bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Leviticus 17
Leviticus 17
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 18 →
1
Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, dá rádh,
2
Labhair ré Háaron, agus ré na chloinn, agus re cloinn Israel uile, agus abair riú; Is é so an ní do aithin an TIGHEARNA, dá rádh,
3
Gidh bé ar bith duine bhías do thigh Israel, mhuirfeas damh, no úan, nó gabhar, annsa champa, nó mhuirfeas táobh a muich don champa,
4
Agus nach dtiubhra go dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe é, do ofráil íodhbartha don TIGHEARNA as coinne thabernacuil an TIGHEARNA; cuirfighear fuil a leith an fhirsin; do dhóirt sé fuil; agus gearrfuighear an duine sin amach ó mheasg a dháoine:
5
Ar chor go ttiubhraidís clann Israel a níodhbartha, noch ofráilfid ar an machaire a muigh, eadhon go dtubhradís iad don TIGHEARNA, go dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe, chum an tsagairt, agus go nofráilfid mar ofráluibh síotha don TIGHEARNA íad.
6
Agus croithfidh an sagart a nfuil ar altóir an TIGHEARNA ag dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe, agus loisgfidh an méathas mar bhaladh deaghbholaidh don TIGHEARNA.
7
Agus ní ofráilfid nís mó a níodhbartha do dhíabhluibh, a ndiáigh ar imthigheadar lé stríapachus. Biáidh so na statúid aca go bráth ar feadh a ngeinealach.
8
¶ Agus déara tusa riú, Gidh bé ar bith duine do thigh Israel, nó do na coimhighibh bhíos ar cuáirt eadruibh, ofráilfeas ofráil loiscthe nó íodhbuirt.
9
Agus nach dtiubhra go dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe é, dá ofráil don TIGHEARNA; gearrfuighear cheana an té sin amach as lár a mhuinntire.
10
¶ Agus gidh bé ar bith duine bhías da thigh Israel, nó da na coimhighibh bhíos ar cuáirt bhur measg, itheas éainghné fhola; cuirfidh misi umarro maghaidh a naghaidh a anma sin itheas fuil, agus gearrfa mé amach ó na dháoinibh é.
11
Oír is annsa bhfuil atá anam na feóla: agus tug misi dháoibhsi í ar a naltóir do dhéanamh síodha dá bhur nanmannuibh. Oir a sí a nfuil do ní síth ar son a nanma.
12
Uime sin a dubhairt mé le cloinn Israel, Ni íosaidh áonduine aguibh fuil, ní mó íosas áonchoimhightheach fuil, do chomhnuigheas bhur measc.
13
Agus gidh bé ar bith duine bhías do chloinn Israel, nó do na coimhightheachuibh chomhnuigheas bhur measc, do ní fíadhach agus bheireas ar bheathach nó ai éun is éidir ithe; dóirtfidh amach a fhuil sin, agus foileochuidh lé luáithreadh í.
14
Oír is í beatha gach uile fheóla i; is ar son a bheatha bhíos a fhuil: is uime sin a dubhairt mé re cloinn Israel, Ní íostáoi fuil fheóla ar bith: óir ís í a fhuil anam gach uile fheóla: gidh bé ar bith íosas í gearrfuighear amach é.
15
¶ Agus gach uile anam íosas a nfeóil fuáir bás uáithe fein, nó do mharbhadh lé beathachaibh, más duine dot thír féin é, nó coímhidhtheach, nighfidh aráon éadach, agus fothruicfídh é fein a nuiscthe, agus biáidh neamhghlan go nóin: annsin biáidh sé glan.
16
Achd muna nighfidh sé íad, nó a chorp do fhothrughadh; annsin iomchóruidh sé a choir.
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27