bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 16
Leviticus 16
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 17 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise déis bháis dheisi mac Aáron, a nuáir do ofraladur a bhfíadhnuisi an TIGHEARNA, agus do éagadar;
2
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Labhair ré Haáron do dhearbhrathair, gan teachd gach éanuáir do náit náomhtha táobh a steach don fholach as coinne an tsuidhe thrócaire, noch atá ar a náirc; go nach bhfuigheadh bás: óir taisbéanfa misi mé féin annsa néull ar an tsuidhe thrócaire.
3
Mar so thiucfas Aáron sa náit náomhtha: maille ré bulóig óig mar ofráil pheacaidh, agus reithe mar ofráil loiscthe.
4
Cuirfidh sé uime an cóta náomhtha línéaduigh, agus béid na brístidhe línéaduigh ré na chroicionn, agus ar na chrioslúghadh lé crios línéaduigh, agus leis an míter línéaduigh éideochthar é: is éaduighe náomhtha iadso; uime sin nighfidh sé a fheóil a nuisce, agus annsin cuirfidh uime íad.
5
Agus tóigeobhuidh do chomhchruinniughadh cloinne Israel dá mheannan do na gabhruibh ar son ofrala pheaoaidh, agus áon reithe mar ofráil loiscthe.
6
Agus ofráilfidh Aáron a bhulóg na hofrála peacaidh noch bhías ar a shon féin, do dhéanamh síoth ar a shon féin, agus ár son a thighe.
7
Agus glacfuidh an dá ghabhar, agus taisbéanfuidh íad as coinne an TIGHEARNA ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh.
8
Agus cuirfidh Aáron crannchar ar an dá ghabhar; eadhon crann ar son an TIGHEARNA, agus crann ar son an ghabhair a rachus as.
9
Agus do bhéura Aáron leis an gabhar air ar thuit crannchair an TIGHEARNA, agus ofrálfuidh é mar ofráil pheacaidh.
10
Achd an gabhar, air ar thuit crannchair gur ab é an gabhar a léigthe as, bearthar beó as coinne an TIGHEARNA é, do dhéanamh síotha leis, agus leigfe dhó imtheachd mar ghabhar sháor fán bhfásach.
11
¶ Agus do bhéura Aáron bulóg na hofrála peacaidh leis, noch bhías ar a shon féin, agus do dhéana síth dhó fein, agus do thigh, agus muirfidh bulóg na hofrála peacaidh atá ar a shon féin:
12
Agus glacfuidh sionnsa lánn do smeorthóidibh teineadh ó a naltóir as coinne an TIGHEARNA, agus lan a ghlaice do thúis dheaghbholuidh brúite go mín, agus do bhéura táobh a stigh do nfolach é:
13
Agus cuirfidh an túis ar an teinidh a bhfíadhnuise an TIGHEARNA, chor go bhfoileochuidh néull na túise an suidhe trócaire atá ar an bhfíaghnuise, go nach bhfaghaidh bás:
14
Agus glacfuidh dfuil na buloige, agus croithfidh sé lé na mhéur ar an tsuidhe thrócaire í leath shoir; agus ar aghuidh an tsuidhe thrócaire croithfidh do nfuil seachd nuáire lé na mhéur.
15
¶ Annsin muirfidh gabhar na hofrála, peacaidh, bhías ar son an phobail, agus do bhéura a fhuil táobh a steach do nfolach, agus do dhéana ris an bhfuil sin mar do rinne sé ré fuil na bulóige, agus croithfidh í ar an suidhe trócaíre, agus ar aghuidh an tsuidhe thrócaire:
16
Agus do dhéanuidh síoth ar son an ionaid náomhtha, do bhrígh neamhghloine chloinne Israel, agus do chionn a saruighthe iona uile pheacadhuibh: agus do dhéana mar sin ar son thabernacuil an chomhchruinnighthe, noch chomhnuigheas na measc, a meadhón a neamhghloine.
17
Agus ní bhía éanduine a ttabernacuíl an chomhchruinnighthe a nuáir rachus sé a steach do dhéanamh na síodha annsa náit náomhtha, nó go dteig amach, agus go ndéarna síth ar a shon féin, agus ar son a thighe, agus ar son chomhchruinnighthe Israel uile.
18
Agus rachaidh amach chum na haltóra atá as coinne an TIGHEARNA, agus do dhéana síth ar a son; agus glacfuidh dfuil na bulóige, agus dfuil an ghabhair, agus cuirfidh ar bheannuibh na haltóra fá gcuáirt í.
19
Agus croithfidh do nfuil uirre lé ná mhéur seachd nuáire, agus glanfuidh í, agus náomhthochuidh í ó neamhghloine chloinne Israel.
20
¶ Agus a nuáir chuirfeas críoch ar dhéanamh síthe do náit náomhtha, agus do thabernacuil an chomhchruinnighthe, agus do naltóir, do bheura an gabhar beó leis:
21
Agus leagfuidh Aáron a dhá láimh ar chionn an ghabhair bheó, agus aideómhuidh ós a chionn olc chloinne Israel uile, agus a sárúighthe iona bpeacadhuibh uile, dá gcur ar chionn an ghabhair, agus cuirfidh ar siubhal é lé láimh dhuine iomchubhaidh fán bhfásach.
22
Agus iomchoruidh an gabhar air féin a néigceart uile go fearann gan áitreabh: agus léigfidh an gabhar uadha san bhfásach.
23
Agus tiucfaidh Aáron a ttabernacuil an chomhchruinnighthe, agus cuirfidh sé na héaduighe lín de, noch do chuir air a nuáir do chuáidh do náit náomhtha, agus fúigfidh annsin íad:
24
Agus nighfidh a fheoil le huisce an sa náit náomhtha, agus cuirfidh éadach air, agus rachfuidh amach, agus ofrálfuidh iodhbuirt loiscthe, agus ofráil loiscthe an phobail, agus do dhéana síoth dhó féin, agus don phobal.
25
Agus loiscfidh sé méathas na hofrála peacaidh ar a naltóir.
26
Agus an té do léig an ghabhar uadha mar ghabhar sháor nighfidh sé a éadach, agus fothruicfidh sé a fheóil a nuisce, agus na dhiáigh sin tiucfa sé don champa.
27
Agus an bhulóg ar son na hofrála peacaidh, agus an gabhar ar son na hofrála peacaidh, a ttugadh a bhfuil a steach do dhéanamh síodha annsa náit náomhtha, béurfuidh óglach amach as an ccampa íad; agus loiscfidh annsa teinidh a gcroicne, agus a bhfeóil, agus a notrach.
28
Agus an té loiscfeas íad nighfidh a éadach, agus fothruicfidh a fheóil a nuisce, agus na dhiáigh sin tiucfa don fhoslungphort.
29
Agus biáidh so na statúid go bráth aguibh: bhur nanmanna do chrádh ar an seachdmhádh mí, ar an deachmhadh lá don mhí, agus ní dhéantáoi obair ar áonchor, más do bhur ttír féin é, no coimhthidheach chomhnuigheas bhur measg:
30
Oír is ar an lá sin do dhéana an sagart síth ar bhur son, dá bhur nglanadh, lé mbeithí glan a bhfíaghnuise an TIGHEARNA ó bhur bpeacuighibh uile.
31
Biáidh sé na shábbóid shuáimhneasa aguibh, agus cráifidhe bhur nanmanna, lé statúid go bráth.
32
Agus an sagart ungfas, agus choisreógas sé chum miniostralachd a noifig an tsagairt a náit athar, is é do dhéanas an tsíth, agus cuirfidh an téadach lín air, an chuluidh náomhtha:
33
Agus do dhéana sith don tsanctóir náomhtha, agus do dhéana síth do thabernacuil an chomhchruinnighthe, agus don naltóir, agus do dhéana síth ar son na sagart, agus ar son phobuil an chomhthionóil uile.
34
Agus biaidh so na statúid shíorruidhe aguibh, do dhéanamh síodha do chloinn Israel ar son a bpeacuighibh uile uáir san mblíadhuin. Agus do rinne sé mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 17 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27