bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 22
Leviticus 22
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 23 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, dhá rádh,
2
Labhair ré Haáron agus ré na mhacaibh, íad féin do sheachna ar neithibh náomhtha chloinne Israel, agus gan mainm náomhthasa do thruáilleadh ann sna neithibh náomhthochuid dhamh: misi ann TIGHEARNA.
3
Abair ríu, Giodh bé ar bith dá bhur síol uile a measc bhur ngeinealach, rachus chum na neithe náomhtha, noch náomhuid clann Israel don TIGHEARNA, ar mbeith a neamhghloine air, geárrfuighear an tanum sin a mach as mo radharcsa: is mísi an TIGHEARNA.
4
Giodh bé ar bith duine do shliochd Aáron bhias na lobhar, nó ar a mbía créachd shilteach; ní íósfuidh sé do na neithibh náomhtha nó go raibh sé glan. Agus giodh bé ar bith bheanas re héinni neamhghlan ó mharbh, nó ó dhuine a nimthighionn a shíol uadh;
5
Nó giodh bé ar bith bheanas ré héinni snáidhtheach, lé ndéantar neamhghlan é, nó ré duine ó bhfuigheadh salchar, giodh bé ar bith salchar, bhías air;
6
An tanum a bheanas re heinni don tsórt sin biáidh salach go nóin, agus ní iósuidh do na neithibh náomhtha, achd muna nighfidh a chorp le huisce.
7
Agus a núair rachas an ghrían faói, biadh sé glan, agus íosuidh na dhiáigh sin do na neithibh náomhtha; do chionn gur bí sin a bheatha.
8
An ní do gheibh bás uádh féin, nó réubthar lé beathachuibh, ní íosuid da salcha féin leis: is misi an TIGHEARNA.
9
Coimhéudfuid uime sin mordúghadh, deagla go mbíadh na phéacadh dhóidh, agus go bhfaighdís bas thríd, dá dtruáilldís é: misi an TIGHEARNA náomhas íad.
10
Ní íosuidh éanchoimhidheach don ní náomhtha: fear éanuáire don tsagart, nó serbhiseach túarusdail, ní íosuidh don ní náomhtha.
11
Achd má cheannchann an sagart éanduine lé na chuid airgid, íosuidh sé dhe, agus an té rugadh iona thigh: iosuídh siad dhá bhiadh.
12
Má phóstar inghean an tsagairt mar an gcéadna le coimhidheach, ní fhéadann sí ithe dofráil na neitheann náomhtha.
13
Achd má bhíonn inghean an tsagairt na baíntreabhuigh, nó dealuighe, nó nach bía clan aice, agus go bhfillfidh sí go tígh a hathar, do nós a haoise óige, íosuidh sí do bhíadh a hathar: achd ní íosfuidh éancoimhidheach dhe.
14
¶ Agus má ithionn duine don ni náomhtha gan fhios dhe, annsin cuirfidh an cúigeadh cuid de na chionn, agus do bhéura don tsagart é, maille ris an ní náomhtha.
15
Agus ní thruáillfid neithe náomhtha chloinne Israel, noch ofráluid don TIGHEARNA;
16
Ní mó fhuileonguidh úalach a bpeacaidh orra fa sharughadh, a nuáir íosuid na neithe náomhtha: óir is misi an TIGHEARNA náomhas íad.
17
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, dá rádh,
18
Labhir re Haáron, agus ré, na mhacuibh, agus ré cloinn Israel uile, agus abair ríu, Giodh bé ar bith é do chloinn Israel, nó do na coimhidhthibh a Nisrael, ofráilfios íodhbuirt ar son a mhóideann uile, agus ar son a ofrálach toileamhla uile, noch ofráilfid don TIGHEARNA mar ofráil loiscthe;
19
Ofrailfidhe dá bhur ttoil féin firionnach gan toibhéim, do na buáibh, nó do na caórchuibh, nó do na gábhruibh.
20
Achd giodh bé ar bith ar a bhfuil toibhéim, ní ofrálfuidhe sin: óir ní géabhthar ar bhur son é.
21
Agus giodh bé ar bith ofrálas ofráil íodhbartha shíothchána don TIGHEARNA do chomhall a mhóide, no ofrail áontadhach do bhuáibh no do chaorchuibh, bíaidh iomlan ré na ghlacadh; ní bhía toibhéim ar bith air.
22
Doille, nó briseadh, nó ciorrbhadh, no air a mbía sineach, nó claimh, nó gearba, ní offráilidh íadso don TIGHEARNA, agus ní dhéantáoi ofráil lé téinidh dhíobh don TIGHEARNA ar a naltóir.
23
Achd bulóg nó úan áir a mbía iomarcaidh, nó easbhuigh ar a bhalluibh, féaduigh tú sin díodhbuirt mar ofráil thoilteanuigh: achd ní ghéubhthar é ar son móide.
24
Ni ofrálfuidhé don TIGHEARNA an ni bhías brúite, nó comhbrúite, nó briste, nó geárrtha; ní mó dhéana sibh ofráil ar bith dhe ion bhur bhfearann.
25
Ní mó ofráilfidhe bíadh bhur Dé as láimh choimhighthigh déainní dhíobhso; do chionn bhfuil a morgadh féin ionta, agus go bhfuilid ainmhe orra: ní ghéubhthar ar bhur son íad.
26
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, ghá rádh.
27
A nuáir do bhéurthar bulog, nó cáora, nó gabhar, ann sin biáidh seachd lá faói na mathair; agus ó nochdmhadh lá agus uadh sin amach géubhthar é mar ofráil déanta lé teinidh don TIGHEARNA.
28
Agus mas do bhoin nó do chaoirigh bhías sí, ni mhuirfe tú í féin agus a hóg maraon a néanló.
29
¶ Agus a nuáir ofráilfidh íodhbuirt bhuidheachuis don TIGHEARNA, ofrailfidh da bhur ttoil féin í.
30
Iósfuighear súas án lá sin féin í; ní fhúigfidhe éinní dhi go maidin: misi an TIGHEARNA.
31
Uime sin coimhéadfuidhe maitheanta, agus do dhéantaoi íad: misi an TIGHEARNA.
32
Ní mó thruáillfidhe mainm náomhtha; achd biaidh mé ar mo naomhadh a measc chloinne Isráel: misi an TIGHEARNA náomhas sibh,
33
Thug a mách as crích na Hégipte sibh, dom bheith bhru Ndía: misi an TIGHEARNA.
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 23 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27