidh.
4
Agus do bhéara sé an bhulóg chum doruis thabernacuil an chomhchruinnighthe a lathair an TIGHEARA; agus leagfa a lámh ós cionn na bulóige, agus muirfidh sé an bhulóg a bhfiadnuise an TIGHEARNA.
5
Agus glacfa an sagart bhías ungtha cuid dfuil na bulóige, agus do bhéara les go tabernacuil an chomhchruinnighthe í.
6
Agus tuimeóbhúidh an sagart a mhéur ansa bhfuil, agus croithfidh cuid do nfuil seachd nuáire as coinne an TIGHEARNA, as coinne bhruit na sanctóra.
7
Agus cuirfidh an sagart cuid do nfuil ar bheannuibh altóra na túisé deaghbholuigh a lathair an TIGHEARNA, noch atá a ttabernacuil an chomhchruinnighthe; agus dóirtfidh sé fuil na bulóige uile ag bonn altóra na hofrála loiscthe, noch atá ag dorus thabernacuil an comhchruinnighthe.
8
Agus beanfa sé dhe a uile gheir na bulóige mar ofráil pheacaidh; an gheir fholchus an tionathar, agus a nuile mheathus bhías ar an ionathar,
9
Agus an dá dhubhán, agus an gheir bhios orra, noch bhios láimh ris na leasuibh, agus an scairt os cionn na nae, maille ris na dubhánuibh, béuruidh sé sin leis.
10
Mar rugadh as bulóig iodhbartha na hofrala síothchána: agus loiscfidh an sagart íad ar altóir na hofrála lóiscthe.
11
Agus croicionn na bulóige agus a nuile fheoil, maille ré na chionn, agus le na chosuibh, agus le na mhionach, agus le na áoileach,
12
Eadhon an bhulóg uile béaruidh leis amach táobh amuigh don champa go hionad ghlann, mar a ndóirtear an luáith amach, is loisgfighear an cconnadh lé téine é: mar a ndóirtear an lúaith amach is ann loiscfighear é.
13
¶ Agus má pheacuigheann uile chomhchruinniughadh Israel tré ainbhfios, agus an ni do bheith fá cheilt a súilibh an oireachduis, agus go ndearnthar ní éigin a naghuidh aithneadh an TIGHEARNA, a ttáobh neítheadh nár chóir do dhéanamh, agus go bhfuilid ciontach;
14
A nuáir bhías fios, an pheacaidh do pheacuigheadar na aghuidh, ann sin ofrálfidh an comhchruinniughadh bulóg óg ar son an pheacaidh, agus do bhéura é as coinne thabernacuil an chomhchruinnighthe.
15
Agus leagfuid sinnsir an chomhchruinnighthe a lámha ar chionn na bulóigé as coinne an TIGHEARNA: agus muirfidhear an bhulóg as coinne an TIGHEARNA.
16
Agus an sagárt bhias ungtha do bhéara cuid dfuil na bulóige go tabernacuil an chomhchruinnighthe.
17
Agus tuimeobhuidh an sagart a mhéur a gcuid do nfuil, agus croithfidh sé seachd nuáir í as coinne an TIGHEARNA, as coinne an bhruit.
18
Agus cuirfidh sé cuid do nfuil ar bheannuibh na haltóra noch atá as coinne an TIGHEARNA, atá a ttabernacuil an chomhchruinnighthe, agus dóirtfidh amach a nfuil uile ag bonn altóra na hofrála loiscthe, noch atá ag dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe.
19
Agus bainfidh sé a gheir uile as, agus loiscfidh ar a naltóir é.
20
Agus do dhéana sé ris an mbulóig mar do rinne ré bulóig ar son na hofrala peacaídh, mar sin do dhéana sé ría so: agus do dhéana an sagart síoth ar a shon, agus maithfighear dhóíbh é.
21
Agus bearuidh sé an bhulóg leis táobh amach don champa, agus loiscfidh í, mar dó loisc an chéadbhulóg: is ofráil péacuidh í ar son an chomhchruinníghthe.
22
¶ A nuáir pheacaidheas uachdarán, agus go ndearna éainní a naghaidh éanaithne an TIGHEARNA a Dhía, ttáobh neitheadh nár chóir a dhéanamh, agus go mbia ciontach;
23
Nó ma thig, a neolus an phéacaidh, ionar pheacaidh sé; annsin do bhéara sé ofráil leis, meannán do na gabhruibh, fiorannach gan cháidhe:
24
Agus leagfa a lámh ar chionn an ghabhair, agus muirfidh é ionsa náit a marbhuid a nofráil loiscthe as coinne an TIGHEARNA: is ofráil pheacaidh í.
25
Agus glacfuidh an sagart dfuil na hofrála peacaidh lé na mhéur, agus cuirfe sé í ar bheannuibh altóra na hofrála loiscthe, agus doirtfidh amach a nfuil ag bonn altóra na hofiála loiscthe.
26
Agus loiscfidh sé a mhéathus uilé ar a naltóir, amhuil mhéathus iodhbartha na hofrála siothchana: agus do dhéana an sagart síoth ar a shon a ttáoibh a pheacaidh, agus maithfíghear dho é.
27
¶ Agus ma pheacuigheann anum do phobul na tíre tré ainbhfios, ar ndeanamh eainneithe a naghaidh éanaithne an TIGHEARNA, a ttáobh neitheadh nár chóir a dhéanamh, agus go mbia ciontach;
28
Nó má bhíonn fios, an pheacaidh ionar pheacaidh sé aige: annsin do bhéura ofráil leis, meannan do na gabhruibh, bainionna gan toibhéim, ar son an pheacaidh do pheacaidh sé.
29
Agus leagfaidh a lámh ar chéann na hofrála peacaidh, agus muirfidhe an ofrail peacadh a náit na hofrála loiscthe.
30
Agus glacfuidh an sagart cuid do nfuil la na mhéur, agus cuirfidh ar bheannuibh altóra na hofrála loiscthe í, agus dóirtfidh amach a nfuil uile ag bonn na haltóra.
31
Agus bainfidh sé amach an méathus uile, amhuil mar bheantar amach méathus ó iodhbairt na hofrála síodha; agus loiscfidh an sagart ar a naltóir é mar bholadh chumhra don TIGHEARNA; agus do dhéana an sagart síoth ar a shon, agus maithfighear dhó é.
32
Agus má bheir uan leis mar ofráil pheacaidh, do bheura sé leis uan bainionn gan toibhéim.
33
Agus leagfaidh sé a lámh ar cheann na hofrála peacaidh, agus muirfidh sé mar ofráil pheacaidh é ansa náit a marbhuid a nofráil loiscthe.
34
Agus glacfuidh an sagart dfuil na hofrála peacaidh lé na mhéur, agus cuirfidh ar bheannuibh altóra na hofrála loiscthe í, agus dóirtfidh amach a fhuil uile ag bonn na haltóra:
35
Agus bainfidh sé amach a mhéathus uile, mar beantar méathus a nuain amach ó iodhbuirt na hofrála síodha; agus loiscfidh an sagart ar a naltóir íad, do réir na nofráladh do niothar lé teínidh don TIGHEARNA: agus do dhéana an sagart cádhachas ar son an pheácaidh do rinne, agus maithfíghear dhó é.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27