bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 11
Leviticus 11
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 12 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise agus re Haáron, gá rádh riú,
2
Labhruidh re cloinn Israel, gá radh, Is iádso na beathaidh ióstaoi a measc na nainmhinteadh atá ar an talamh.
3
Giodh bé ar bíth roinneas a nionga, agus a bhfuil a chos scoilte, agus chognas a chíor, a measc na nainmhinteadh, ióstaoi sin.
4
Giodheadh ní ióstaoi iádso don mheíd chognas an chíor, na roindeas a nionga: mar atá an eámhall, do chionn go gcognann an chior, achd ní roinneann a nionga; atá sé neamhghlan dhaóibh.
5
Agus an coinín, do chionn go gcognann an chíor, achd ní rannann a nionga; atá sé neamhghlan dhaóibh.
6
Agus án gearrfhiadh, do chionn go gcognann an chíor, achd ní rannann a nionga; atá se neamhghlan dhaoibh.
7
Agus na muca, má tá go bhfuilid a ccosa scoilte, agus go rannann a nionga, ní chognuid an chíor; atáid neamhghlan dhaóibh.
8
Ní iostaoi dha bhfeóil, agus ní bheannfuidhe re na gconabluidh; atáid neamhghlan dhaóibh.
9
¶ Is iád so íostaoi, do nuile ní atá is na huisgidhibh: a nuile ni ar a bhfuilid éiteach agus sligneach annsna huisgidhibh, annsna fairgibh, agus annsna srothaíbh, iostaoi iádsin.
10
Agus a mheid ar nach bhfuil eiteach no lanna annsna fairgibh, agus annsna srothaibh, don mhéid corruigheas annsna nuisce, agus déinni béo dhá bhfuil sna huisgidhibh, béid adhfhuathmhar aguibh:
11
Béid síad na nadhfhúathmhaireachd aguibh; ní iostaoi dá bhféoil, achd biáidh a gcuirp na nadhfhúathmhaireachd aguibh.
12
Giodh bé ar bíth air nach bía eiteach nó lanna annsna huiscidhibh, biáidh sin na adhfhúathmhaireachd dhaóibh.
13
¶ Agus is íad so bhías an adhúathmhaireachd aguibh a measc na neun; ní hiostar íad, is adhfhuathmhaireachd íad: an tiolar, an préachán ceanann, an tiasgaire caírneach.
14
An badhbh, préachán na gcéarc do reír a chinnéil;
15
Gach uile fhíach do reír a chinéil;
16
Agus an tulchabhcan, agus an seabhac oidhche, agus an chúach, agus gach uile chinéul seabhaic.
17
Agus an tulchabhcan beag, agus an fiách mór, agus an tulchabhcan mór.
18
Agus a neala, agus an pelicán, agus an tiolar gréagach,
19
Agus an chorrghlas, agus an chorrghríann do reír a gcinéil, agus an filbín, agus a níaltóg leathair.
20
Gach uile éun ghluáiseas, ag imtheachd ceathair chosach, béid adhfhúathmhar dhaóibh.
21
Gidheadh féadfaói íadso dithe gach uile ní eitiollach shnáidheas gá bhfuilid ceithre chosa; ga bhfuilid cosa ós cionn a ttroigheach, lé lingid ar an talamh;
22
Iád so cheana is éidir libh a nithe; án lócuiste do réir a chinéil, agus an lócuiste ceanann mar bhíos a chínéil, agus an bunnán gon chinéil, agus an orsán guna chineil.
23
Achd a nuile ní éitollach gluáisteach, noch gá bhfuilid ceithre chosa, béid adhfhuathmhar dhaóibh.
24
Agus ar a son so béithi neamhghlan: giodh bé ar bith bheanas ré na cconabluidhe biaidh neamhghlan go tráthnóna.
25
Agus giodh bé ar bith iomchoras énni dá gconabluidh nígheadh a éadach, agus biáidh neamhghlan go tráthnona.
26
Cónablach gach uile ainmhídhe noch roinneas a nionga, agus nach biáidh a niónga scoilte, nó nach ccognann a chíor, atáid neamhghlan dhaóibh: gach uile dhuine dá mbeanfa ríu, biáidh sé neamhghlan.
27
Agus giodh bé ar bith imthigheas ar a chrobhuibh, a measc a nuile shórt beathach imthigheas a néinfheachd ceathair chosach, atáid neamhghlan díbh: gach áon bheanfas re na cconabluidh biáidh se neamhghlan go tráthnóna.
28
Agus an té iomchorus an conablach, nighfidh a éadach, agus biáidh neamhghlan go tráthnona: atáid neamhghlan dhaóibh.
29
¶ Biad só mar an ccéadna neamhghlan díbh measc na neitheadh ngluáisteach ghluáiseas ar an talamh; an easóg, agus an luch, agus an toirtóis gun a chinéil.
30
Agus an firéud, agus án camélion, agus a nearcluachta, agus an selíde, agus an talpa.
31
A táid so neamhghlan dhaóibh a measc an uile shnáidheas: giodh bé ar bith bheanas riu, a nuáir bhíd marbh, biaidh neamhghlan go tráthnóna.
32
Agus giodh bé ar bith ní ar a dtuitfidh énni dhíobh, a nuáir bhías marbh, biáidh sé neamhghlan; más soitheach croinn é, nó éadach, nó croicean, nó sac, nó giodh bé ar bith soitheach é, le ndéantar obair ar bith, caithfighear a chur a nuisce, biáidh néamhghlán go nóin; glanfuidhear mar sin é.
33
Agus gach uile shoitheach críadh, ann a ttuitfidh éainní dhíobh, giodh bé ar bith bhias ann biáidh sé neamhghlan; agus brisfidhe é.
34
A nuile bhíadh is éidir dithe, ar a rachaidh an tuisce sin biáidh sé neamhghlan: agus gach uile dheoch is éidir dól ann gach éantsoitheach mar sin biáidh sé neamhghlan.
35
Agus gach uile ní ar a ttuitfídh áoinní da gconabluidhe biáidh se neamhghlan; más bácús é, no rainnesidhe do photuibh, brisfíghear síos íad: óir atáid siad neamhghlan, agus béid neamhghlan dhaóibhse.
36
Thairis sin tobar nó curr, iona mbía go lór uisce, biáidh glan: achd an cuid bheanas re na gconabluidh sin, biáidh neamhghlan.
37
Agus ma thuiteann éanchuid da cconablach ar shíol cortha bhias chum a chora, biáidh sin glan.
38
Achd má cuirthear uisce ar bith ar a tsíol, agus go ttuitfidh aon chuid don chonabluidh ann, biáidh sé neamhghlan dhaoibh.
39
Agus ma éugann áoinbheathach, dar féidir libh ithe; an té bheanas re na chonabluidh sin biáidh sé neamhghlan go nóin.
40
Agus an té itheas da chonabluidh nigheadh a éadach, agus biáidh neamhghlan go nóin: an té mar an gcéadna iomchras a gconablach nighfidh a éadach, agus biáidh neamhghlan go nóin.
41
Agus gach uile ní snaidhtheach shnáidheas air an talamh biáidh na adhfhuathmhaireachd; ni híostar é.
42
Giodh bé ar bith imthigheas ar a mbolg, agus giodh bé ar bith ímthigheas ar cheithre cosaibh, nó giodh bé ar a bhfuil ní is mo do chosuibh a measc na nuile neitheadh shnáidhtheach snáidheas ar an talamh, ní híostar íad; óir a táid na nadhfhuamhaireachd.
43
Ni dhéantáoi sibh féin grisneamhuil lé héinni snáidhtheach shnáidheas, ní mó do dhéantaói sibh féin neamhghlan léo, lé ttruáilleochthaói sibh na dtáobh.
44
Oír is mise an TIGHEARNA bhur Ndía: ar an adhbharsin náomhthochthaoi sibh sibh féin, agus heithí naomhtha; óir atáimse naómhthá: ní mó thruaillfidhe sibh féin lé héantsórt neitheadh ngluáisteach noch ghluáiseas ar an talamh.
45
Oír is mise an TIGHEARNA do bheir a mách sibh as talamh na Hégipte, do bheith am Dhía aguibh: beithí ar an ádhbhar sin náomhtha; óir a táimsi náomhtha.
46
Asé so dligheadh na mbeathach, agus ná néun, agus gach uile chréatúir béo da gcorruighean annsna huiscidhibh, agus gach uile chréutúir dá ngluáisionn ar an talamh:
47
Do dhéanadh eidirdhealuighe idir an glan agus an neamhghlan, agus edir an mbeathach as éidir dithe agus an beathach nach éidir dithe.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27