bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 39
Genesis 39
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 38
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 40 →
1
Tugadh Iósaef síos chun na hÉigipte. Cheannaigh Póitífear, feidhmeannach le Forann, agus captaen an gharda, é ó na hIsméiligh a thug síos ann é.
2
Bhí an Tiarna le Iósaef agus d' éirigh leis ina ghnóthaí go léir, agus bhí cónaí air i dteach a mháistir, an tÉigipteach,
3
agus nuair a chonaic a mháistir go raibh an Tiarna le Iósaef, agus conas mar a chuir an Tiarna a bhail ar gach ní dar ghabh sé i láimh,
4
bhí lé aige le Iósaef agus rinne seisean fónamh dó; agus chuir a mháistir i bhfeighil a theaghlaigh é agus chuir sé gach ní aige faoina chúram.
5
Ón lá a chuir sé i bhfeighil a theaghlaigh é, agus i bhfeighil a mhaoine go léir, chuir an Tiarna a bheannacht ar theaghlach an Éigiptigh ar son Iósaef. Chuir an Tiarna a bheannacht ar a mhaoin go léir istigh agus amuigh.
6
D' fhág sé Iósaef dá bhrí sin i mbun a mhaoine go léir, agus leis-sean ar láimh, ní raibh de chúram air féin ach an bia a chaitheadh sé. Bhí Iósaef córach dathúil,
7
agus tar éis tamaill leag bean a mháistir súil na dúile ar Iósaef agus dúirt leis: «Luigh liom.»
8
Ach d' eitigh seisean agus dúirt sé le bean a mháistir: «Féach! de bhrí go bhfuilimse aige, ní chuireann aon ní dá dtarlaíonn sa teach aon mhairg ar mo mháistir; tá gach a bhfuil aige curtha aige faoi mo láimh.
9
Ní mó de mháistir sa teach seo é ná mé féin; níor dhiúltaigh sé aon ní dom ach tú féin ós tú a bhean. Conas a d' fhéadfainnse a leithéid seo de choir ghránna a dhéanamh agus peaca a dhéanamh in aghaidh Dé?»
10
Cé go labhraíodh sí le Iósaef ó lá go lá, ní aontódh sé luí léi ná géilleadh di.
11
Lá áirithe chuaigh Iósaef chun an tí i mbun a chúraimí agus ní raibh aon duine de fhoireann an tí ansiúd istigh.
12
Rug an bhean ar bhrat air agus dúirt: «Luigh liom.» Ach d' fhág sé a bhrat ina láimh agus theith uaithi as an teach amach.
13
Nuair a chonaic sí gur fhág sé a bhrat aici ina láimh agus gur theith sé ón teach,
14
ghlaoigh sí ar a searbhóntaí agus dúirt sí leo: «Féach air sin! Thug sé Eabhrach chugainn chun masla a thabhairt dúinn! Tháinig sé isteach chugam chun luí liom, ach liúigh mé in ard mo chinn,
15
agus nuair a chuala sé mo liú agus mo bhéic, d' fhág sé a bhrat agam agus theith agus d' éalaigh ón teach.»
16
Choinnigh sí an brat ansiúd lena taobh go dtí gur tháinig a mháistir abhaile,
17
agus d' inis sí an scéal céanna dó: «An daor Eabhrach a thug tú dúinn,» ar sí, «tháinig sé isteach chugam do mo mhaslú.
18
Ach a luaithe a ligeas liú asam, in ard mo chinn, d' fhág sé a bhrat agam agus theith on teach amach.»
19
Nuair a chuala a mháistir na focail a labhair a bhean leis: «Mar sin a rinne do shearbhónta liom,» las sé le fearg.
20
Ghabh máistir Iósaef é agus chuir é sa charcair ina gcoimeádtaí príosúnaigh an rí, agus d' fhan sé ansiúd faoi ghlas.
21
Ach bhí an Tiarna fara Iósaef: bhí sé cineálta leis agus fuair fabhar dó i láthair an phríomhshéiléara.
22
Chuir an priomhshéiléir na príosúnaigh eile go léir sa charcair faoi chúram Iósaef; bhí sé i bhfeighil gach gnó a bhí ar siúl ann.
23
Níor bhac an príomhshéiléir le haon rud a bhí faoi chúram Iósaef mar bhí an Tiarna fairis; agus bhí conách an Tiarna ar gach rud a dhéanadh sé.
← Chapter 38
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 40 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50