bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 6
Genesis 6
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 7 →
1
Nuair a thosaigh na daoine ar dhul i líonmhaire ar chlár na talún agus gur rugadh iníonacha dóibh,
2
chonaic mic Dé gur sciamhach iad iníonacha na ndaoine agus thógadar chucu a rogha díobh mar mhná.
3
Dúirt an Tiarna: «Ní foláir gan mo spiorad a fhágáil faoi tháire i gcónaí sa duine, mar nach bhfuil ann ach feoil; ní bheidh ach céad agus a fiche bliain d' fhad saoil aige feasta.»
4
Bhí fathaigh ar an talamh an uair sin, agus níos déanaí ná sin, nuair a rinne mic Dé céileachas le hiníonacha na ndaoine agus gur rugadarsan clann dóibh. Sin iad laochra an tseansaoil, na fir mhórchlú.
5
Chonaic an Tiarna gurbh éachtach é olc an duine ar an talamh agus nach raibh á thaibhreamh dó ina smaointe de shíor ach an t-olc.
6
Ghabh aithreachas an Tiarna de bhrí go ndearna sé an duine ar an talamh agus ghoill sé air ó chroí.
7
Agus dúirt an Tiarna: «Scriosfaidh mé de dhroim na talún an duine a chruthaigh mé, agus mar aon leis an duine na hainmhithe, na péisteanna agus éanlaith an aeir, óir is aithreach liom a ndéanamh.»
8
Bhí gnaoi an Tiarna ar Naoi.
9
Dála Naoi anseo: Fear fíréanta a ba ea Naoi, fear gan locht i measc lucht a linne, agus shiúil sé fara Dia.
10
Agus ghin Naoi triúr mac, Séam, Hám agus Iáfat.
11
Truaillíodh an talamh i bhfianaise Dé agus líonadh é d' fhoréigean.
12
D' fhéach Dia ar an talamh agus, féach, bhí sé truaillithe, óir thruailligh an uile fheoil a slí ar talamh.
13
Dúirt Dia le Naoi: «Chinn mé deireadh a chur leis an uile fheoil, óir tá an talamh lán d' fhoréigean dá mbarr. Féach, scriosfaidh mé iad agus an talamh mar aon leo.
14
Déan áirc duit féin de chrann gófar; déan seomraí inti agus cuir brat pice uirthi laistigh agus lasmuigh.
15
Seo é an tomhas ar a ndéanfaidh tú í: Fad na háirce trí chéad banlámh; a leithead caoga banlámh, agus a hairde deich mbanlámh fichead.
16
Déan díon don áirc agus é banlámh ina stuaic. Cuir doras na háirce ina taobh; déan trí boird inti: bord íochtair, bord láir agus bord uachtair.
17
Féach, tabharfaidh mé díle liom agus seolfaidh mé na huiscí ar an talamh chun an uile fheoil faoin spéir ina bhfuil anáil na beatha a scrios; caillfear a bhfuil ar talamh.
18
Ach daingneoidh mé mo chonradh leatsa. Téighse isteach san áirc, tú féin, do chlann mhac, do bhean, agus mná do mhac in éineacht leat.
19
Agus an uile dhúil bheo agus an uile fheoil, tabhair leat cúpla de gach cineál díobh isteach san áirc le coimeád beo farat; fireann agus baineann ní foláir iad a bheith.
20
An éanlaith de réir a gcineáil, ainmhithe uile na talún de réir a gcineáil, péisteanna uile na talún de réir a gcineáil, rachaidh cúpla díobh isteach san áirc in éineacht leat le coimeád beo.
21
Agus tabhair leat chomh maith gach sort bia dá n-itear agus cuir i dtaisce é agus beidh sé mar bhia agatsa agus acusan.»
22
Rinne Naoi é sin, rinne sé ar ordaigh an Tiarna dó.
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50