bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 8
Leviticus 8
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 9 →
1
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Mhaoise, dhá rádh,
2
Beir leachd Aáron agus a mhic maille ris, agus a néaduighe, agus an ola ungtha, agus bulóg chum na hofrála peacaidh, agus dha reithe, agus clíabh darán gan laibhín.
3
Agus cruinnigh an coímhthionól uile go dorus thabernacuil an chomhchruinnigh.
4
Agus do rinne Maóise mar do aithin an TIGHEARNA dhe; agus do chruinnigh an toireachdus a gcionn a chéile chum doruís thabernacuil an chomhchruinnigh.
5
Agus a dubhairt Maóise ris an gcoímthionól, Is é so an ní do aithin an TIGHEARNA do dheanamh.
6
Agus tug Maóise Aáron agus a mhic, agus do nigh le huisce íad.
7
Agus do chuir an cóta uime, agus do chuir crios thairis, agus do chuir an róba uime, agus do chuir an téphod air, agus do chriosuigh re crios cúiríalta a nephod é, agus do cheanguil leis sin uime é.
8
Agus do chuir sé an tuchdeadach air: agus do chuir annsá nuchdéadach an Urim agus an Tummim.
9
Agus do chuir an míter ar a cheann; ar a míter mar an gcéadna, éadhon ar éadan an mhíter, do chuir sé an pláta óir, an choiróin náomhtha; mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
10
Agus do ghlac Maóise an ola ungtha, agus do ungaidh an tabernacuil agus a raibh ann uile, agus do náomhadh iad.
11
Agus do chroith sé di ar a naltóir seachd nuáire, agus do unguidh a naltóir agus a soighithe uile, aráon an lábhéir agus a chos, da náomhadh.
12
Agus do dhóirt as an ola ungtha ar cheann Aáron, agus do ungaidh é, da náomhadh.
13
Agus tug Maóise mic Aáron leis, agus do chuir cótuidh orra, agus do chriosluidh íad lé creasannuibh, agus do chuir buinéid orra; mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
14
Agus tug leis an bhulóg ar son ofrála peacaidh: agus do leag Aáron agus a mhic a lámha ar chionn na bulóige chum ofrála an pheacaidh.
15
Agus do mharbh sé é; agus do ghlac Maóise a nfhuil, agus do chuir ar bheannuibh na haltóra fá gcúairt lé na mhéur í, agus do ghlan a naltóir, agus do dhóirt a nfuíl ag bonn na holtóra, agus do náomhadh í, do dheanamh aithshíothchána uirre.
16
Agus do ghlac a raibh do gheir ann a nionathar, agus an scairt ós cionn na náe, agus an dá dhubhán, agus a méathas, agus do loisc Maóise ar a naltóir íad.
17
Achd do loisc se re teinidh an bhulóg, agus a sheithigh, agus a feoil, agus a hothrach táobh a muich don champa; mar do aíthin an TIGHEARNA do Mhaóise.
18
¶ Agus tug an reithe leis chum na hofrála loiscthe: agus do chuir Aáron agus a mhic a lámha ar cheann an reithe.
19
Agus do mharbh sé é; agus do chroith Maóise a nfhuil ar a naltóir fá gcuáirt.
20
Agus do ghear sé an reithe na phíosuighibh; agus do loisc Maóise an ceann, agus na píosuidh, agus an gheir.
21
Agus do nigh an mionach agus na cosa a nuisce; agus do loisc Maóise an reithe uile ar a naltóir: do bhi na íodhbuirt loiscthe na bhaladh chúmhra, agus na hofráil déanta lé teinidh don TIGHEARNA; mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
22
¶ Agus tug an reithe eile leis, reithe an choisricthe: agus do leag Aáron agus a mhic a lámha ar cheann an reíthe.
23
Agus do mharbh sé é; agus do ghlac Maóise da fhuil, agus do chuir ar bhárr cluáise deise Aáron, agus ar ordóig a láimhe deise, agus ar ordóig a choise deise.
24
Tug fós mic Aáron, agus do chuir Maóise cuid do nfuil ar bhárr a ccluás deas, agus ar ordóguibh a lámh ndeas, agus ar ordóguibh a ccos ndeas: agus do chroith Maóise a nfuil ar a naltoir fá gcuáirt.
25
Agus do ghlac an gheir, agus an tiorbull, agus an gheir do bhí ar an mionach uíle, agus an sgairt ós cionn na náe, agus an dá dhubhán, agus an gheir, agus an slinnéun deas:
26
Agus do bhean áon bháirghean daran gan laibhín, as an gclíabh an tarán gan laibhin, do bhí as coinne an TIGHEARNA, agus cáca darán smeartha le hola, agus éan abhlann amháin, agus do chuir ar úachdar na geire, agus an tslineáin deis íad.
27
Agus do chuir sin uile ar lámhuibh Aáron, agus ar lámhuibh a mhac, agus do luáimnigh íad mar ófráil luáimnighthe as cóinne an TIGHEARNA.
28
Agus do ghlac Maóise as a lamhuibh íad, agus do loisc, ar a naltoir íad ar a nofráil loiscthe: do bhádar na gcois ricthibh do bhaladh chumhra: is ofráil sin déanta lé teinidh don TIGHEARNA.
29
Agus do ghlac Maóise an tuchd, agus do mháilligh é mar ofráil luáimnighthe a lathair an TIGHEARNA: óir do bi sin cuid Mhaóise do reithe án choisreactha; mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
30
Agus do ghlac Maóise cuid don ola ungtha, agus do nfuíl do bhí ar a naltóir, agus do chroith é ar Aáron, agus ar a éadach, agus ar a mhacaibh, agus ar éaduighibh a mhac maílle ris; agus do náomhuigh sé Aáron, agus a chuladh agus a mhic, agus culadha a mhac mar áon ris.
31
¶ Agus a dubhairt Maóise ré Haáron agus ré na mhacaibh, Bruithighe a nfeóil ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh: agus ithíghe ann sin í maille ris a narán atá a gclíabh na gcoisreacthadh, mar do aithin misi, dá rádh, Itheadh Aáron agus a mhic é,
32
Agus an fuigheall bhías ag a nfeóil agus ag a narán loiscfídhe lé teindih é.
33
Agus ní rachtáoi amach tar dhorus thabernacuil an chomhchruinnigh a seachd lá, nó gó rabhuid laéthe bhur gcoisricthe coimhlíonta: óir seachd lá bhias sé dá bhur gcoisreagadh.
34
Mar do rinne sé a niugh, is mar sin do aithin an TIGHEARNA a dhéanamh, do dhéánamh síodha dháoibh.
35
Uime sin anfuidhe ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh do ló agus doidhche seachd lá, agus coimhéadfuidhe cúram an TIGHEARNA, nach bhfaghtháoi bás: óir is mar sin do haithnigheadh dhióm.
36
Mar sin do rinne Aáron agus a mhic gach uile ní dar aithin an TIGHEARNA tré láimh Mhaóise.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27