bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 25
Leviticus 25
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 24
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 26 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise a slíabh Sínai, gá radh,
2
Labhair ré cloinn Israel agus abair riú, A nuáir thiucfuidhe don dúthaidh do bheirimse dháoibh, annsin cuinneochuid an dúthaidh sábbóid don TIGHEARNA.
3
Sé blíadhna chuirfeas tú do mhachaire, agus sé blíadhna leiseóchus tú thfinéamhuin, agus chruinneochus tú a steach a toradh;
4
Achd annsa seachdmhadh blíadhan biáidh sáoire shuáimhneasa don dúthaigh, sábbóid don TIGHEARNA: ni chuirfe tú thfearann, agus ní dheiseocha tú thfíneamhuin.
5
An ní fhásas úadh féin dod fhóghmhar ní bheanfa tú é, agus ní mó chruinneochus tú grápuighe thfíneamhna gan deasughadh: óir is blíadhuin shuáimhneasa don dúthaidh í.
6
Agus biáidh sábbóid na dúthaidh na bhíadh aguibh; dhuit féin, agus dod sherbhiseach, agus dod chailin, agus dod óglach túarasdail, agus don choimhidhtheach chomhnuigheas ad fhochair.
7
Agus do náirnéis, agus don bheathach bhías ann do dúthaigh, biáidh a mbiseach sin uile mar bhíaidh dhuit.
8
¶ Agus áireómhuídh tú seachd sábbóidigh do bhlíadhnuibh dhuit, seachd nuáire seachd mblíadhna; agus spás na seachd sábbóid do bhlíadhnuibh biáidh dhuitse na gceathrachad águs ná náoi mblíadhnaibh.
9
Annsin cuirfe tú fa deara stoc iubile do shéideadh, ar an deachmhadh lá don tseachdmhadh mí, a ló na síotha cuirfídhe an stoc dhá shéideadh ar feadh bhur gcríche uile.
10
Agus naomhochuidh tú an cáogadmhadh bliadhan, agus fuáigeortháoí sáoirse ar feadh na críche uile do nuile áitreabhach innte: biáidh na iubile agaibh; agus fillfe gach áon aguibh dá sheilbh féin, agus fulfidh gach áonduine aguibh chum a mhuintire féin.
11
Biáidh an cáogadmhadh blíadhan sin na iubile aguibh: ní chuirfídhe, agus ní bheanfuidhe an ní fhásas uaithe féin inte, agus ní chruinneocha inte cáora thfinéamhna gan deasughadh.
12
Oír is é sin an iubile; biáidh náomhtha agaibh: iostáoi a bhiseach amach as an machaire.
13
A mblíadhuin an iubhile so fillfidhe gach áonduíne aguibh dá sheilbh féin.
14
Agus má reacann tú éainni red chomharsuinn, nó má cheannchann tú éainní as láimh do chomharsann, ní sháireochtáoi a chéile.
15
Do réir uibhre na mbliadhan tar éis an iubile coinneochuidh tú ód chomharsuinn, águs do reir uibhre bhlíadhan na ttórtha reacfas sé riot:
16
Do réir iomad na mblíadhan méideochuidh tú a lúach sin, agus do réir laighead ná mhlíadhan laighdeochúidh tú a lúach: óir is é uibhir na blíadhan ttórtha reacfus seision riotsa.
17
Ar a nadhbharsin ní chuirfídhe a chéile síos; achd biáidh eagla do Dhé ort: óír is misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
18
¶ Uime sin do dhéantáoi mo statúidigh, agus coimhéadfuidhe mo bhreitheamhnus, agus do dhéantáoi íad; agus áiteochtháoi annsa dúthaigh gan fhaitchios.
19
Agus do bhéura an talamh a thoradh, agus íóstáoise bhur sáith, agus áiteochtháoi ann gan fhaitchios.
20
Agus má déartháoi, Créud íosam annsa seachdmhadh blíadhan? feuch, ní dhéanam síolchur, agus ní chruinneocham a steach ar mbiseach:
21
Ansin áitheonuidh misi dom bheannughadh theachd oruibh annsa seiseadh blíadhan, agus do bhéura toradh thrí mbliadhan úadh.
22
Agus cuirfidhe siol an tochdmhadh blíadhan, agus íostáoi fós don tseantoradh go nuige an náomhadh blíadhan; nó go ttig a tharbha a steach íostaoi don tseantoradh.
23
¶ Ní reacfuighear an fearann go síorruidhe: óir is liomsa an fearann; óir do bhádhbhairse bhur ccoimhighthibh agus bhur náos éanuáire am fhochairsi.
24
Agus ar feadh fhearuinn bhur seilbhe áontochtháosi fúasgladh ar a dúthaidh.
25
¶ Ma bhochduighear do dhearbrathair, agus go reacfuidh dhá sheilbh uadh, agus go ttiucfadh éanduine dá gháol dá fhúasgladh, annsin fuáisgeola sé an ní do reac a dearbráthair.
26
Agus muna raibh éanduíne ag an óglach fhúasglas é, agus go mbía féin cumhachdach ar a fhúasgladh;
27
Annsin áirmheadh sé blíadhna an reactha, agus aisigeadh an bárr do nóglach rer reac sé é; cor go ma héidir leis filleadh iona sheilbh féin.
28
Achd muna mbía cumhachdach ar aísiog dhó, annsin an ní do reac sé fuireóchtháoi a láimh an tí do cheannuigh é nó go ttí blíadhuin an iubile: agus rachuidh amach ionsa iubile, agus fillfidh seision iona sheilbh.
29
Agus má reacann duine tigh comhnuidhe a gcathruigh bhalla, annsin féaduigh sé a fhúasgladh a ccionn bhlíadhna go hiomlán tar éis a reaca; a gcionn bhlíadhna iomláine féaduigh sé a fhúasgladh.
30
Agus muna fhúascaltar é táobh a stigh do spás blíadhna iomláine, annsin an tígh bhías san cathruigh bhalla biáidh daingion go bráth ag an té cheannochus é ar feadh a shleachda: ní rachuidh amach annsa iubile.
31
Achd tighthe na mabaílteadh nach bíadh balla na ttimchioll measfuighear íad mar mhachaire ná tíre: is éidir a bhfúasgladh, agus rachuidh amach annsa iubilé.
32
Gidheadh caithreacha na Lebhíteach, agus tighthe caithreach a seilbhe, féadfuid na Leohítígh a bhfúasgladh gach éanuáir.
33
Agus má cheannchann duine ó na Lebhítibh, annsin an tígh do reacadh, agus cathair a sheilbhe, rachuid amach a mblíadhuin an iubilé: óir is íad tighthe chaithreach na Lebhíteach a sealbh a measc chloinne Israel.
34
Achd ní féadthar machaíre fothchaithreacha a gcaithreach do reic; óir is í sin sealbh shíorruidhe.
35
¶ Agus má bochduigheadh do dhearbráthair, agus go ttiutfidh a nainnisi agad; annsin tárthochuidh tú é: fós má bhíonn sé na choimhidhtheach, nó na oidhe; ionnus go bhféudfadh sé marthuin ad fhochair.
36
Ná glacsa úsúireachd nó biseach ar bíth nadh: achd bíodh eagla do Dhé ort; ionnus go bhféudfadh do dhearbhráthaír marthuin ad fhóchair.
37
Ní thiubhra tú thairgead dhó ar úsúireachd, agus ní áirlícfe tú dó bhiadh dhó ar bhiseach.
38
Is misi an TIGHEARNA bhur Ndía, thug amach as crích ná Hegípte sibh do thabhairt tíre Chánaain dháoibh, agus dom bheith am Dhía aguibh.
39
¶ Agus má tháinic do dhearbhráthair bhías láimh riot chum bochduine, agus go reacfuighear riot é; ní chuirfe tú dfíachaibh sir foghnamh dhuit amhuíl dhuíne dháor:
40
Achd amhuil sherbhíseach tuarusdail, agus mar oighidh bhías agad, agus foígheonuidh dhuit go blíadhuin an iubilé:
41
Agus annsin imeochuídh uait, aráon é féin agus a chlann maille ris, agus fillfidh chum theaghlach féin, agus fillfidh seision go seilbh a aithreadh.
42
Oír is íad mo sherbhísighsi íad, noch thug mé amach as crích na Hégipte: ní reacfuighear mar dháoinibh dáora íad,
43
Ní ríaghlocha tú ós a chíonn lé dibhfeirg; achd bíáidh éagla do Dhé ort.
44
Aráon do dháoirsineach fear, agus do dháóírsineach ban, noch bhías agad, béid do na geintibh atá ar gach táobh dhiot; is díobh sin cheinneochus tú fir dháora agus mna dáora.
45
Os a chionn sin do chloinn na gcoimhidhtheach bhías eanuáire bhur measc, uatha sin cheinneochaói, agus ó na dteaghlach bhías mar áon ribh, noch rugadh ann bhur ttír: agus béid na séilbh aguibh.
46
Agus glacfuidhe chugaibh íad mar oighreachd da bhur gcloinn bhur ndiáigh, da séalbhughadh mar oighreachd; beid na ndáoirsineachuibh aguibh go bráth: achd os cionn bhur ndearbhraithreach clann Israel, ní dhéantáoi nachdaránachd ar a chéile go díbhfheirgeach.
47
¶ Agus má fhásann oidhe nó coimhidhtheach sáidhbhir láimh riot, agus do dhearbhrathair chomhnuigheas láimh ris dfás bochd, agus go reacfuidh é féin ré hoidhe, nó re coimhidhtheach láimh riot, nó ré bunadh mhuinntire an chomhidhthigh:
48
Tar éis a reaca as éidir a fhúasgladh a rís; féudfuidh duine dá dhearbhráithribh a fhúasgladh:
49
Féaduigh dearbhráthair a athar, nó mac a dhearbhráthar a fhuasgladh, nó gach áonduine da bhfuil fógus a ngáoi dó dá chineadh is éidir dhó a fhúasgladh; nó ma thig sé dhe féin, féuduigh é féin dfúasgladh.
50
Agus do dhéana cuntas ris an té do cheannuigh é on bhlíadhuin ar reacadh ris é go bhlíadhuin an iubilé: agus biáidh lúach a reaca do réir uíbhre ná mblíadhan, dé reir aimsire ógláoich túarusdail bhías sé aíge.
51
Má bhíonn morán blíadhan ar gcúl fós, do bhéura dhó dá réir sin lúach a fhúascuilte as a nairgead air ar ceannchadh é.
52
Agus muna raibh achd beagán blíadhan go bliadhuin an iubile, annsin do dhéana cuntás ris, agus do réir a bhliadhan do bhéura dhó a rís lúach a fhúascailte.
53
Agus bíáidh sé aige do nós ógluídh túarasduil blíadhnamhuil: agus ní bhía ríaghladh díbhfeirgeach ag an bhfear eile ós a chionn ánn do radharc.
54
Agus muna bhfúascaltar ann sna blíadhnuibhsi é, annsin rachuidh amach a mbliadhuin an iubilé, é féin, agus a chlann leis.
55
Oír is agamsa atáid clann Israel na serbhíseachuibh; is íad mó sherbhísigh íad noch thug mé amach ás crích na Hégipte: misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
← Chapter 24
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 26 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27