bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 26
Leviticus 26
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 27 →
1
Ni dhéantaoi dháoibh féin íodhuil ar bith nó iomháigh ghrábhalta, ní mó chuirfeas sibh súas íomháigh sheasmhach, ni mó chuirfidhe én iomháighe chloiche súas ionbhur bfearann, do chromadh sios di: oir misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
2
Coinneochuidhe mo shábboid agus ónóruidhe mó shanctóra: misi an TIGHEARNA.
3
¶ Má shíubhluighthí ann mo statúidibh, agus maitheanta do choimhéud agus a ndéanamh;
4
Annsin do bhéura mé fearthuinn dhibh na ham féin, agus do bhéura an talamh a bhíseach, agus do bhéaruidh croinn an mhachaire a ttoradh.
5
Agus béaruidh bhur mbúaladh go ham an nfhínfhoghmhair, agus sinuigh an nfhinfhoghmhair gus an síolchur: agus iostáoi bhur narán go madh lán, agus áiteochtháoi íonbhur nduthaigh go daingean.
6
Agus do bhéura misi síothcháin ánnsa tír, agus luidhfighe síos, agus ní chuirfe éandunie eagla oruibh: agus coiscfidh mé droíchbheathaígh don dúthaigh, ní mó rachas an cloidheamh tré bhur bhfearann.
7
Agus leanfuidhe bhur naimhde, agus tuitfid romhuíbh ris an ccloidheámh.
8
Agus brisfidh cuigear aguibhsi ar chéad, águs cuirfe céad dhíbhsi míle chum teithmhe: agus tuitfid bhur námhuid romhaibh leis an gcloidheamh.
9
Oír biáidh meas agum oruibh, agus do dhéana mé síolmhar sibh, agus méideocha mé sibh, agus daingnéochaidh mé mo chunnradh ribh.
10
Agus íostáoi an sean lónn, agus do bhéurtháoi an sean amach do bhrígh an lóinn nuadh.
11
Agus suidheocha mé mo thabernacuil bhur measc; agus ní bhíaidh gráin ag manam oruibh.
12
Agus síubholuidh me bhur measc, agus beidh me am Dhía aguibh, agus beithíse bhur bpobal agamsa.
13
Is misi an TIGHEARNA bhur Ndia, noch thug amach sibh as crích na Hégipte, chor nach mbeidh sibh bhur ndaoirsineachuibh áca; agus do bhris mé cuibhríghe bhur gcuinge, agus thug mé oruibh imtheachd go díreach.
14
¶ Gidheadh muna éistí rium, agus nach ndéantáoi na haitheanta so uile;
15
Agus má tharcuisnighthí mo statúidígh, nó má bhíonn gráin ag bhur nanam roimh mo bhreitheamhnus, íonnus nach ccoimhlíonfáoi maitheanta uile, achd go mbrisfídhe mo chunnradh:
16
Do dhéana misi mar an gceadna so ribhse; cuirfe me critheagla oruibh, cnáoi agus fíabhrus tinntighe, noch chnáoidhfeas na súile, agus do bhéura doilghios croidhe: agus cuirfidhe bhur síol go díomháoin, óir is íad bhur námhuid íosas é.
17
Agus cuirfe misi maghuidh bhur naghuidh, agus muirfighear roimhe bhur námhaid sibh: an drong air ar beag síbh í íad ríghfios os bhur gcionn; agus teithfidhe a nuáir nach mbeídh éanduine dá bhur ttóruigheachd.
18
Agús muna néistighe riom fós ar a shon so uile, annsin píanfa mé sibh seachd nuáire eile ar son bhur bpeacaidh.
19
Agus réubtha mé néart bhur núabhair; agus do dhéana mé bhur neamh amhail íarann, agus bhur talamh amhail phras:
20
Agus caithfídhe bhur neart go díomháoin: oir ní thiubhra bhur bhféarann a shochar, ní mó do bhearuid croinn na talmhan á ttoradh.
21
¶ Agus má shiubhluighthí contrárdha dhamhsa, agus nách éisdfidhe rium; do bhéura mé seachd nuáire eile tuilleamh plaighe oruibh do réir bhur bpeacadh.
22
Cuirfe me mar an gcéadna béathachuigh allta bhur measc, noch shladfas sibh fá bhur gcloinn, agus mhuirfeas bhur náirnéis, agus do dhéanas tearc a nuibhir sibh; agus béidh bhur slighthe móra na bhfásach.
23
Agus muna ttigthí ar bhur nais leis na neithibhsi, achd go siubholfáoi contrárdha dhamhsa;
24
Annsin siubholuidh misi mar an gceadna contrárdha dháoibhsi, agus smachdeocha mé fós seachd nuaíre eile sibh ar son bhur bpeacadh.
25
Agus dó bhéura mé cloidhiomh oruibh, dhigheólus cúis mo chunnartha: agus a nuáir chruinneochtháoi a bhfochair á chéile a stigh ion bhar gcaithreachaibh, cuirfe me an phláigh bhur measc; agus seachódthar a láimh na námhad sibh.
26
Agus a nuáir bhrisfeas mé bata bhur naráin, bruithfidh deithneamhar ban bhur narán a néanbhácus amháin, agus do bhéaruid bhur narán díbhsi ar na thomhas: agus íostáoi agus ní bheithí sáthach.
27
Agus muna éistí riomsa ar a shon so uile, achd síubhal contrárdha dhamh;
28
Annsin siubhóluígh misi ionbhur naghuidhsi a bhfeirg mhóir; agus misi, eadhon misi féin, smaichdeochus sibh seachd nuáire ar son bhur bpeacaidh.
29
Agus íostáoi féoil bhur mac, agus feóil bhur ninghion íostáoi.
30
Agus scríosfa misi bhur náite árda, agus gearrfa mé síos bhur níomhaighe, agus teilgfe mé bhur gconablach ar chonablachuibh bhur niodhal, agus fuaitheochuidh manam sibh.
31
Agus do dhéana mé bhur gcaith reacha na bhfásách, agus do bhéura mé bhur sanctóra chum uáíguis, agus ní bhoiltneacha me boladh bhur mboltanuis ndeaghbholuidh.
32
Agus do bhéura mé an tír chum uáignis agus bhur náimhde áiteochus innte: biáidh úamhán orra fán ní sin.
33
Agus scainnreocha mé sibh a measc ná ngenteadh, agus tairreonga mé cloidheamh amách bhur ndiáigh: agus biáidh bhur ndúthaigh uáigneach, agus bhur gcaithreacha na bhfasach.
34
Annsin choinneochus an talamh a sabbóidigh, an fad bhías se folamh, agus beithíse a ttír bhur námhad; is annsin shuáimhneochus an talamh, agus buáidheochtháoi a sabbóidigh.
35
An feadh bhías sé gan áitreabh biáidh suáimhneach; do chionn narshuáímhnigh sé ionbhur sabbóidibhsi, in feadh do chomhnuigheabhair féin ann.
36
Agus cuirfe mé loige a gcroidhthibh an mheid fhúicfíghear beó aguibh a ccríochuibh a námhad; agus cuirfe torann an duílleabhair a tteitheamh íad; agus teithfid, mar do theithfidís roimhe cloidheamh; agus tuitfid a nuáir nach bía éanduine dhá leánmhuin.
37
Agus tuitfid ar muin a cheile, amhuil do dhéandáois roimhe chloidhiomh, a nuáir nach mbiáidh éanduíne na ndiáigh: agus ní bhéidh cumas aguibh a lathair bhur námhad.
38
Agus tuitfídhe a measc na ngennteadh, agus íosuidh talamh bhur námhad súas sibh.
39
Agus an mhéid mhairfeas dhíbh seargfuid ann a nolc a ttír a námhad; agus már an gcéadna a ccoirthibh a náithreadh seargfuid meille riú.
40
Má admhuid siád a neagceart, agus éacceart a naithreadh, maille ré na sárughadh léur sháruigheadar a maghaidhsi, agus mar an gcéadna gur shiubhluigheadar contrárdha dhamh;
41
Agus gur shíubhuil misi contrárdha dhóibhsion, águs go ttug mé a ttír a námhad íad; annsin má bhíd a gcroidhthe neamhthimchillghéarrtha umhall, agus go nglacfuid pionús a nuilc:
42
Ann sin cuimhneocha misi mo chunnradh ré Iácob, agus mar an gcéadna mo chunradh ré Hisaac, agus cuimhneochá mé mar an ccéadna mo chunradh ré Habraham; agus cuimhneocha mé an dúthaigh.
43
Thairis sin fúicfidh síad an tír, agus géubhuidh sí a sábbóidigh, an feadh bhías uáigneach gan íadsan inte: agus géubhuidh síad pionús a néigceirt: do chionn, eadhon do chionn gur tharcuisnígheadar mo bhreitheamhnuis, agus do chiónn gur fhúathaigh a nanam mo statúidigh.
44
Gidheadh fós ar a shon sin, a nuáir bhéid síad a ttír a námhad, ní theilgfe mé seachad íad, agus ní mó fhuathochus mé íad, dá scrios thríd amach uile, agus do bhriseadh mo chunnartha ríu: oir is misi an TIGHEARNA a Ndía.
45
Achd cuimhneocha mé ar a sonsan cunradh a sinnsear, noch thug mé a mach as crích na Hégipte a radharc na ngenteadh, Ionnus go mbéinn am Dhía aca: is misi an TIGHEARNA.
46
Is íad so na statúide agus na breitheamhnuis águs na dlighthe, noch do rinne an TIGHEARNA ider é féin agus clann Israel a slíabh Sínái lé láimh Mhaóise.
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 27 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
Recommended Reading
Commentary
Leviticus Commentaries
→
Devotional
Leviticus Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→