bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 2
Genesis 2
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 3 →
1
Críochnaíodh neamh agus talamh agus a gcóiriú go léir ar an gcuma sin.
2
Ar an seachtú lá chríochnaigh Dia an obair a rinne sé. Scoir sé ar an seachtú lá den obair go léir a rinne sé.
3
Bheannaigh agus naomhaigh Dia an seachtú lá mar scoir sé an lá sin den obair go léir a rinne sé sa chruthú.
4
Nuair a rinne an Tiarna Dia neamh agus talamh, Sin iad céatúsa neimhe agus talún nuair a cruthaíodh iad.
5
ní raibh aon fhás fiáin fós ar talamh, ná aon lus fiáin fós ag péacadh, mar níor chuir an Tiarna Dia aon fhearthainn fós ar an talamh agus ní raibh duine ann a shaothródh an talamh.
6
Bhí, más ea, fíoruisce ag brúchtaíl aníos ón talamh agus ag uisciú dromchla na talún go léir.
7
Ansin chum an Tiarna Dia an duine de chré na talún agus shéid anáil na beatha ina pholláirí; ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine.
8
Phlandaigh an Tiarna Dia parthas in Éidin san oirthear agus chuir sé ann an duine a chum sé.
9
Chuir an Tiarna Dia ag fás aníos as an talamh gach uile chineál crainn is geal leis an tsúil agus is maith le hithe, crann na beatha mar an gcéanna i lár an ghairdín agus crann fhios na maitheasa agus an oilc.
10
Bhí abhainn ag sní as Éidin amach ag uisciú an ghairdín, agus roinneadh ansiúd í agus rinne ceithre abhainn di.
11
Píseon a thugtar ar an gcéad abhainn díobhsan, agus is í sin a ghabhann timpeall tír Havalá go léir mar a bhfuil an t-ór.
12
Is maith é ór na tíre sin, agus tá bdellium ann agus óinix.
13
Gíohón a thugtar ar an dara habhainn agus is í a ghabhann timpeall tír Chúis go léir.
14
An Tigris a thugtar ar an tríú habhainn agus sníonn sí lastoir den Aisír. An Eofrataes an ceathrú habhainn.
15
Thóg an Tiarna Dia an duine agus chuir i ngairdín Éidin é chun é a shaothrú agus aire a thabhairt dó.
16
Thug an Tiarna Dia aithne don duine á rá: «Tá saorchead agat toradh a ithe de gach crann sa ghairdín,
17
ach toradh de chrann fhios na maitheasa agus an oilc, ní íosfaidh tú mar an lá a íosfaidh tú de thoradh an chrainn sin, gheobhair bás, gheobhair sin.»
18
Agus dúirt an Tiarna Dia: «Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.»
19
Chum an Tiarna Dia dá bhrí sin as an talamh ainmhithe an mhachaire go léir, éanlaith an aeir go léir, agus thug sé i láthair an duine iad féachaint cen t-ainm a thabharfadh sé orthu: cibé ainm a thabharfadh an duine ar gach dúil bheo, sin é a bheadh mar ainm air.
20
Thug an duine ainm ar an eallach go léir, ar éanlaith an aeir go léir, agus ar na hainmhithe allta. Ach ní bhfuarthas céile cúnta a dhiongbhála don duine.
21
Chuir an Tiarna Dia suan trom ar an duine, agus, ina shuan dó, bhain sé easna as agus chuir feoil ina timpeall.
22
An easna a bhain an Tiarna Dia as an duine, rinne sé bean aisti, agus thug chun an duine í.
23
Dúirt an duine ansin: «Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh, Agus is feoil de m' fheoilse í. Tabharfar bean (ís-seá) uirthi Mar gur baineadh as an bhfear (ís) í.»
24
Uime sin, fágann an fear a athair agus a mháthair agus cloíonn sé lena bhean, agus déanann aon fheoil amháin díobh.
25
Bhíodar araon lomnocht, an fear agus a bhean, ach gan aon náire orthu.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50