bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 13
Leviticus 13
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 14 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise agus re Háaron, dhá rádh,
2
A nuáir bhías ag éanduine, at nó gearb, nó léus a ccroiceann a fhéola, agus go mbía a gcroiceann a fhéola, amhuil plágha lubhra; bearthar an sin chum Aáron an sagart é, nó go mac dhá mhacaibh, bhías na shagairt:
3
Agus féachfuidh an sagart ar an loit a gcroicionn a fhéola: agus má iompóigheann na fionnadh ban annsa loit, agus go mbía an loit nios doimhne re a faicsin ná croiceann a fhéola, is loit lubhra sin: agus féachfuidh an sagart air, agus fúaigéoruidh a bheith neamhghlan.
4
Dá bhionn an léus bán a ccroiceann a fhéola, agus ré faicsin nach bía ní is doimhne ná an croicionn, agus nách ionntochuidh a fhionnadh bán; ann sin íadhuidh an sagart ar an té ar a mbía an loit seachd lá:
5
Agus féuchfuidh an sagart air an seachdmhadh lá: agus, féuch, ma bhí an loit an amharcsan ag fuireach, agus nach leithneochuidh annsa chroícionn; annsin druidfidh an sagart air seachd lá eile:
6
Agus féuchfuidh an sagairt air a rís an seachdmhadh lá: agus, féuch, má bhíonn an loit réad éigin dorcha, agus nach leithneochuidh an loit annsa chroicionn, ann sin fuáigeoruidh an sagart a bheith glan: ní bhfuil ann achd léus: nifidh sé a éadach, agus biáidh glan.
7
Achd má leathnuigheann an léus a mach go mór annsa chroicionn, tar éis a faicsiona don tsagart ar son a ghlanta, féuchfuidh an sagart air a rís:
8
Agus má chí an sagart sin, féuch, go leithneochuidh an léus ansa chroicionn, annsin fuáigeoruidh an sagart neamhghlan é: is lúbhra í.
9
¶ A nuáir bhías loit na lúbhra a nduine, ann sin béarthar chum an tsagairt é;
10
Agus féuchfuidh an sagart aír: agus, féuch, má bhíonn an tat bán annsa chroicionn, agus go diontochuidh sé an fionnadh bán, agus go mbiá feóil bhéo dhearg annsa nat;
11
Is seanlúbhra sin a gcroicionn a fhéola, agus fuáigéoruídh an sagart neamhghlan é, agus ní chuirfidh a steach é: óir atá neamhghlan.
12
Agus má bhrisíonn an lúbhra a mach ar fud an chroicinn, agus go bhfoileochuidh an lúbhra an croicionn uile an té ar a mbía an loit óna chionn go nuige a chosa, ann gach áonbhall a bhféuchfuidh an sagart;
13
Ann sin measfuidh an sagart: agus, féuch, má dfoluigh an lúbhra a chorp uile, fuáigeoruidh sé glan an té ar a mbía an lúbhra: do hionntóidh sé uile bán: atá se glan.
14
Achd a nuáir fhásas feóil dearg ann, biáidh sé salach.
15
Agus féuchfuidh an sagart ar an bhfeóil dheirg, agus fuáigéoruidh é do bheith neamhghlan: óir atá a nféóil déarg neamhghlan: is lúbhra í.
16
No má ionntóigheann a nfeóil dearg a rís, agus go ttiucfa chum bheith bán, tiucfa sé chum an tsagairt;
17
Agus féuchfuidh an ságart air: agus féuch, má ionntóigheann an loit ar bheith bán; an sin fuáigeoruidh an sagart glan an té ar a mbía an loit: atá se glan.
18
¶ A nfeóíl mar an gcéadna, noch a raibh an neascóid iona croicionn, agus do leighisiodh.
19
Agus a náit na neascóide go mbía at bán, no ballscóid shiollseach, bhán, agus gné dheirge ann, agus go ttaisbéantar don tsagart é;
20
Agus, a nuáir do chífe an sagart é, féuch, má bhionn a fhaicsin ní is ísle nó an croiceann, agus go diontochuidh a fhionnadh bán; foillseochuídh an sagart neamhghlan é: is loit lúbhra é ar na briseadh a mach ó neascóid.
21
Achd má féachann an sagart air, agus féuch, nach bía fionnadh ar bith bán air, agus muna raibh ni is ísle nó an croiceann, achd go mbía ní éigin dorcha air; annsin druidfidh an sagart air seáchd lá:
22
Agus má leithnuigheann go mór a mach annsa chroicionn, ann sin fuáigeoruidh an sagart neamhghlan é: is loit sin.
23
Achd má fhanann an bhallscóid shoillseach na áit, agus gan leathnughadh dhó, is neascóid loiscneach í; agus fuáigeora an sagart glan é.
24
Nó má bhionn feóil ar bith san chroicionn, as a ttiucfa teas loiscneach, agus a nfeóil béo bhías da loscadh go mbia guirín bán loinreach innte, ní éigin dearg, no bán;
25
Ann sin féuchfuidh an sagart air: agus féuch, má athruigheann an fionnadh ann sa ghuirín shoillseach bán, agus go mbía ré a fhéachuin ní is doimhne nó an croicionn; is lúbhra í ar mbriseadh a mach as an lassadh: uime sin fuáigéoruidh an sagart neamhghlan é: a sé sin loit na lúbhraidh.
26
Achd má féuchann an sagart air, agus féuch, nach bía fionnadh bán ar bith annsa nguirín shoillseach, agus nach bí ní is ísle nó án croicionn eile, achd go mbía ní éigin dórcha air; annsin druidfidh an sagart air go ceann sheachd lá:
27
Agus féuchfuidh an sagart air an seachdmhadh lá: agus má leathnuigheann go mór annsa chroicionn, an sin fuáigeoruidh an sagart neamhghlan é: a sé sin loit na lúbhra.
28
Agus má fhanann ann bhallscóid shoillseach na áit féin, agus gan leathnughadh fa chroicionn, achd go mbi ní éigin dorcha; is at lasta é, agus fuáigeoruidh an sagart glan é: óir is ainteas lasta é.
29
¶ Má bhíon an loit ar fhear nó ar mhnáoi iona gceann nó san bhfeasóig;
30
Annsin féuchfuidh an sagart an loit: agus féuch, má chí ní is isle nó an croicionn é; agus go mbí fionnadh tana buidhe innte; annsin fuáigeoruidh an sagart neamhghlan é: is carruídhe thirim í, eadhon lubhra ar an gcionn nó ar an bhféusóig.
31
Agus má fhéuchann an sagart ar an loit carruigh, agus féuch, muna raibh nís doímhne annsa chroicionn, agus nach bía grúag dhubh ar bith innte; annsin iadhadh an sagart ar an té ar a mbía an phláigh charruidhe seachd lá:
32
Agus an seachmhadh lá féuchfuidh an sagart ar an loit: agus feuch, muna leathnuighidh an charruidhe, agus nach bíaidh grúag bhuidhe ann, agus nach bía an carruidhe a radharc nís isle nó an croicionn;
33
Bearrfuighear é, achd ní bhéarrfa sé an charruidhe; agus druidfidh an sagart ar an tí air a mbí an charruidhe seachd lá eile:
34
Agus an seachmhadh lá féuchfuidh an sagart ar an gcarruidhé: agus féuch, muna leathnuighidh an charruidhe an sa chroicionn, nó a bhfaicsin nís doimhne nó an croicionn; annsin foillseochuidh an sagart glan é: agus nighfidh a éadach, agus bíaidh glan.
35
Achd má leathnuigheann an charruidhe go mór ansa chroicionn tair éis a ghlanta;
36
Annsin féuchfuidh an sagart air: agus féuch, má leathnuigeann an charruidhe annsa chroicionn, ná híarradh an sagart gruág bhuidhe; atá sé neamhghlan.
37
Achd má bhíonn an charruidhe re fhéachuinn comhnuidhtheach, agus go bfásfuidh grúag dhubh súas innte; atá an charruidhe slán, atá sé glan: agus fuágeoruidh an sagart glan é.
38
¶ Má bhíonn ar fhior nó ar mhnáoi mar an gcéadna builgléasach shoillseach a gcroicionn a bhfeóla, eadhon builgléasach bán soillseach;
39
Annsin féuchfuidh an sagart: agus féuch, má bhíonn an bhuilgléusach a gcroicionn a bhfeóla bán dorcha; bánléusa teasbhuidh íad fhasas annsa chroicionn; atá sé glan.
40
Agus an duine a ttuíteann a ghrúag dá cheann, bí sé máol; gidheadh atá sé glan.
41
Agus an té a ttuiteann a ghrúag dá chean leath ré na aghaidh, atá sé máoiléadanach: gidheadh atá sé glan.
42
Agus má bhíonn iona cheann máol, nó iona mbáoiléadan, créachd bán dearg; is lúbhra sin do fhás súas iona chionn máol, no iona mháoiléadan.
43
Annsin féuchfuidh an sagart air: agus féuch, má bhíonn at an chréachda bán déarg iona mháoilchionn, nó iona mháoiléadan, mar thaisbeanus an lúbhra a gcroicionn ná feóla;
44
Is fear lubhair é, atá sé neamhghlan: foillseochuidh an sagart thrid amach neamhghlan é; atá loit iona cheann.
45
Agus an lubhar iona mbía an loit, brisfíghear éadach, agus biáidh á cheann nochduidh, agus cuirfidh folach ar a phuisín úachdarach, agus fuaígeoruidh, Neámhghlan, neamhghlan.
46
Na huile láethe a mbía an loit ann, biáídh sé salach; atá sé neamhghlan: comhnochuidh ná aonar; táobh a muich don champa bhías áitreabh.
47
An téadach mar an gcéadna iona mbía loit na lúbhra, más éadach olla é, nó éadach lín;
48
Mas a ndlúth, nó a ninneach bhías; do líon, nó doluinn; más a gcroicionn, nó a ní ar bith do níthear do chroicionn;
49
Agus go mbía an loit uáine nó dearg ansa néadach, nó annsa chroicionn, annsa dlúth, nó annsa ninneach, nó a neinní do chroicionn; is loit lúbhra é, agus foillseochthar don tsagart é:
50
Agus féuchfuidh an sagart ar a loit, agus druitfidh ar an ní a mbía an loit seachd lá:
51
Agus féuchfuidh ar an loit an seachdmhadh lá: má leathnuigheann an loit sa néadach, san dlúth, nó sa ninneach, nó a ccroicionn, nó a nobair ar bith do níthear do chroicionn; is lúbhra chrínteach an loit; atá sé neamhghlan.
52
Loiscfidh sé an téadach sin uime sin, más dlúth nó inneach é, a noluinn nó a linéadach, nó a néainní do chroicionn iona mbía an loit: óir is lúbhra crínteach é; loiscfíghear a tteinidh é.
53
Agus má fhéuchann an sagart, agus féuch, muna leathnuighidh an plagh annsa néadach, annsa dlúth, no annsa ninneach, nó a néainní don chroíceann;
54
Annsin fuáigeoruidh an sagart an ní ar a bhfuil an loit do nighe agus cuirfidh fá íadhadh é seachd lá eile:
55
Agus féuchfuidh an sagart ar an loit, a ndiáigh a nighthe: agus féuch, munar áthruigh an loit a dath, agus nar leathnuigh an loit; atá sé neamhghlan; loiscfidh tú annsa teinidh é; atá sé cnaidhteach táobh a stigh, más lom a stigh nó a muigh é.
56
Agus má fhéuchann an sagart, agus féuch, go mbía an loit ní eigin dorcha tar éis a nighthe; annsin brisfidh sé amach as a néadach é, no amach as an gcroicionn, nó as a ndlúth, nó as a ninneach:
57
Agus má thaisbeanann sé fós annsa néadach, nó annsa dlúth, nó annsa ninneach, nó a néainni do chroicionn; is loit leathnuighthe é: loisgfídh tú an ni sin iona mbía an loit le teinidh.
58
Agus an téadach, más dlúth nó inneach, nó gidh bé ar bíth ní do chroicionn da mbía, noch nighfeas tú, má fhágbhann an loit íad, annsin nighfighear an dara huáir íad, agus biáidh glan.
59
Is é so dlighidh loite na lúbhra a néadach olla nó lín, annsa dlúth, nó annsa ninneach, no a néainní do chroicnibh, dá fhúagra glan, nó dá fhúagra neamhghlan.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27