bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 37
Genesis 37
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 36
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 38 →
1
Mhair Iacób sa tír inar chuir a athair faoi, i dtír Chanán.
2
Seo scéal Iósaef. Bhí Iósaef seacht mbliana déag d' aois. Mar go raibh sé óg fós, bhí sé ag aoireacht an tréada i dteannta a dheartháireacha, le clann mhac Bhileá agus Zilpeá, mná a athar. Thug Iósaef drochthuairisc orthu dá n-athair.
3
Ba mhó an cion a bhí ag Iosrael ar Iósaef ná ar aon duine eile dá chlann mar gurbh é mac a sheanaoise é, agus rinne sé cóta le muinchillí fada dó.
4
Nuair a chonaic a dheartháireacha gur mhó an cion a bhí ag a n-athair air ná ar aon duine eile dá chlann, thugadar fuath dó agus ní fhéadfaidís oiread is focal muinteartha a labhairt leis.
5
Rinneadh taibhreamh do Iósaef, más ea, agus d' inis sé dá dheartháireacha é, agus ba mhóide a bhfuath dó.
6
«Éistigí,» ar sé, «leis an taibhreamh a rinneadh dom.
7
Sea, bhíomar ag ceangal punann sa ghort. Agus an phunann seo agamsa, d' éirigh sí ina seasamh díreach; agus na punanna seo agaibhse, chruinníodar timpeall agus shléachtadar do mo phunannsa.»
8
Dúirt a dheartháireacha leis: «An amhlaidh atá tú chun a bheith i do rí orainn? Nó an amhlaidh atá tú chun a bheith i do thiarna orainn?» Is mó fós an fuath a thug siad dó de bharr a thaibhreamh agus a chuid cainte.
9
Rinneadh taibhreamh eile dó agus d' inis sé dá dheartháireacha é: «Féach! bhí taibhreamh eile agam,» ar sé. «Ba shiúd iad an ghrian agus an ghealach agus aon réalta dhéag ag sléachtadh dom.»
10
D' inis sé dá athair agus dá dheartháireacha é agus thug a athair scalladh dó: «Cad é mar thaibhreamh a taibhríodh duit!» ar sé, «an amhlaidh a bheidh mise agus do mháthair agus do dheartháireacha ag teacht agus ag sléachtadh go talamh duit?»
11
Bhí a dheartháireacha in éad leis, ach rinne a athair a mhachnamh ar an scéal.
12
D' imigh a dheartháireacha chun tréad a n-athar a chur ar féarach in aice le Seicim.
13
Dúirt Iosrael le Iósaef: «Nach bhfuil do dheartháireacha ag aoireacht an tréada i Seicim? Téanam anois agus seolfaidh mé chucu thú.» «Teacht,» ar sé leis.
14
«Imigh leat anois,» ar sé leis, «agus féach conas tá ag do dheartháireacha agus ag an tréad agus tabhair scéala ar ais chugam.» Sheol sé uaidh é ó ghleann Heabrón agus tháinig sé go Seicim.
15
Bhuail fear leis agus é ar seachrán sna bánta agus d' fhiafraigh an fear de: «Cad tá tú a lorg?»
16
«Táim ar lorg mo dhearthaireacha,» ar sé. «Inis dom, le do thoil, cá bhfuil siad ag aoireacht a dtréada.»
17
«Tá siad imithe leo,» arsa an fear, «mar chuala mé iad á rá: 'Téimis go Dotán.'» D' imigh Iósaef i ndiaidh a dheartháireacha ansin agus fuair sé iad i nDotán.
18
Chonaiceadar i bhfad uathu é agus sula dtáinig sé ina gcóngar rinneadar cogar ceilge é a mharú.
19
«Seo chugainn,» a dúradar le chéile, «fear na dtaibhreamh.
20
Téanaigí, maraímis é agus caithimis i bpoll éigin é; déarfaimid gur alp ainmhí allta é, agus feicfimid cad a tharlóidh dá chuid taibhreamh.»
21
Chuala Reúbaen an chaint sin agus shaor sé é óna lámha á rá: «Ná maraímis é.
22
Ná doirtigí aon bhraon fola,» arsa Reúbaen leo; «caithigí isteach sa pholl seo san fhásach é, ach ná himrígí lámh dhearg air» mar sin is ea a labhair sé agus é ar intinn aige é a shaoradh óna lamha agus a thabhairt ar ais dá athair.
23
Nuair a tháinig Iósaef i láthair a dheartháireacha dá bhrí sin, bhaineadar a chóta de, an cóta leis na muinchillí fada a bhí á chaitheamh aige,
24
agus rugadar air agus chaitheadar i bpoll é. Bhí an poll folamh gan aon uisce ann.
25
Ansin shuíodar síos chun bia. Thógadar a súile agus chonaiceadar buíon Ísméileach ag teacht ó Ghileád lena gcamaill agus iad faoi ualach guma agus tragacant, agus balsaim agus roisín a bhí á thabhairt síos chun na hÉigipte acu.
26
Ansin dúirt Iúdá lena dheartháireacha: «Cén tairbhe dúinn ár ndeartháir a mharú agus a chuid fola a fholach?
27
Téanam díolaimis leis na hÍsméiligh é, ach ná leagaimis lámh air. Is é ár ndeartháir é, ár bhfeoil féin.» Agus ghéill a dheartháireacha dó.
28
Tharla gur ghabh ceannaithe Midiánacha an treo agus tharraingíodar Iósaef aníos as an bpoll agus dhíoladar é ar fiche seicil airgid leis na hÍsméiligh, agus thugadarsan Iósaef go dtí an Éigipt.
29
Nuair a d' fhill Reúbaen chun an phoill agus nach raibh tásc ná tuairisc ar Iósaef sa pholl, stróic sé a chuid éadaigh
30
agus d' fhill ar a dheartháireacha agus dúirt: «Tá an buachaill ar iarraidh, agus mise, cá rachaidh mé?»
31
Thógadar cóta Iósaef ansin, mharaíodar gabhar agus thumadar an cóta san fhuil.
32
Sheoladar an cóta leis na muinchillí fada ar ais le tabhairt dá n-athair, leis an teachtaireacht: «Fuaireamar é seo; féach an é cóta do mhic é nó nach é.»
33
D' aithin an t-athair é agus dúirt: «Is é cóta mo mhic é! D' alp ainmhí allta é! Tá Iósaef stollta ó chéile gan aon amhras.»
34
Stróic Iacób a chuid éadaigh ansin, chuir sé brat íochtair róin air féin, agus chaoin sé a mhac ar feadh mórán laethanta.
35
Tháinig a chlann mhac agus a chlann iníonacha go léir chuige le sólás a thabhairt dó, ach ní ghlacfadh sé sólás ar bith, á rá: «Ní dhéanfaidh mé. Rachaidh mé síos ag sileadh na ndeor go Seól fara mo mhac.» Sin mar a chaoin a athair é.
36
Faoin am seo bhí sé díolta san Éigipt ag na Midiánaigh le Póitífear, feidhmeannach le Forann agus captaen an gharda.
← Chapter 36
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 38 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50