bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 9
Genesis 9
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 10 →
1
Bheannaigh an Tiarna Naoi agus a chlann mhac agus dúirt sé leo: «Bíodh an rath oraibh, téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh.
2
Bíodh scéin agus eagla romhaibh ar na hainmhithe allta go léir, ar éanlaith an aeir go léir, ar gach a shníonn ar talamh, agus ar iasc na farraige go léir; faoi bhur lámha a cuireadh iad go léir.
3
Gach dúil bheo ina bhfuil lúth, bídís agaibh mar bhia, chomh maith leis na luibheanna glasa. Tugaim gach ní daoibh,
4
ach ná hithigí feoil ina bhfuil an t-anam, sé sin an fhuil.
5
Éileoidh mé cuntas ar fhuil bhur n-anama; éileoidh mé é sin ó gach ainmhí agus ó gach duine. Éileoidh mé cuntas ar anam gach duine óna chomhdhuine.
6
Cibé a dhoirtfidh fuil duine is le duine a dhoirtfear a fhuil, óir is ar dheilbh Dé a rinneadh an duine.
7
Ach sibhse, bígí torthach agus téigí i líonmhaire; bíodh an rath go raidhseach oraibh ar an talamh agus bíodh smacht agaibh air.»
8
Dúirt Dia le Naoi agus lena chlann mhac:
9
» Féach, daingním mo Chonradh leatsa agus le do shíol i do dhiaidh;
10
agus mar an gcéanna le gach uile dhúil bheo dá bhfuil faraibh, an éanlaith, an t-eallach, agus gach ainmhí allta atá faraibh, a dtáinig amach as an áirc, a bhfuil beo ar talamh.
11
Daingním mo Chonradh libh; go deo arís ní scriosfar an uile fheoil le huiscí díleann, ná ní bheidh go deo arís díle ann chun an domhan a scrios.»
12
Agus dúirt Dia: «Seo é comhartha an Chonartha a dhéanaim idir mé féin agus sibhse agus gach dúil bheo atá faraibh ar feadh na nglún go léir le teacht.
13
Cuirim mo bhogha sna néalta i gcomhartha an Chonartha idir mise agus an talamh.
14
Nuair a chruinneoidh mé na néalta os cionn na talún agus go bhfeicfear an bogha sna néalta,
15
cuimhneoidh mé ar an gConradh atá idir mise agus sibhse, agus gach dúil bheo den uile fheoil; agus ní dhéanfaidh díle go deo arís de na huiscí chun an uile fheoil a scrios.
16
Nuair a bheidh an bogha sna néalta, féachfaidh mé air agus cuimhneoidh mé ar an gConradh síoraí atá idir Dia agus an uile dhúil bheo den uile fheoil dá bhfuil ar talamh.»
17
Dúirt Dia le Naoi: «É seo comhartha an Chonartha a dhaingnigh mé idir mé agus an uile fheoil dá bhfuil ar talamh.»
18
Ba iad Séam, Hám agus Iáfat clann mhac Naoi a tháinig as an áirc; ó Hám a shíolraigh Canán.
19
Ba iadsan clann mhac Naoi agus is é a síol a leath ar fud an domhain go léir.
20
Saothróir talún Naoi agus ba é an chéad duine é a phlandaigh fíonghort.
21
D' ól sé cuid den fhíon agus fad bhí an mheisce air, bhí sé nochta ina bhoth.
22
Chonaic Hám, an té ónár shíolraigh Canán, a athair agus é nochta agus dúirt sé é lena bheirt dearthár lasmuigh.
23
Ansin thóg Séam agus Iáfat brat, chuir ar a slinneáin é, agus isteach leo i ndiaidh a gcúil agus d' fholaíodar baill nochta a n-athar. Bhí a n-aghaidh iompaithe uaidh i dtreo nach bhfacadar baill nochta a n-athar.
24
Nuair a tháinig Naoi chuige féin ón meisce fhíona agus go bhfaca sé cad a rinne an mac a ba óige leis,
25
dúirt sé: «Go raibh mallacht ar Chanán! Beidh sé ina dhaor na ndaor ag a dheartháireacha.»
26
Lean sé air: «Go raibh beannacht ar Shéam ón Tiarna Dia. Go raibh Canán aige ina dhaor.
27
Go méadaí Dia Iáfat! Go lonnaí sé i mbothanna Shéam. Go raibh Canán aige ina dhaor.»
28
Mhair Naoi trí chéad go leith bliain tar éis na díleann.
29
28b Mhair sé naoi gcéad go leith bliain ar fad agus ansin fuair sé bas.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50