bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 3
Genesis 3
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 4 →
1
Ba ghlice an nathair nimhe ná aon ainmhí allta dá ndearna an Tiarna Dia agus dúirt sí leis an mbean: «An ndúirt Dia libh gan ithe de thoradh aon chrainn sa ghairdín?»
2
Dúirt an bhean leis an nathair nimhe: «Ní miste dúinn toradh na gcrann sa ghairdín a ithe:
3
ach toradh an chrainn atá i lár an ghairdín, dúirt Dia faoi: 'ná hithigí é agus na bainigí leis le heagla go bhfaigheadh sibh bás'.»
4
Agus dúirt an nathair nimhe leis an mbean: «Ní bhfaighidh sibh bás, ní bhfaighidh sin!
5
Óir is eol do Dhia an lá a íosfaidh sibh dá thoradh sin, go n-osclófar bhur súile agus go mbeidh sibh cosúil le déithe agus fios na maitheasa agus an oilc agaibh.»
6
Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d' ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d' ith sé é.
7
Osclaíodh a súile araon agus chonaiceadar go rabhadar nocht agus d' fhíodar duilleoga fige lena chéile agus rinneadar brait íochtair dóibh féin.
8
Chualadar fuaim an Tiarna Dia agus é ag siúl sa ghairdín i bhfionnuaire an lae agus chuaigh an fear agus an bhean i bhfolach ón Tiarna Dia i measc na gcrann sa ghairdín.
9
Ach ghlaoigh an Tiarna Dia ar an bhfear: «Cá bhfuil tú?» ar sé leis.
10
D' fhreagair sé: «Chuala mé do ghuth sa ghairdín agus bhí eagla orm mar go raibh mé nocht, agus chuaigh mé i bhfolach.»
11
«Cé dúirt leat,» ar seisean, «go raibh tú nocht? An ag ithe a bhí tú den chrann a d' aithin mé duit gan ithe de?»
12
«An bhean a thug tú dom mar chéile,» arsa an fear, «ise a thug toradh as an gcrann dom, agus d' ith mé é.»
13
Agus dúirt an Tiarna Dia leis an mbean: «Cad é seo atá déanta agat?» D' fhreagair an bhean: «Mheall an nathair mé agus d' ith mé.»
14
Dúirt an Tiarna Dia leis an nathair: «De bhrí go ndearna tú an rud seo go raibh mallacht ort thar an eallach go léir, thar na hainmhithe allta go léir; beidh tú ag sní ar do bholg agus ag ithe cré, gach lá de do shaol.
15
Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.»
16
Dúirt sé leis an mbean: «Méadóidh mé go mór ar do thinneas ag breith clainne. Béarfaidh tú clann agus tinneas ort. Beidh mian chun do chéile ort ach beidh sé i gceannas ort.»
17
Dúirt sé leis an bhfear: «De bhrí gur thug tú cluas do ghuth do mhna, agus gur ith tú de thoradh an chrainn ar aithin mé duit gan a ithe: Go raibh mallacht ar an talamh de do chionn. Faoi dhoilíos a shaothróidh tú do chuid de, gach lá de do shaol.
18
Sceacha agus feochadáin a thabharfaidh sé duit, agus íosfaidh tú luibheanna an bháin.
19
Le hallas do ghrua is ea a íosfaidh tú do chuid aráin go bhfillfidh tú ar an talamh mar is as a tháinig tú. Óir is luaithreach thú, agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.»
20
Thug an fear Éabha ar a bhean mar gurb í máthair na mbeo go léir í.
21
Rinne an Tiarna Dia éadaí as seithí don fhear agus dá bhean agus chuir siad orthu féin iad.
22
Ansin dúirt an Tiarna Dia: «Féach! Tá an duine arna dhéanamh cosúil linn féin leis an bhfios maitheasa agus oilc atá aige. Le heagla go sínfeadh sé a lámh chomh maith agus toradh a stoitheadh de chrann na beatha, agus é a ithe agus maireachtáil go deo»
23
Uime sin dhíbir an Tiarna Dia as gairdín Éidin é chun an talamh as ar tógadh é a shaothrú.
24
Dhíbir sé an duine, más ea, agus chuir sé na ceiribíní agus claíomh lasrach ag síorchasadh, os comhair ghairdín Éidin chun an tslí go crann na beatha a chosaint.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50