bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 1
Genesis 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 2 →
1
I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh.
2
Fásach folamh a ba ea an talamh agus bhí dorchadas ar aghaidh an duibheagáin, agus bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n-uiscí.
3
Dúirt Dia: «Bíodh solas ann,» agus bhí an solas ann.
4
Chonaic Dia gur mhaith é an solas, agus scar Dia an solas ón dorchadas.
5
Thug Dia «lá» ar an solas agus «oíche» ar an dorchadas. Ba shin an chéad lá, an nóin agus an mhaidin.
6
Dúirt Dia: «Bíodh firmimint i lár na n-uiscí agus scaradh sí na huiscí óna chéile.»
7
Rinne Dia an fhirmimint agus scar sé na huiscí a bhí faoin bhfirmimint ó na huiscí a bhí os a cionn. Agus bhí sin amhlaidh.
8
Thug Dia «neamh» ar an bhfirmimint. Ba shin an dara lá, an nóin agus an mhaidin.
9
Dúirt Dia: «Tagadh na huiscí go léir atá faoi neamh le chéile san aon áit amháin, agus bíodh an talamh tirim le feiceáil.» Agus bhí sin amhlaidh.
10
Agus thug Dia «tír» ar an talamh tirim, agus «farraigí» ar na huiscí le chéile. Chonaic Dia gur mhaith sin.
11
Dúirt Dia: «Tugadh an talamh an fásra uaidh: An lusra lena shíol, an crann toraidh lena shíol ina thoradh, gach ceann de réir a chineáil ar an talamh.» Agus bhí sin amhlaidh.
12
Thug an talamh an fásra uaidh: lusraí lena síol de réir a gcineáil, crainn toraidh lena síol ina dtoradh, de réir a gcineáil. Chonaic Dia gur mhaith sin.
13
Ba shin an tríú lá, an nóin agus an mhaidin.
14
Dúirt Dia: «Bíodh soilse i bhfirmimint neimhe chun an lá a scaradh ón oíche, agus bídís mar chomharthaí, do shéasúir, do laethe agus do bhlianta.
15
Bídís ina soilse i bhfirmimint neimhe ag taitneamh ar an talamh.» Agus bhí sin amhlaidh.
16
Rinne Dia dhá sholas mhóra, an solas is mó chun an lá a rialú agus an solas is lú chun an oíche a rialú, agus na réaltaí mar an gcéanna.
17
Chuir Dia i bhfirmimint neimhe iad le taitneamh ar an talamh,
18
chun an lá agus an oíche a rialú agus an solas a scaradh ón dorchadas. Chonaic Dia gur mhaith sin.
19
Ba shin an ceathrú lá, an nóin agus an mhaidin.
20
Dúirt Dia: «Bíodh rath ar na huiscí le hiomad dúl beo, agus bíodh éanlaith ar eitilt os cionn na talún faoi fhirmimint neimhe.»
21
Chruthaigh Dia na míola móra agus gach uile dhúil chorraitheach bheo de réir a chineáil a chin ó rath na n-uiscí, agus an uile chineál éin a eitlíonn. Chonaic Dia gur mhaith sin.
22
Bheannaigh Dia iad á rá: «Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire, agus líonaigí uiscí na bhfarraigí; agus téadh an éanlaith i líonmhaire ar talamh.»
23
Ba shin an cúigiú lá, an nóin agus an mhaidin.
24
Dúirt Dia: «Tugadh an talamh uaidh gach uile dhúil bheo de réir a chineáil, eallach, péisteanna agus ainmhithe allta.» Agus bhí sin amhlaidh.
25
Rinne Dia an uile chineál ainmhí allta, an uile chineál eallaigh, an uile chineál péiste. Chonaic Dia gur mhaith sin.
26
Dúirt Dia: «Déanaimis an duine ar ár ndeilbh féin, ar ár gcosúlacht féin, agus bíodh tiarnas acu ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir, ar an eallach, ar an talamh go léir, agus ar na péisteanna go léir a shníonn ar an talamh.»
27
Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin, ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é. Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad.
28
Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: «Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.»
29
Dúirt Dia: «Féach! Thugas daoibh gach uile lus le síol dá bhfuil ar chlár na talún, agus gach uile chrann le síol ina dtoradh; iadsan a bheidh ina mbia agaibh.
30
Mar bhia ag na hainmhithe allta go léir, ag éanlaith an aeir go léir, agus ag na péisteanna go léir a bhogann ar talamh tugaim glas gach fáis.» Agus bhí sin amhlaidh.
31
Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith. Ba shin an séú lá, an nóin agus an mhaidin.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50