bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 18
Leviticus 18
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 19 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, dá rádh,
2
Labhair re cloinn Israel, agus abair riú, Is misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
3
Ní dhéantáoi do réir gníomhartha chriche na Hégipte, mar ar áitigheabhair: agus do réir oibreach thíre Cánaain, iona bhfuilim dhá bhur ttabhairt, ní dhéantáoisi: ní mó imeochtháoi lé na nórduighthibh.
4
Do dhéantáoi mó bhreitheamhnuisi agus coimhéadfuidhe morduighthe, ag síubhal ionta: is misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
5
Coimhéadfuidhe ar a nadhbharsin mo statúidigh, agus mo bhreitheamhnuis: noch má ní duine, mairfidh sé ionnta: misi an TIGHEARNA.
6
¶ Ní thiucfa éanduine aguibh a ngar áoin dá mbía ngáol fhogus dáoibh, chum a ttárnochd dfoillsiughadh: mísi an TIGHEARNA.
7
Tarrnochd hathar, nó tárrnochd do mhathar, ní léigfe tú leis: is í do mhathair í; ní léigfe tú a tárrnochd leis.
8
Ní léigfe tú tárrnochd mhná háthar leis: is í sin tárrnochd hathar.
9
Tárrnochd do dheirbhsheathrach, inghean hathar, nó inghean do mhathar, más annsa tigh béarthar í, nó a muigh, ní léigfe tusa cheana a ttárrnochd ris.
10
Tárrnochd inghine do mhic, nó inghine hinghine, a ttárrnochd sin umurro ní léigfe tú ris: oir is í do thárrnochdsa a ttárrnochdsan.
11
Tárrnochd inghine mhná hathar, do gineadh ód athair, is í do deirbhshíur í, ní léigfe tu leis a tárrnochd.
12
Ní léigfe tú tárrnochd dheirbhsheath rach hathar ris: is í bean fhogus gháoil hathar.
13
Ní léigfe tú náire dheirbhsheathrach do mhathair leis: óir is í bean fhogus gháoil do mhathar í.
14
Ní léigfe tú tárrnochd dhearbhráthar hathar leis, ní racha tú a ngar a mhná: óir is í bean dearbhráthar hathar í.
15
Ní léigfe tú tárrnochd do bhainchleamhna leis: is í bean do mhic í; ní leigfe tú a tárrnochd leis.
16
Ní léigfe tú tárrnochd mhná do dhearbhrathar leis: is í sin tárrnochd do dhéarbhrathar.
17
Ní léigfe tú tárrnochd mna agus a hinghine leis, agus ní thiubhra tú inghean a mic, nó inghean a hinghine, chum a ttárnochd dfoílsíughadh; óir is íad a mná foigse gáoil sin íad, is coir é.
18
Ni mó bhéurus tú bean a gcionn a deirbhsheathar, dá buáireadh, chum a tárrnochd dfoilsiughadh, táobh a muigh don mhnáoi eile, ar feadh a beatha.
19
Mar an gcéadna ní racha tú a ngar mhná do choimhríachduin ría, an feadh bhías ar na cur ar leith ar son a neamhghloinne.
20
Tuilleamh eile, ní luighfe tú go colluidhe lé mnáoi do chomharsan, dot thruáilleadh féin lé.
21
Agus ní léigfe tú déanduine dot shliochd dul thríd an teinidh go Mólech, ní mó dhísbeagfas tú ainm don Dhé: misi an TIGHEARNA.
22
Ní luighfe tú le cinéul feardha, mar an gcinéul mbanda: is gráineamhlachd é.
23
Ní mó luighfeas tú le beathtach ar bith dot thruáilleadh féin leó: ni mó fhanfas bean ag beathach ar bith do luidhe lé: ís damnadh é.
24
Ná truáillidh sibh féin a neinní do na neithibhsi óir is ionta so uile do truáilleadh ná dáoine do theilg mé amach romhuibh.
25
Agus ata an talamh truáillidhthe: uime sin agruimsi a choir féin air, agus atá an talamh féin a sceith a dhúthchusuidh dhe.
26
Coimheódtáoi ar a nadhbharsin mo statúidigh agus mó bhreitheamhnuis, agus ní dhéantáoi éinní do an néithibh graineamlasa; ceachtar duine dá bhur ttír féin, nó an coimhidhtheach chomhnuigheas bhur measc:
27
(Oír do rinneadar muinntir na tíre an ghráineamhlachdsa uile, noch do bhí romhuibhsi, agus atá an talamh truáillighthe;)
28
Cor nach sceithfidh an talamh sibhsi amach mar an gcéadna, a nuair thruiaillfidh sibh é, mar do sceith na cineadhacha do bhí romhuibh ann.
29
Oír gidh bé ar bith dhéanas éainní do nadhúathmhuireachdso, eadhon na hanmanna do ní íad gearrfuighear amach ó na muinntir íad.
30
Ar a nadhbharsin coimhéadfuidhe morduighese, cor nach déantáoi éainní do na gnáthuighthibh gráineamhlasa, do rinneadh romhuibh, agus nach dtruáillthí sibh féin ionta: misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 19 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27