bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 35
Genesis 35
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 34
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 36 →
1
Dúirt Dia le Iacób: «Éirigh agus imigh leat suas go Béitéil, agus cuir fút ann, agus déan altóir ann don Dia a thaispeáin é féin duit agus tú ag teitheadh ó do dheartháir Éasau.»
2
Dúirt Iacób lena theaghlach agus le cách a bhí ina theannta: «Cuirigí uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus déanaigí sibh féin a íonghlanadh agus cuirigí malairt éadaigh oraibh féin.
3
Éirimis ansin agus téimis suas go Béitéil chun go dtógfainn altóir ann do Dhia, an té a d' éist liom nuair a bhíos i gcruachás agus a bhí faram i ngach treo dár ghabh mé.»
4
Thugadar na déithe bréige go léir a bhí acu do Iacób, agus na fáinní óir a bhí ina gcluasa. Chuir Iacób i dtalamh iad faoin gcrann darach láimh le Seicim.
5
Chuireadar chun bóthair agus bhuail scéin ó Dhia na cathracha go léir máguaird i dtreo nach ndeachadar sa tóir ar chlann Iacóib.
6
Tháinig Iacób go Lúz Béitéil is é sin i dtír Chanán, é féin agus an mhuintir go léir a bhí fairis.
7
Thug sé altóir ansiúd agus thug sé Éil Béitéil ar an áit mar gur ansiúd a thaispeáin Dia é féin dó agus é ar teitheadh óna dheartháir.
8
Agus fuair Deaborá buime Ribeacá bás, agus adhlacadh í laistíos de Bhéitéil faoi chrann darach; thugadar Dair na nDeor dá bhrí sin ar an áit sin.
9
Thaispeáin Dia é féin arís eile do Iacób tar éis dó filleadh ó Phadan Arám agus bheannaigh sé é.
10
Dúirt Dia leis: «Iacób is ainm duit; ní thabharfar Iacób mar ainm ort feasta, ach beidh Iosrael mar ainm ort.» Thugadar Iosrael mar ainm air dá réir sin.
11
Agus dúirt Dia leis: «Is mé Dia Uilechumhachtach; bíodh rath ort agus go dté tú i líonmhaire. Síolróidh cine, sea agus ciníocha, uait. Áireofar fiú ríthe ar do shliocht.
12
An talamh seo a thug mé d' Abrahám agus d' Íosác, tugaim duit é; agus tabharfaidh mé an talamh seo do do shliocht i do dhiaidh.»
13
Ansin d' imigh Dia uaidh suas.
14
Chuir Iacób gallán cuimhneacháin ina sheasamh san áit inar labhair sé leis, gallán cloiche. Thoirbhir sé deoch ofrála air agus dhoirt sé ola air.
15
Thug Iacób dá réir sin Béitéil ar an áit inar labhair Dia leis.
16
D' fhágadar Béitéil agus nuair a bhíodar tamall fós ó Eafrát, tháinig ionú Ráchael, agus bhí pianta diana linbh uirthi.
17
Agus sna híona crua di dúirt an bhean ghlún léi: «Ná bíodh eagla ort, mar tá mac eile anseo agat.»
18
Nuair a bhí sí ar an dé deiridh agus í ag fáil bháis, thug sí Mac Mo Dhóláis air, ach thug a athair Biniáimin air.
19
Fuair Ráchael bás mar sin agus adhlacadh í ar an mbealach go hEafrát, is é sin Beithil.
20
Agus thóg Iacób lia os a leacht, agus sin é lia leacht Ráchael atá ann fós inniu.
21
Ar aghaidh le hIosrael, agus chuir suas a bhoth lastall de Mhigdeal Éidir.
22
Agus le linn dó a bheith ina chónaí sa dúiche sin luigh Reúbaen le Bileá, leannán a athar, agus ní gan fhios do Iosrael é.
23
Dáréag mac a bhí ag Iacób. Seo iad clann Léá: Reúbaen, céadghin Iacóib, ansin Simeon agus Léiví, agus Iúdá, agus Íosácár, agus Zabúlun.
24
Clann Ráchael: Iósaef agus Biniáimin.
25
Clann Bhileá, ionailt Ráchael: Dán agus Naftáilí.
26
Clann Zilpeá, ionailt Léá: Gád agus Áiséar. Sin iad an chlann mhac a rugadh do Iacób i bPadan Arám.
27
Shroich Iacób teach a athar Íosác i Mamrae, Ciriat Arba is é sin nó Heabrón, mar ar lonnaigh Abrahám agus Íosác.
28
Bhí céad agus ceithre fichid bliain slán ag Íosác
29
nuair a shíothlaigh sé. Fuair sé bás agus cruinníodh chun a mhuintire é, agus é anonn sna blianta agus a ré caite. Rinne a bheirt mhac, Iacób agus Éasau, é a adhlacadh.
← Chapter 34
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 36 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50