bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 49
Genesis 49
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 48
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 50 →
1
Ansin ghlaoigh Iacób ar a chlann mhac agus dúirt: «Cruinnigí le chéile go n-inseoidh mé daoibh cad tá i ndán daoibh sna laethanta atá romhaibh.
2
Tagaigí le chéile, a mhaca Iacóib, agus éistigí; éistigí le hIosrael bhur n-athair.
3
A Reúbaen, is tú mo chéadghin mo neart, céadtoradh m' fhearúlachta. Rug tú barr leat in uabhar agus barr i gcumhacht,
4
gan smacht mar an tuile; ach ní tú a bheidh ar tosach, mar gur ghabh tú suas chun leaba d' athar, agus gur thruailligh tú mo thocht, mo bhrón!
5
Deartháireacha Simeon agus Léiví, agus chuireadar a ndobhearta i gcrích.
6
Ná bíodh m' anam páirteach ina gcomhairlí; nár aontaí mo chroí lena gcomhluadar, óir mharaíodar daoine le teann feirge agus speireadar daimh le barr buile.
7
Mallacht ar a bhfearg de bharr a fíochmhaire agus ar a bhfraoch de bharr a dhanarthachta. Cuirfidh mé scaipeadh orthu in Iacób agus scaoileadh orthu in Iosrael.
8
A Iúdá, molfaidh do dheartháireacha thú; beidh do lámh ar bhráid do naimhde agus sléachtfaidh clann mhac d' athar duit.
9
Coileán leoin é Iúdá! Filleann tú anois, a mhic, ón gcreach; agus cromann sé agus luíonn mar leon nó mar bhanleon, cé leomhann é a mhuscailt?
10
Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.
11
Ceanglaíonn sé a asal den fhíniúin agus searrach a lárach dá stoc. Níonn sé a éide i bhfíon agus a chulaith i bhfuil na gcaor;
12
beidh a shúile dearg le fíon agus a dhéada bán le bainne.
13
Beidh cónaí ar Zabúlun cois na farraige; beidh sé ina fhoscadh ag loingeas agus beidh imeall a chríoch i gcóngar Shíodón.
14
Asal tréan é Íosácár ina luí i measc cróite caorach;
15
tuigeadh dó gur mhaith é áit lonnaithe, agus gur thaitneamhach é an dúiche; chrom sé a ghualainn don ualach, agus rinneadh daor de faoi sclábhaíocht éigin.
16
Beidh Dán ina bhreitheamh ar a phobal, mar cheann de threibheanna Iosrael.
17
Beidh Dán ina nathair nimhe ar an mbóthar agus ar an gcosán ina nathair adharcach, a bheireann greim ar speir an chapaill agus go dtiteann a mharcach i ndiaidh a chúil.
18
Táim ag súil le do shlánú, a Thiarna Dia.
19
Déanfaidh foghlaithe foghail ar Ghád, ach déanfaidh seisean foghail agus tóir orthu.
20
Is saibhir é arán Áiséar agus déanfaidh sé soláis a sholáthar do bhord an rí.
21
Is eilit ar scaoileadh léi Naftáilí agus oisíní gleoite á mbreith aici.
22
Craobh thorthúil é Iósaef, craobh thorthúil le hais an tobair, agus a géascaí ag síneadh thar an mballa.
23
Thug na saighdeoirí faoi le fíoch, scaoileadar faoi le binib, agus luíodar go dian air,
24
ach bhris neach tréan a mbogha agus scaradh cuislí a lámh ona chéile ag láimh Neach Tréan Iacóib, ag ainm Charraig Iosrael,
25
ag Dia d' athar a chabhraíonn leat, ag Dia Uilechumhachtach a bheannaíonn thú, le beannachtaí an duibheagáin a luíonn thíos, le beannachtaí cíoch agus broinne,
26
le beannachtaí arbhair agus bláthanna, le beannachtaí na gcnoc cianaosta, le beannachtaí na sléibhte síoraí; go dtaga siad anuas ar cheann Iósaef, agus ar bhaithis an té sin a coisreacadh i measc a dheartháireacha.
27
Faolchú craosach é Biniáimin; alpann sé a chreach ar maidin, agus roinneann sé a sheilg tráthnóna.»
28
Sin iad go léir dhá threibh déag Iosrael; agus sin é a dúirt a n-athair leo agus é á mbeannú. Bheannaigh sé iad agus chuir beannacht chuí ar gach ceann díobh faoi leith.
29
Ansin thug sé treoracha dóibh. «Is mithid mé a chruinniú chun mo mhuintire,» ar sé. «Déantar mé a adhlacadh i bhfochair m' aithreacha san uaimh i bhfearann Eafrón an Hiteach,
30
san uaimh i bhfearann Mhacpaelá lastoir de Mhamrae i dtír Chanán, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha.
31
Ansiúd a adhlacadh Abrahám agus Sárá a bhean; ansiúd a adhlacadh Íosác agus a bhean Ribeacá; ansiúd a rinne mé Léá a adhlacadh
32
san fhearann agus san uaimh ann, is é sin, a ceannaíodh ó na Hitigh.»
33
Nuair a bhí deireadh a threoracha tugtha ag Iacób dá chlann mhac, tharraing sé a chosa chuige suas sa leaba, d' imigh an dé deiridh as agus cruinníodh mar sin chun a mhuintire féin é.
← Chapter 48
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 50 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50