bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 33
Genesis 33
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 32
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 34 →
1
D' ardaigh Iacób a shúile agus d' fhéach uaidh agus seo Éasau chuige le ceithre chéad fear. Scaip sé na leanaí ar Léá, ar Ráchael agus ar an mbeirt ionailt.
2
Chuir sé an bheirt ionailt agus a leanaí ar tosach, agus Léá agus a leanaí ina ndiaidh, agus Ráchael agus Iósaef ar deireadh.
3
Ghabh sé féin rompu amach agus shléacht sé go talamh seacht n-uaire sular tháinig sé i láthair a dhearthár.
4
Ach rith Éasau ina choinne, theann lena ucht é, chaith é féin ar a mhuineál, phóg é agus na deora leis.
5
Ar ardú a shúl do Éasau, chonaic sé na mná agus na miondaoine. «Cé hiad seo i do theannta?» ar sé. «An chlann a bhronn Dia ar do shearbhónta,» arsa Iacób.
6
Ansin tháinig na hionailtí agus a gclann i láthair agus shléachtadar.
7
Ansin tháinig Léá i láthair mar an gcéanna lena clann agus shléachtadar go léir. Ar deireadh tháinig Iósaef agus Ráchael i láthair agus shléachtadar.
8
Dúirt Éasau: «Cén chiall atá agat leis na sluaite go léir a casadh orm?» «Chun dea-mhéin a thuilleamh i láthair mo mháistir, iadsan,» a fhreagair Iacób.
9
«Ach, a bhráthair,» arsa Éasau, «tá mo dhóthain agamsa. Coinnigh duit féin a bhfuil agat.»
10
«Cuir uait,» arsa Iacób, «má tá fabhar faighte agam i do láthair, glac leis an mbronntanas seo ó mo láimh. Óir, de dhéantús na fírinne, tháinig mé i radharc do ghnúise amhail is dá mba i ngnúis Dé, ach ghlac tú chugat mé le dea-mhéin.
11
Glac leis an mbronntanas a thug mé chugat dá bhrí sin; bhí Dia fial liom agus tá mo dhóthain agam.» D' áitigh sé air sa tslí sin agus ghlac sé leis.
12
«Cuirimis chun siúil agus ar aghaidh linn,» arsa Éasau ansin, «agus treoróidh mé thú.»
13
Ach arsa Iacób leis: «Tá a fhios ag mo mháistir go bhfuil na leanaí leice agus nach mór dom a bheith cáiréiseach leis na tréada agus leis na táinte nuabheirthe. Má thiomáintear ró-dhian iad ar feadh oiread agus lá, gheobhaidh an stoc go léir bás.
14
Imíodh mo mháistir ar aghaidh, lena thoil, roimh a shearbhónta, agus leanfaidh mé é go mall réidh, de réir mar a oireann don stoc atá á dtiomáint agam agus do na leanaí, go dtí go dtiocfaidh mé suas le mo mháistir i Saeír.»
15
Ansin dúirt Éasau: «Lig dom cuid den mhuintir atá i mo theannta a fhágáil farat.» D' fhreagair seisean: «Cén gá atá leis sin? Níl uaim ach do dhea-mhéin a thuilleamh, a mháistir.»
16
Lean Éasau ar aghaidh dá bhrí sin an lá sin ar an mbealach go dtí Saeír.
17
Agus shroich Iacób Sucót agus thóg teach dó féin agus rinne sé scáileáin dá airneis; uime sin a fuair an áit an t-ainm Sucót (Scáileáin).
18
Tháinig Iacób slán folláin go cathair Sheicim i dtír Chanán ar theacht dó as Padan Arám, agus shuigh sé a champa os comhair na cathrach.
19
Agus an láthair ar ar chuir sé suas a bhoth cheannaigh sé í ar chéad bonn airgid ó chlann Hamór, athair Sheicim.
20
Thóg sé altóir ansiúd ar ar thug sé «Éil, Dia Iosrael».
← Chapter 32
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 34 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50