bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 20
Genesis 20
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 21 →
1
D' imigh Abrahám ón ait sin go dúiche an Neigib agus chuir faoi idir Cáidéis agus Siúr agus tamall á chaitheamh aige i nGearár.
2
Is é a dúirt Abrahám faoina chéile Sárá: «Is í mo dheirfiúr í,» agus chuir Aibímeilic rí Ghearár fios ar Shárá agus ghabh chuige féin í.
3
Ach tháinig Dia i bhfís oíche chun Aibímeilic: «Tá an bás chugat,» ar sé leis, «de bharr na mná seo a ghabh tú chugat, mar tá fear céile aici.»
4
Ach ní raibh aon chaidreamh fós ag Aibímeilic uirthi agus dúirt sé: «A Thiarna, an marófá an mhuintir atá gan chionta, chomh maith?
5
Nach ndúirt sé féin: 'Is í mo dheirfiúr í' agus dúirt sí féin: 'Is é mo dheartháir é.' Rinne mé é seo le hionracas croí agus le glaine lámh.»
6
Ansin dúirt Dia leis san fhís: «Is fíor duit. Tá a fhios agam gur le hionracas croí a rinne tú é seo; agus is mise a choinnigh tú ó pheaca a dhéanamh i m' aghaidh. Uime sin níor cheadaigh mé duit baint léi.
7
Tabhair an bhean ar ais, más ea, dá fear céile anois, óir is fáidh é agus guífidh sé ar do shon agus mairfidh tú. Ach mura dtabharfaidh tú ar ais í, bíodh a fhios agat go bhfaighidh tú féin agus cách is leat bás na mbás.»
8
D' éirigh Aibímeilic go moch ar maidin agus ghlaoigh chuige ar a shearbhóntaí go léir agus d' inis na nithe sin go léir dóibh; bhuail eagla mhór na fir.
9
Agus ghlaoigh Aibímeilic chuige ar Abrahám chomh maith agus dúirt leis: «Cad a rinne tú orainn? Cén éagóir a rinneamar ort go dtarraingeofá a leithéid de pheaca mór orm féin agus ar mo ríocht? Rinne tú liom faoi mar nár chóir.»
10
Ansin d' fhiafraigh Aibímeilic d' Abrahám: «Cad a bhí á thaibhreamh duit go ndearna tú an rud seo?»
11
«Rinne mé é,» arsa Abrahám, «mar gur mheas mé nach mbeadh aon eagla Dé ar aon chor san áit seo agus go maródh na daoine mé de bharr mo mhná.
12
Agus fairis sin is deirfiúr dom í go deimhin, iníon do m' athair, ach nach iníon do mo mháthair í; agus tugadh dom í mar chéile.
13
Nuair a thug Dia orm imeacht liom ó theach m' athar dúirt mé léi: 'Tá gar is féidir duit a dhéanamh dom: cibé áit ina mbeidh ár dtriall, abair i mo thaobhsa: Is é mo dheartháir é.'»
14
Ansin fuair Aibímeilic caoirigh agus eallach agus daoir fir agus mná agus bhronn iad ar Abrahám agus thug sé Sárá a bhean ar ais dó.
15
Dúirt Aibímeilic: «Sin iad mo chríocha os do chomhair; cuir fút mar ar mian leat.»
16
Agus dúirt sé le Sárá: «Féach, thug mé míle píosa airgid do do dheartháir. Is éiric duit é i súile a bhfuil in éineacht leat; [sin deireadh an ghnó].»
17
Ansin, ar achainí Abrahám leigheas Dia Aibímeilic agus a bhean agus a dhaoir mná i dtreo gur rugadh clann dóibh.
18
Óir is amhlaidh a dhún an Tiarna an uile bhroinn i dteach Aibímeilic de bharr Shárá bean Abrahám.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50