bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 14
Leviticus 14
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 15 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, dhá rádh,
2
Budh é so dligheadh an lobhair a ló a ghlanta: do bhearthar chum an tsagart é:
3
Agus rachuidh an sagart amach as an bhfoslongphort; agus féuchfuidh an sagart é, agus féuch, má bhíonn loit na lúbhra léigheasta anna lobhar;
4
Annsin do bhéura an sagart fá deara dha éun do ghabhail beó agus glan, don tí bhías ré a ghlanadh, agus connadh cé dair, agus scárláoid, agus íosoip:
5
Agus aitheonuidh an sagart éun dhíobh do mharbhadh a soitheach chríaidh ós cionn uisce reatha:
6
Ar son a neóin bheó, glacfuidh é, agus an connadh céadair, agus an scárláoid, agus an tiosoip, agus tumfuidh íad agus an téun beó a bhfuil a neóin do mharbhadh ós cionn a nuisce reatha:
7
Agus croithfidh ar an tí bhías ré ghlanadh on lúbhra seachd nuáire é, agus foillseochaidh é bheith glan, agus scáoilfidh amach an téun beó fán machaire réidh.
8
Agus nighfidh an té bhías ré ghlanadh éadach, agus béarfuidh a fhionnadh uile dhe, agus nighfidh é féin a nuisce, chor go mbia glan: agus na dhiáigh sin tiucfa do nfhoslungphurt, agus fanfuídh a muich as a lóistin seachd lá.
9
Achd is ar an seachdmhadh lá, bhéarrfas a fhionnadh uíle dá cheann agus da fhéasóig agus do mhailghibh a shúl, eadhon bearrfuidh a fhionnadh uile dhe: agus nighfidh a éadach, nighfidh fós a fheóil a nuisce, agus biáidh sé glan.
10
Agus annsa nochdmhadh lá glacfuidh sé dhá úan fhirionna gan chaidhe, agus úan buinionn don chéadbhhadhuin gan cháidhe, agus trí deachmhadh cuid do phlúr mhín mar ofráil bhídh, cumaischte le hola, agus éan log ola.
11
Agus an sagart do dhéanas glan é béaruidh se an duine bhías ré ghlanadh, agus na neithesin, do lathair an TIGHEARNA, ag dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe:
12
Agus glacfuidh an sagart éanúan firionn, agus ofrálfuidh é mar ofráil sháruighthe, agus an log ola, agus croithfidh íad mar ofráil luáimnigh do láthair an TIGHEARNA:
13
Agus muirfidh sé án túan annsa náit a muirfidh a nofráil pheacaidh agus a nofráil loiscthe, annsa náit náomhtha: óir mar is leís an tsagart a nofráil pheacaidh, is leis mar sin a nofráil sháruighthe: atá sí ró náomtha:
14
Agus glacfuidh an sagart cuid dfuil ofrála an tsáruighthe, agus cuirfidh an sagart sin ar bharr cluáise deise an té bhías ré ghlanadh, agus ar ordóíg a láimhe deise, agus ar ordóig a choise deise:
15
Agus glacfidh an sagart cuid don log ola, agus dóirtfidh ar chlár a dhéarnoide clé féin í:
16
Agus tumfuidh an sagart a mhéar deas annsa nola atá iona láimh chlé, agus croithfidh a nola lé ná mhéur seachd nuáire an coinne an TIGHEARNA:
17
Agus cuid eile do nola atá iona láimh cuirfidh an sagart ar bhár cluaise deise an té bhías ré ghlanadh, agus ar ordóig a láimhe deise, agus ar ordóig a choise deise, ar fhuil na hofrála sáruighthe:
18
Agus fuigheall na hola bhias a láimh an tsagairt dóirtfidh sé ar cheann an tí bhías ré ghlanadh: agus do dhéana an sagart síoth ar a shon a lathair an TIGHEARNA.
19
Agus ofráilfidh an sagart a nofráil pheacaidh, agus do dhéana sith ar son an tí bhías ré ghlanadh ó na neámhghloine; agus na dhiáigh sin muirfidh a nofráil loiscthe.
20
Agus ofráilfidh an sagart ofrail loiscthe agus a nofráil bhídh ar a naltóir: agus do dhéana an sagart síth ar a shon, agus biáidh glan.
21
Agus má bhíonn bochd, agus nach bhfuighe an oiread sin; annsin glacfuidh éan úan amháin mar ofráil sháruighthe ré na chrothadh, do dhéanamh síthe dhó, agus áoindeachmhadh cuid do phlúr mhín chumaiscthe le hola mar ofráil bhídh, agus log don ola;
22
Agus dhá thurtuire, nó dhá cholum óga, an ní is éidir leis a fhagháil; agus biáidh eun díobh na ofráil pheacaidh, agus an dara héan na ofráil loiscthe.
23
Agus do bhéura leis an tochdmhadh lá íad ar son a ghlanta chum an tsagairt, go dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe, a bhfíaghnuise an TIGHEARNA.
24
Agus glacfuidh an sagart úan na hofrála sáruighthe, agus an log ola, agus croithfidh an sagart íad mar ofráil chroitthe as coinne an TIGHEARNA:
25
Agus muirfidh sé úan na hoffrála sáruighthe, agus glacfuidh an sagart cuid dfuil na hofrála saruighthe, agus cuirfidh é ar bhárr chuáise deise an té bhías re ghlanadh, agus ar ordóig a láimhe deise, agus ar ordóig a choise deise:
26
Agus dóirtfidh an sagart do nola ar chlár dhéarnoide clé féin:
27
Agus dóirtfidh an sagart lé ná mhéur deas cuid do nola bhías iona láimh chlé seachd nuáire a bhfíadhnuise an TIGHEARNA.
28
Agus cuirfidh an sagart do nola bhías iona láimh uadha ar chluáis deis an té bhías ré ghlanadh, agus ar ordóig a láimhe deise, agus ar ordóig a choise deise, ar áit fuil na hofrála sáruighthe:
29
Agus an chuid eile do nola bhías a láimh an tsagairt cuirfidh sé ar cheann an té bhías re ghlanadh, do dhéanamh siodha dhó a bhfíaghnuisi an TIGHEARNA.
30
Agus ofrálfuidh áon do na héanuibh turtuire, nó do na columuibh óga, gidh bé aca gheabhas sé;
31
Eadhon an ní fhéadfas dfagháil, áon ar son ofráil peacaidh, agus an dara héun ar son ofrála loiscthe, maille ris a nofráil bhídh: agus do dhéana an sagart síth ar son an té bhías ré ghlanadh as coinne an TIGHEARNA.
32
As é so dligheadh an té iona mbía loit na lúbhra, agus nach bhfuil do chumus na láimh an ni bheanas ré na ghlanadh dfagháil.
33
¶ Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise agus ré Háaron, dha rádh,
34
A nuáir thiucfuidhe go tír Chanáin, noch do bheirimsi dháoibh mar sheilbh, agus chuirfeas mé loit na lubhra a ttigh da bhur bhfearann seilbhe;
35
Agus go ttiucfa an té ler leis an tigh agus inneosa sé don tsagart, dá rádh, Do chíthéar dhamhsa mar do bhíadh pláigh annsa tigh:
36
Annsin fuáigeoruidh an sagart dóibh an tigh fholmhughadh, suil rachus an sagart a steach ann dféachuin na loite, chor nach deantaoi a mbía annsa tigh uile neamhghlan: agus na dhiáigh sin rachuidh an sagart a sdeach dféuchum an tighe:
37
Agus féuchfuidh ar an loit, agus feuch, mas a mballuidhibh an tighe bhías an loit lé stríochuibh tolla, glasamhla no gné dheirge, noch is ísle ré a fhéuchuin nó an balla;
38
Annsin rachuidh an sagart amach as an ttigh go dorus an tighe, agus druidfidh súas an tigh seachd lá:
39
Agus tiucfuidh an sagart a ris an seachdmhadh lá, agus féuchfuidh: agus ma leathnuigheann an loit a mballuibh an tighe;
40
Annsin aitheonuigh an sagart dhiobh ná clocha do bhuáin as iona mbía an loit, agus teilgfidh amach a náit shalaidh íad táobh a muich don chathruigh:
41
Agus do bhéura fá deara an tigh do scriosadh fa gcuáirt táobh a stigh, agus dóirtfidh amach an lúaithreadh scriosfuidh síad dhe táobh amach don chathruigh a náit neamhghloin:
42
Agus glacfuidh clocha eile, agus cuirfidh a náit na gclochsin íad; agus glacfuídh moirtéul eile, agus pláistreochuidh an tigh.
43
Agus ma thig an loit a ris, agus go mbrisfidh amach annsa tigh, tar éis na gcloch do bhuáin as dó, agus tar éis an tighe do scríobhadh, agus tar éis a dhóbalta;
44
Annsin tiucfuidh an sagart agus féuchfuidh, agus féuch, má leathnuigheann an loit annsa tigh, is lúbhra crínteach é annsa tigh: atá neamhghlan.
45
Agus brisfidh síos an tigh, a chlocha, agus adhmad, agus moirtéul an tighe uile; agus iomchóruidh amach as an gcathruigh íad chum ionaid neamhghlan.
46
Os a chionn so gidh bé ar bith rachus a steach san tigh ar feadh na haimsire ata druite súas biaidh neamhghlan go nóin.
47
Agus an té luighfeas annsa tigh nighfigh a éadach; agus an té iosas annsa tigh nighfidh a éadach.
48
Agus má thig an sagart a steach agus féachuin air, agus féuch, muna ar leathnuigh an loit annsa tigh, tar éis an tighe do phlástráil: annsin fuáigeoruidh an sagart an tigh glan, do chionn gur leighiseadh an loit.
49
Agus glacfuidh sé do ghlanadh an tighe, dhá éun, agus maide cédair, agus scárlaoid, agus íosoip;
50
Agus miurfidh éun díobh a soitheach chríaidh os cionn uisce reatha:
51
Agus glacfuidh an maide cédair, agus an íosoip, agus a scárláoid, agus an téun beó, agus tumfuidh íad a bhfuil a néun mhairbh, agus annsa nuisce reatha, agus croithfidh san tigh seachd nuáire é.
52
Agus glanfuidh an tigh lé fuil a neóin, agus leis a nuisce reatha, agus leis a néun bheó, agus leis an maide cédair, agus leis a níosoip, agus leis a scárláoid:
53
Achd léigfidh do néun bheó imtheachd amach as an gcathruigh chum an mhachaire réidh, agus do dhéana sé síth don tigh: agus biáidh glan.
54
As é so dligheadh gach uile shórt loite lúbhra, agus charra,
55
Agus do lúbra éaduigh, agus tighe,
56
Agus ar at, agus ar gheirb, agus ar bhallscóid shoillsigh:
57
Da theagasg a nuáir bhías neamhghlan, agus a nuáir bhías glan: a sé so dligheadh na lúbhra.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27