bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 46
Genesis 46
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 45
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 47 →
1
Chuir Iosrael chun bóthair dá bhrí sin lena raibh aige agus tháinig sé go Béar Seaba. D' ofrail sé íobairtí do Dhia a athar Íosác ansiúd.
2
Agus labhair Dia le hIosrael i bhfís oíche agus ghlaoigh: «A Iacóib, a Iacóib!» «Anseo dom,» ar sé.
3
Dúirt sé leis ansin: «Mise Dia, Dia d' athar; ná bíodh eagla ort dul síos chun na hÉigipte, óir déanfaidh mé cine mor ansiúd díot.
4
Rachaidh mise féin síos chun na hÉigipte leat agus tabharfaidh mé aníos arís thú; agus is é lámh Iósaef a dhúnfaidh do shúile.»
5
Ansin d' fhág Iacób Béar Seaba agus rinne clann mhac Iosrael a n-athair Iacób, a miondaoine agus a mná a iompar sna cóistí a sheol Forann faoina dhéin.
6
Thugadar leo na tréada agus an mhaoin a bhí cruinnithe acu i dtír Chanán agus thángadar chun na hÉigipte Iacób agus a shliocht go léir
7
a mhic agus mic a mhac, a iníonacha agus iníonacha a mhac; thug sé a shliocht uile leis isteach san Éigipt.
8
Seo iad anois ainmneacha chlainne Iosrael a tháinig go dtí an Éigipt, Iacób agus a chlann mhac: Reúbaen céadghin Iacób
9
agus a chlann mhac: Hanóc agus Palú agus Heazron agus Cairmi.
10
Clann mhac Shimeon: Iamúél agus Iáimím agus Óhad agus Iáicín agus Zochar agus Seáúl mac mná Canánaí.
11
Clann mhac Léiví: Géirseon, Cohát agus Maráraí.
12
Clann Iúdá: Éar agus Ónán agus Séala agus Bearna agus Zearach (ach d' éag Éar agus Ónán i dtír Chanán); agus b' iad Heazron agus Hámúl clann Bhearnan.
13
Clann Íosácár: Tólá agus Puvá agus Iób agus Siomron.
14
Clann Zabúlun: Seirid agus Éalón agus Iachlael.
15
Is iadsan clann Léá a rug sí do Iacób i bPadan Arám, mar aon lena hiníon Díneá; triúr agus tríocha duine ar fad an líon mac agus iníonacha a bhí aige.
16
Clann Ghád: Zifeón agus Haigí, Siúiní agus Eazbon, Éirí agus Aróidí, agus Airéilí.
17
Clann Áiséar: Imneá agus Isveá agus Isví agus Beiríá agus a ndeirfiúr Searach. Clann Bheiríá: Heibir agus Mailcíél.
18
(Iadsan clann Zilpeá a thug Lábán dá iníon Léá, rug sí iad do Iacób seisear déag).
19
Seo iad clann Ráchael bean Iacóib: Iósaef agus Biniáimin.
20
Agus rugadh do Iósaef san Éigipt ó Ásanat iníon Phóitífeara sagart On: Manaise agus Eafráim.
21
Clann Bhiniáimin: Beala agus Beicir agus Aisbéal agus Géará agus Námán agus Éichí agus Róis agus Mupaím agus Hupaím agus Ard.
22
Iadsan an chlann mhac a rug Ráchael do Iacób ceathrar déag ar fad.
23
Clann Dhán: Huisím.
24
Clann Naftáilí: Iachzael agus Gúiní agus Iéizir agus Siléim.
25
Iadsan clann Bhileá a bhronn Lábán ar a iníon Ráchael; rug sí iadsan do Iósaef seachtar ar fad.
26
Ba é líon mhuintir Iacóib go léir a chuaigh isteach san Éigipt dá shliocht féin, gan mná a chlainne a chur san áireamh seisear agus trí fichid ar fad.
27
Rugadh mic do Iósaef san Éigipt, beirt mhac; ba é líon theaghlach Iacóib ar fad a chuaigh isteach san Éigipt, deichniúr agus trí fichid.
28
Chuir [Iosrael] Iúdá ar aghaidh roimhe go dtí Iósaef chun go dtiocfadh seisean ina gcoinne i nGoisin. Nuair a shroicheadar Goisin,
29
ghabh Iósaef a chóiste agus seo leis in airicis a athar Iosrael i nGoisin. Tháinig sé ina láthair agus chaith é féin ar a bhráid agus bhí na deora ag sileadh leis ar a bhráid ar feadh i bhfad.
30
Dúirt Iosrael le Iósaef: «Níor chás liom bás a fháil anois de bhrí go bhfaca mé do ghnúis agus go bhfuil a fhios agam gur beo duit fós.»
31
Labhair Iósaef ansin lena dheartháireacha agus le muintir a athar: «Rachaidh mé suas go Forann,» ar sé, «agus tabharfaidh mé an scéal nua dó. Déarfaidh mé leis: 'Mo dheartháireacha agus muintir m' athar a bhí i dtír Chanán, tá siad tagtha chugam.
32
Aoirí iad agus bíonn siad ag féaracht stoic; agus thugadar leo a dtréada agus a dtáinte agus a maoin go léir.'
33
Nuair a chuirfidh Forann fios oraibh agus a fhiafróidh sé: 'Cén ghairm bheatha atá agaibh?' abraigí leis:
34
' Aoirí tréad sinne, do shearbhóntaí, onár n-óige go dtí anois féin, sinne agus ár n-aithreacha.' Ar an gcuma seo ceadófar daoibh fanacht i dtír Ghoisin,» mar tá an ghráin dearg ag na hÉigiptigh ar gach aoire.
← Chapter 45
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 47 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50