bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 8
Genesis 8
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 9 →
1
Ach chuimhnigh Dia ar Naoi agus ar na hainmhithe go léir agus ar an eallach go léir a bhí fairis san áirc. Agus sheol Dia gaoth thar an talamh agus ceansaíodh na huiscí.
2
Dúnadh toibreacha an duibheagáin agus comhlaí uisce neimhe: coisceadh an fhearthainn ó neamh.
3
Chúlaigh na huiscí ón talamh de réir a chéile; faoi chionn céad go leith lá bhí na huiscí tráite.
4
Sa seachtú mí, ar an seachtú lá déag den mhí sin, luigh an áirc ar shléibhte Ararat.
5
Bhí na huiscí ag trá leo go dtí an deichiú mí; agus sa deichiú mí, ar an gcéad lá den mhí, nocht mullaí na sleibhte.
6
Faoi chionn daichead lá d' oscail Naoi an fhuinneog a bhí déanta aige san áirc
7
agus scaoil uaidh amach an fiach dubh. D' imigh seisean leis agus bhí ag guardal thart go dtí gur thriomaigh na huiscí den talamh.
8
Ansin scaoil sé colm uaidh amach féachaint ar thráigh na tuilte de dhroim na talún.
9
Ach ní bhfuair an colm aon áit ar a leagfadh sé a chos agus d' fhill sé ar ais air san áirc, mar bhí na huiscí ar uachtar na talún ar fad fós. Chuir [Naoi] a lámh amach, rug greim air agus thug ar ais isteach san áirc é.
10
Tar éis moill seacht lá eile ansin, scaoil sé an colm amach as an áirc arís.
11
Agus d' fhill an colm ar ais air tráthnóna, agus féach! bhí craobh úr olóige ina ghob. Thuig Naoi ansin go raibh na huiscí tráite ón talamh.
12
D' fhan sé seacht lá eile, mar sin, agus scaoil an colm uaidh arís; agus níor fhill sé air a thuilleadh.
13
Sa bhliain sé chéad agus a haon d' aois Naoi, ar an gcead mhí, ar an gcéad lá den mhí is ea a triomaíodh na huiscí den talamh, agus d' oscail Naoi comhla na háirce, agus d' fhéach amach. Bhí clár na talún tirim!
14
Sa dara mí, ar an seachtú lá fichead den mhí, bhí an talamh tirim.
15
Agus dúirt Dia le Naoi:
16
«Amach leat as an áirc! tú féin agus do chlann mhac, agus mná do mhac mar aon leat!
17
Beir leat amach a bhfuil farat d' ainmhithe, an uile ní d' fheoil idir éanlaith agus ainmhithe agus phéisteanna a shníonn ar talamh. Téidís i líonmhaire ar talamh; bíodh toradh orthu agus síolaidís ar talamh.»
18
Tháinig Naoi amach mar sin agus a chlann mhac, a bhean agus mná a mhac.
19
Agus na hainmhithe allta go léir, agus an t-eallach go léir, an éanlaith go léir, agus na péisteanna go léir a shníonn ar talamh, amach leo as an áirc, cineál ar chineál.
20
Agus rinne Naoi altóir don Tiarna, agus thoirbhir sé mar íobairt dhóite ar an altóir a rogha féin de na hainmhithe glana agus den éanlaith ghlan.
21
Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: «Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís.
22
Fad a bheidh an talamh ann, ní rachaidh stad arís ar shíolchur ná ar fhómhar, ar fhuacht ná ar theas, ar shamhradh ná ar gheimhreadh, ar lá ná ar oíche.»
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50