bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 38
Genesis 38
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 37
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 39 →
1
Tharla faoin am seo gur fhág Iúdá a dheartháireacha agus go ndeachaigh sé síos chun fanacht tamall le hAdullámach darbh ainm Híorá.
2
Chonaic Iúdá ansiúd iníon Chanánaigh darbh ainm Seúa; phós sé í agus luigh léi.
3
Ghabh sí gin agus rug sí mac agus thug sí Éar mar ainm air.
4
Ghabh sí gin arís agus rug sí mac agus thug sí Ónán air.
5
Ghabh sí gin arís eile agus rug sí mac agus thug sí Séalá mar ainm air; nuair a rugadh eisean bhí sí i gCizíb.
6
Fuair Iúdá bean darbh ainm Támár dá chéadghin Éar.
7
Ach Éar, céadghin Iudá, coirpeach olc a ba ea é i láthair an Tiarna, agus mharaigh an Tiarna é.
8
Ansin dúirt Iúdá le hÓnán: «Gabh chugat bean do dhearthár agus déan mar is dual do dheartháir céile léi agus tóg clann do do dheartháir.»
9
Ach bhí a fhios ag Ónán nach leis féin aon chlann a ghinfí; agus nuair a théadh sé isteach chun mná a dhearthár scaoileadh sé a shíol uaidh ar an talamh chun nach dtabharfadh sé sliocht dá dheartháir.
10
Agus ba fhuath leis an Tiarna a ndearna Ónán agus mharaigh sé eisean mar an gcéanna.
11
Ansin dúirt Iúdá le Támár, bean a mhic: «Fill abhaile ar d' athair mar bhaintreach agus fan go bhfásfaidh mo mhac Séalá» mar is é a bhí ina aigne aige: «Ní foláir féachaint chuige nach bhfaighidh sé bás dála a dheartháireacha.» D' imigh Támár dá bhrí sin agus chuir fúithi i dteach a hathar.
12
Faoi chionn tamaill fhada, fuair Seúa bean Iúdá bás; agus nuair a bhí sólás a chaointe faighte ag Iúdá, chuaigh sé suas go Timneá go dtí lucht bearrtha na gcaorach agus a chara Híorá an tAdullámach lena chois.
13
Fuair Támár scéala: «Tá athair do chéile ar an tslí suas go Timneá ag bearradh a chuid caorach,»
14
agus chuir sí uaithi a héide baintrí, chuir fial uimpi féin agus shuigh, agus í folaithe go maith, mar a scarann an bóthar go hÉanaím ón mbothar go Timneá. Bhí Séalá fásta faoin am sin, ach mar sin féin níor tugadh dó í mar bhean.
15
Nuair a chonaic Iúdá í, shíl sé gur striapach í mar bhí a haghaidh folaithe aici.
16
Ghabh sé suas chuici ar thaobh an bhóthair agus dúirt: «Téanam agus luigh liom.» Ní raibh a fhios aige gurbh í bean a mhic í. «Cad a thabharfaidh tú dom,» ar sí, «ar son céileachas a dhéanamh liom?»
17
«Cuirfidh mé meannán chugat ón tréad,» ar sé. «Tá go maith,» ar sí, «ar choinníoll go bhfágfaidh tú geall agam go dtí go gcuirfidh tú chugam é.»
18
«Cén geall a fhágfaidh mé agat?» ar sé. «Do shéala, do chorda agus an bata atá i do ghlaic,» ar sí. Thug sé di iad, luigh léi, agus ghabh sí gin uaidh.
19
Ansin d' éirigh sí, d' imigh léi, bhain di an fial, agus chuir a héide baintrí uimpi arís.
20
Agus chuir Iúdá an meannán lena chara an tAdullámach chun an geall a fhuascailt ó láimh na mná; ach ní bhfuair sé í.
21
D' fhiafraigh sé de mhuintir na háite: «Cá bhfuil an striapach choisricthe a bhíodh ar thaobh an bhóthair ag Éanaím?» D' fhreagraíodar: «Ní raibh aon striapach ansiúd.»
22
D' fhill sé ar Iúdá agus dúirt: «Ní bhfuair mé í; agus dúirt muintir na háite nach raibh aon striapach choisricthe ann.»
23
«Bíodh aici mar sin,» arsa Iúdá, «chun nach ndéanfaí ceap magaidh dínn; chuireas an meannán seo chuici, ach níor éirigh leat í a fháil.»
24
Timpeall ráithe ina dhiaidh sin dúradh le Iúdá: «Rinne do bhean mhic, Támár, striapachas; sea agus tá sí trom de bharr a striapachais.» Dúirt Iúdá: «Tugtar amach í agus loisctear í!»
25
Nuair a bhí sí á breith amach, chuir sí scéala chun athair a céile: «An té ar leis na nithe seo is uaidh a toirchíodh mé.» Agus dúirt sí: «Féach, le do thoil, cé leis an séala, an corda agus an bata seo?»
26
D' aithin Iúdá iad agus a dúirt: «Tá sise fíréanta seachas mar atáimse; mar nár thug mé í do mo mhac Séalá mar chéile is ea a tharla sé seo.» Agus níor luigh sé léi níos mó.
27
Nuair a tháinig a hionú fuarthas cúpla ina broinn.
28
Nuair a bhí sí ina luí seoil chuir ceann acu a lámh amach, rug an bhean ghlún ar an láimh agus chas snáithín craorag uirthi á rá: «É seo is túisce a tháinig amach.»
29
Ach tharraing seisean a lámh ar ais, agus seo amach lena dheartháir ar dtús. Dúirt sí ansin: «Cad í mar bhearna a rinne tú duit féin!» Tugadh Bearna air dá bhrí sin.
30
Tháinig a dheartháir amach ansin ina dhiaidh agus snáithín craorag ar a láimh agus tugadh Zearach air.
← Chapter 37
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 39 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50