bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 24
Leviticus 24
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 25 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, dhá rádh,
2
Fúagair do chloinn Israel, ola fhíorglan do thabhairt chugad brúite chum an tsoluis, do thabhairt ar na soillsibh lasadh a gcomhnuidhe.
3
Táobh a muigh dfolach fhíadhnuise, thabernacuil an chomhchruinnighthe, óirdeochus Aáron é ó thráthóna go maidin a bhfíadhnuise an TIGHEARNA go síorruidhe: biáidh na statúid a gcomhnuidhe ann bhur sleachduibh.
4
Oírdeochuidh sé na lampuidhe ar an ccoinnleóir ghlan a bhfíaghnuise an TIGHEARNA go gnáthach.
5
¶ Agus géubha tú plúr mín chugad, agus bruithfe tú dhá bhairghin déag dhe: dhá dheachmhadh cuid bhías annsa bhairghin díobh.
6
Agus suidheocha tú a ndá chúrsa íad, a sé annsa chúrsa dhíobh, ar an mbórd fhíorghlan a bhfiaghnuise an TIGHEARNA.
7
Agus cuirfe tú túis fhíorghlan ar gach cúrsa, cor go mbía ar a narán mar chuimhne, eadhon ofráil déanta lé teinidh don TIGHEARNA.
8
Cuirfidh sé a nórd é gach áon tsábbóid a bhfíaghnuise an TIGHEARNA do shíor, ar na ghlacadh ó chloinn Israel lé cunnradh suthuin.
9
Agus budh lé Haaron agus lé na chloinn é; agus íosuid é annsa náit náomhtha: óir atá sé ró náomhtha aige dofráluibh an TIGHEARNA déanta lé teinidh lé statúid shiothbhuáin.
10
¶ Agus do chuáidh mac mná Israeldha, ag ar Bhégipteach a athair, a measc chloinne Israel: agus do throid an macsa na mná Israeldha, agus duine do Israel ré chéile san champa;
11
Agus do mhasluaigh mac na mná Israeldha aimn an TIGHEARNA, agus do mhalluigh é. Agus tugadar chum Maóise é: agus do bé ainm a mhathar Selomit, inghean Dibri, do threibh Dan:
12
Agus do chuireadar a bpríosún é, go mbeith fios inntinne an TIGHEARNA aca.
13
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, dhá rádh,
14
Tabhair amach an té do rinne an mallughadh táohh amach do nfosluingphurt; agus leagdáois an mhéid do chualaídh é a lámha ar a chíonn, agus clochadh an comhchruinniughadh uile é.
15
Agus labheóruídh tú ré cloinn Israel, dá rádh, Gidh bé ar bith mhalluigheas a Dhía fuileonguidh a phéacadh.
16
Agus an té scannluigheas ainm an TIGHEARNA, cuirfighear go deimhin chum bais é, agus clochfuid an comhchruinniughadh go dearbhtha é: comhmaith an coimhidheach, agus an té beurthar annsa tír, a nuáir mhaisleochus sé ainm an TIGHEARNA, cuirfíghear chum báis é.
17
¶ Agus an te mharbhus éanduine cuirfíghear go deimhin chum báis é.
18
¶ Agus an té mharbhus beathach do dheana díol ar a shon; eadhon beathach ar bheathaigh.
19
Agus mas ciontach duine ré haineamh do bhreith ar a chomharsainn; amhuil do rinne sé, is amhluidh do dhéantar ris.
20
Briseadh ar son bhriste, súil ar son súile, fíacal ar son fíacaíle: mar thug sé aineamh do dhuine, mar sin dheantar ris a rís.
21
Agus an té mhuirfeas beathach aiseóguidh sé é: agus an té mharbhas duine, cuirfighear chum báis é.
22
Biáidh éanmhodh amháin dlighe aguibh, chomhmaith ar son coimhidhthigh, agus ar son an té rugadh ann bhur ttír fein: óir is misi an TIGHEARNA bhur Ndia.
23
¶ Agus do labhair Maóise re cloinn Israel, an té do rinne an mallughadh, do thabhairt leó amach as an gcampa, agus gabháil do chlochuibh air. Agus do rinneadar clann Israel mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 25 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27