bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 20
Leviticus 20
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 21 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA re Maoise, dhá radh,
2
Déara tú a rís, re cloinn Israel, Giodh bé ar bith do chloinn Israel, no do choimhidheachuibh chomhnuigheas a Nísrael, bhéurus éanni dá shíol do Mhólech; go deimhín báiseochthair é: chlochfuíd muinntir na tíre lé clochuibh é.
3
Agus suidhéochuidh misi maghaidh a naghaidh an duine sin, agus gearrfad a mach é as lár a dhaóine: do chionn go ttug cuid dá shíol do Mhólech, do thruailleadh mo shánctóra, agus do tharcuisníughadh manma náomhtha.
4
¶ Agus má cheilid daóine ná tíre ar mhodh ar bith a súile ón duine sin, a nuáir do bheir dá shíol do Mhólech, agus gan a mharbhadh:
5
Ann sin suidheacha misi maghaidh anaghaidh an duine sin, agus a naghaidh a mhuinntire, agus gearrfa mé a mach é, as lár a ndaóine, agus an mhéid leanfus a stríapachus é, do dhéanámh stríapachuis le Mólech.
6
¶ Agus an tanam ionntochus leis an druing ga mbídh leannáin síghe, agus a ndiáigh luchd fáistine, do dhul do stríapachus na ndiáigh, cuirfe mé cheana maghaidh a naghaidh a nanma, agus géarrfa mé as lár a muinntire íad.
7
¶ Náomhuidh sibh féin ar a nadhbhur sin, agus bíthi náomhtha: óir misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
8
Agus cuimhdéochthaoi mo statúidigh, agus do dheantaoi íad: misi an TIGHEARNA nóamhas sibh.
9
¶ Oír gach uile dhuine mhalluigheas á athair nó a mhathair báiseochthar é go demhin: do mhalluigh sé athair nó a mhathair; biáidh a fhuil air féin.
10
¶ Agus an té dhéanas adhaltrannas ré mnaói dhuine eile, do dhéanas adhaltrannus re mnaói a chomhársan, cuirfighear go demhin an tadhaltrannach fir agus mná cum báis.
11
¶ Agus an duine luidheas lé mnáoi a athar do léig tarrnochd a athar leis: báiseochthar íad a ráon go deimhin; biaidh a bhfuil orra féin.
12
Agus má luighionn duine lé mnáoi a mhic, cuirfíghear íad a ráon go demhin chum báis: do oibrígheadar buáidhirt; biáidh a bhfuil orra féin.
13
¶ Má luidheann fear mar an gcéadna le fear eile, mar luighios lé mnáoi, do rinneadar a ráon gráineamhlachd: báiseochthar go dearbhthá íad; biáidh a bhfuil orra féin.
14
¶ Agus má bheir fear bean agus a mathair, is peacadh gráineamhuil sin: loiscfíghear a tteinidh íad a ráon, eision agus íadsan; ionnus nach mbiáidh peacadh bhur measg.
15
¶ Agus ma luighionn fear lé beathach, báiseochthar eision go demhin: agus muirfighear an beathach.
16
Agus má thig bean a ngar beathuigh, agus luidhe síos dó, muirfe tú an bhean, agus an beathach: cuirfighe go demhin chum báis íad; bíaidh a bhfuil orra.
17
¶ Agus má bheir duine a dheirbhshíur, inghean a athar, nó inghean a mathar, agus go bhfaicfe a tárnochd, agus go bhfaicfe sisi a thárnochdsan; is droch ní sin; agus gearrfuighear a mach íad a radharc a muinntire: do léig sé tarnochd a dheirbhsheathrách leis; iomchóruidh sé a choir.
18
¶ Agus má luighinn fear lé mnáoí a mbia a tinneas uirre, agus go léigfidh a tárrnochd leis; do thaisbean sé a tobar, agus do léig sisi tobar a fola leis: agus gearrfuighear íad aráon a mach ó bheith a measc a muinntire.
19
Agus ní leigfe tú tárnochd dheirbhsheathar do mhathar leis, nó dearbhsheathar hathar: óir leígidh a ghaol fogus leis: íomchóruid síad a ccoir fein.
20
Agus má luighionn fear lé mnáoi dhearbhrathar a athar, do léig sé tárrnochd dhearbhrathar athar leis: biáidh a bpeacadh orra; do gheabhaid bás gan chloinn.
21
Agus má bheir duine bean a dhearbhráthar, is ní neamhghlan sin: do léig sé ris tárrnochd a dhearbhrathar; béid gan chloinn.
22
¶ Uime sin cuimhdeochtháoi mo statúididh uile, agus mo bhreitheamhnuis uile, agus déanaidh íad: ionnus nach sceithfeadh an fearann, iona bhfuilim dá bhur ttabhairt do chomhnuighe, sibh.
23
Agus ni shiubholtuighe a mbéasuibh an chinidh, noch theilgimsi amach romhuibh: óir do rinneádar na neithesi uile, agus ar a nádhbharsin do fhuaithigh misi íad.
24
Achd a dubhairt mé ribhsi, Gheabhtháoi óighreachd a ndúthuíghe, agus do bhéara misi dhíbh é da shealbhughadh, fearann líonas do mhil agus do bhainne: misi an TIGHEARNA bhur Ndía, noch do dhealuigh sibh ré daóinibh oíle.
25
Ar a nádhbharsin cuirfighe dithfhir idir ainmhidhibh ghlana agus neamhghlana, agus edir éanlaith neamhghlan agus glan: agus ní dhéantáoi bhur nanmanna adhúathmhar lé beathach, nó lé héanuibh, no lé ní ar bith béo shnámhas ar an talumh, noch do scar misi ribh mar neamhghloine.
26
Agus beithí náomhtha dhamhsa: óir misi an TIGHEARNA a táim náomhtha, agus do dhealuigh mé sibhsi ó dháoinibh eile, ionnus gó mbeithí agum féin.
27
¶ Mar an gcéadna fear no beán aga mbía spiorad tathuightheach, nó bhías na fáistineach, cuirfighear go demhin chum báis íad: géabhuid do chlochuibh orra: bíaidh a bhfuil orra féin.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27