bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 27
Leviticus 27
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, dhá rádh,
2
Labhair ré cloinn Israel, agus abair ríu, A nuáir do bhéura duine a mhoid shingil, budh leis an TIGHEARNA na daóine reir do mheassasa.
3
Agus búdh é so do mheas do nfiór ó fhichid blíadhan daóis go nuige seascad bliadhan daóis, budh é do mheas caogad secel airgid, do réir shecel na sanctóra.
4
Agus más bean í, ann sin budh é do mheas tríochad secel.
5
Agus más ó chúig bhlíadhnuibh daóis bhías go nuige fithche blíadhan, an sin budh é do mheás do nfior fithche secel, agus don mhnaoi deich sécél.
6
Agus más ó mhí daóis bhiás go nuige cúig bhlíadhna daóis, ann sin budh é do mheas don fhior cúig secel dairgead, agus don mhnáoi budh é do mheas tri secel.
7
Agus más ó thrí fichid bliádhan daóis bhías agus ós a chíonn; mas fear é, annsin budh é do mheas cúig secél déug, agus don mhnáoi deich secel.
8
Achd más boichte é nó do mheas, ann sin foillseochuibh é féin a lathair an tsagairt, agus measfuidh an sagart é; do réir chumuis fhir na móíde mheasfas an sagart e.
9
Agus más beathach, dá ttugaid na dáoine ofráil a lathair an TIGHEARNA, gach uile ní do bhéir duine don TIGHEARNA dón tsórt sin biáidh náomhtha.
10
Ní áthróchuidh tú é, agus ní mhalairtfe tú é, ní maith air dhroch ní, nó droch ní ar ni maith: má mhalairteann tú ar áon chor beathach ar bheathach, ann sin biáidh féin agus an mhalairt náomhtha.
11
Agus más beathach neamhghlan é, dá nach déanuid íodhbuirt ofrála don TIGHEARNA, ann sin taisbéanfuidh sé an beathách a látháir an tsagairt:
12
Agus measfuidh an sagart é, an maith nó an saith é: mar mheasas tusa, bhías ad shagart é, is mar sin bhías sé.
13
Achd má fhúasclann ar éanchor é, ann sin cuirfidh an cúigeadh cuid a ccion do mheastasa.
14
¶ Agus a nuáir naómhthochus duine a thigh da bheith náomhtha don TIGHEARNA, ann sin measfuidh an sagart é, an maith nó an saith é: mar mheasfus an sagart é, is mar sin bhías seasmhach.
15
Agus má fhúasglann an té do naomhaidh a thigh é, ann sin cuirfidh an cúigeadh cuid dáirgead an mheasda na chíonn, agus biáidh aige.
16
Agus má náomhann duine don TIGHEARNA cuid éigin do mhachaire a sheilbhe, annsin biáidh do mheas do réir a shíl sin: meusfuidhear cáogad secel airgid do hómer síl eórna.
17
Má náomhann a mhachaire ó bhliadhuin an iubilé, seasfuidh dó réir do mheastasa.
18
Achd más tar éis na íubilé náomhthochás sé a fhearann, annsin comháirfidh an sagart an tairgead chuige do réir bhlíadhan a nfuighill, go blíadhuin na iubhile, águs léigfíghear sin síos dod mheas.
19
Agus má fhúasglann an té dó náomhuidh a fhearann ar éanchor é, annsin cúirfidh ná chionn an cúigeadh cuid dairgead dot mheassa, agus daingneochar dhó é.
20
Agus muna bhfúascla se an fearann, nó má reac se an fearann ré duine eile, ní fhuaisceoltar nís mó é.
21
Achd an fearann, a nuáir rachus amach annsá íubilé, biáidh náómhtha don TIGHEARNA, mar fhearann tabhartuis; biáidh a shealbh ag an tsagart.
22
Agus má uáomhann duine don TIGHEARNA fearann do cheannuigh sé, nach do mhachairighibh a sheilbhe;
23
Annsin comhairfidh an sagart lúach dhó mar mheasfas tusa, go nuige blíadhuin an íubilé: agas do bhéura do meassa uadh an lá sin, mar ni náomhtha don TIGHEARNA.
24
A mblíadhuin an íubilé fillfidh an fearánn chum an té ór ceanchadh é, eadhon chum an té lér leis sealbh a nfearuinn.
25
Agus biáidh do mheassa uile do réir secel na sanctóra: fithche gerah bhiás annsá tsecel.
26
¶ Amháin primidíl na mbeathach, budh cóir do bheith na phrimidil ag an T TIGHEARNA, ní naómhthochuídh éanduine é; mas damh, nó cáora é: is leis an D TIGHEARNA é.
27
Agus más beathach neamhghlan é, annsin fuáisceoluidh sé é do réir do mheastasa, agus cuirfidh an cúigeadh cuid de na cheann: agus muna bhfúascaltar é, annsin reacfuighear é do réir do mheastasa.
28
Gidheadh, bronnta bhronnfas duine don TIGHEARNA do nuile ní dá mbía aige, do dhuine nó do bheathach, agus dá fhearann sheilbhe, ní reacfuighear agus ní fhuáisceoltar é: atá gách uíle ní bronntar rónáomhtha ag an TIGHEARNA.
29
Einní bronntar, noch bhronntar ó dháoinibh, ni fhuáisceoltar é; achd cuirfighear sin chum báis go deimhin.
30
Agus is leis an D TIGHEARNA an uile dheachmhadh a nfearuinn, más do shíol an fhearuinn, nó do thoradh an chroinn, ceachtar dhíobh: atá náomhtha don D TIGHEARNA.
31
Agus má fhuasglann neach ar éanchor éinní dá dheachmhuidh, cuirfidh an cúigeadh cuid de na chíonn.
32
Agus a ttáobh áirghe, nó tréada fá na ndeachmhuidh, gidh bé ní imthigheas fán tslait, biáidh a dheachmhadh náomtha ag an TIGHEARNA.
33
Ní spíonfa an maith nó an olc é, ní mó mhalairtfeas é: agus má mhalairteann ar eanchor é, annsin biáidh féin agus an malartach náomhtha; ní fhuáisceoltar é.
34
Is íad so na haitheanta, do aithin an TIGHAERNA do Mhaóise chum cloinne Israel a slíabh Sínai.
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27