bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 18
Genesis 18
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 19 →
1
Thaispeáin an Tiarna é féin dó ag Dair Mhamrae agus é ina shuí i mbéal a bhotha i mbrothall an lae.
2
D' fhéach sé suas agus b' shiúd triúr fear ina seasamh ina chóngar. Chomh luath agus a chonaic sé iad, rith sé ó bhéal na botha ina gcoinne agus shléacht go talamh rompu.
3
«A thiarna,» ar sé, «más áil leat mé, ná gabh thar do shearbhónta, le do thoil.
4
Tugtar braon uisce chugaibh agus ionlaigí bhur gcosa agus ligigí bhur scíth faoin gcrann.
5
Tabharfaidh mé greim aráin chugaibh agus bíodh lón agaibh don bhóthar ar aghaidh. Chuige sin a casadh i dtreo bhur searbhónta sibh.» «Déan mar a deir tú,» ar siad.
6
Bhrostaigh Abrahám don bhoth go Sárá. «Faigh,» ar sé, «agus fuin trí mhiosúr de phlúr agus déan builíní.»
7
Agus rith Abrahám chun an tréada agus rug sé leis lao breá méith agus thug don searbhónta é agus d' ullmhaigh seisean é faoi dheifir.
8
Thug sé leis ansin gruth agus bainne agus an lao a bhí réidh aige agus leag sé an chóir sin go léir rompu agus fad a bhíodar ag ithe sheas sé láimh leo faoin gcrann.
9
Agus chuireadar ceist air: «Cá bhfuil do bhean Sárá?» «Tá sí sa bhoth,» ar sé.
10
«Fillfidh mé ort,» arsa an t-aoi, «sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn, agus beidh mac ag Sárá do bhean.» Bhí Sárá ag cúléisteacht ag doras na botha taobh thiar de.
11
Anois bhí Abrahám agus Sárá aosta agus iad anonn go maith sna blianta, agus bhí scortha dá cúrsaí ag Sárá.
12
Ansin gháir Sárá léi féin á rá: «An amhlaidh a bheidh sólás agam le m' fhear céile anois agus mé thar aois leanbh a iompar, agus eisean aosta chomh maith?»
13
Ach d' fhiafraigh an Tiarna d' Abrahám: «Cén fáth ar gháir Sárá á rá: 'An amhlaidh dáiríre a bheidh leanbh agam anois i mo sheanaois?'
14
An bhfuil aon ní ró-aisteach don Tiarna? Fillfidh mé, oraibh, sea, fillfidh mé um an dtaca seo an bhliain seo chugainn agus beidh mac ag Sárá.»
15
«Níor gháir mé,» arsa Sárá ag séanadh a birt mar go raibh eagla uirthi. «Ní fíor duit,» ar sé, «mar gháir tú.»
16
Chuir na fir chun bóthair agus tháinig i radharc Shodom agus Abrahám in éineacht leo ag taispeáint na slí dóibh.
17
Dúirt an Tiarna leis féin: «An gceilfidh mé ar Abrahám an ní atáim ar tí a dhéanamh,
18
ós rud é go mbeidh Abrahám ina chine mór cumasach agus ciníocha an domhain á mbeannú féin tríd?
19
[Ní dhéanfaidh mé] óir thogh mé é d' fhonn go dtabharfadh sé aithne dá chlann agus dá theaghlach ina dhiaidh slí an Tiarna a choimeád ag déanamh an chirt agus na córa, i dtreo go dtabharfadh an Tiarna d' Abrahám a bhfuil geallta aige dó.»
20
Ansin dúirt an Tiarna: «Nach ard é an liú atá in aghaidh Shodom agus Ghomorá agus nach mór é a bpeaca agus nach trom!
21
Rachaidh mé síos féachaint an ndearnadar de réir an liú a tháinig chugam ina n-aghaidh; agus mura ndearnadar, beidh a fhios agam.»
22
D' imigh na fir leo i dtreo Shodom, ach d' fhan Abrahám ina sheasamh i láthair an Tiarna.
23
Dhruid sé níos giorra dó agus dúirt: «An scriosfaidh tú dáiríre an fíréan mar aon leis an gciontach?
24
Abair go bhfuil leathchéad fíréan sa chathair, an scriosfaidh tú í mar sin agus gan í a chaomhnú ar son an leathchéad fíréan atá inti?
25
Go mba fhada uait a leithéid a dhéanamh, an fíréan a chur chun báis mar aon leis an gciontach; d' fhágfadh sin an íde chéanna á tabhairt ar an bhfíréan agus ar an gciontach! I bhfad uait a leithéid! An amhlaidh nach ndéanfaidh breitheamh an domhain uile an ceart?»
26
D' fhreagair an Tiarna: «Má fhaighim leathchéad fíréan i Sodom; sa chathair, ansin déanfaidh mé an áit go léir a chaomhnú ar a son.»
27
«Seo mé,» arsa Abrahám á fhreagairt, «agus é de dhánaíocht ionam labhairt mar seo le mo Thiarna, agus gan ionam ach cré agus luaithreach.
28
Abair go bhfuil cúigear in easnamh ar an leathchéad, an scriosfaidh tú an chathair go léir de dheasca cúigir?» «Ní dhéanfaidh mé,» ar sé, «ní scriosfaidh mé má fhaighim cúigear is daichead inti.»
29
Agus labhair sé leis arís: «Abair,» ar sé, «gur daichead a gheofar inti.» «Ní dhéanfaidh mé,» ar seisean, «ar son daichead.»
30
«Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom,» ar sé ansin, «agus labhróidh mé arís. Abair gur tríocha a gheofar inti.» D' fhreagair seisean: «Ní dhéanfaidh mé, má fhaighim tríocha ann.»
31
«Tá sé de dhánaíocht ionam,» arsa Abrahám ansin, «labhairt leis an Tiarna. Abair gur fiche a gheofar inti.» «Ní scriosfaidh mé í, ar son fichead.»
32
Ansin dúirt sé: «Ná bíodh an Tiarna i bhfearg liom agus labhróidh mé aon uair amháin eile. Abair gur deichniúr a gheofar ann.» D' fhreagair sé: «Ní scriosfaidh mé í, ar son deichniúir.»
33
Nuair a bhí deireadh ráite aige le hAbrahám, d' imigh an Tiarna leis, agus d' fhill Abrahám abhaile.
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 19 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50