bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 50
Genesis 50
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 49
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
1
Ansin chaith Iósaef é féin anuas ar a athair, agus shil deora ar a aghaidh agus phóg é.
2
Ansin d' ordaigh Iósaef do na lianna a bhí ina sheirbhís a athair a bhalsamú, agus rinne na lianna Iosrael a bhalsamú.
3
Chaitheadar daichead lá leis an ngnó, mar go dtógann sé daichead lá an balsamú a dhéanamh. Agus chaoin na hÉigiptigh é ar feadh deich lá agus trí fichid.
4
Nuair a bhí an tréimhse chaointe air thart, labhair Iósaef le teaghlach Fhorainn: «Má táim i bhfabhar in bhur láthair,» ar sé, «cuirigí an teachtaireacht seo i gcluais Fhorainn, le bhur dtoil:
5
Chuir m' athair faoi bhrí na mionn mé. ' Táimse ar tí báis,' ar sé, ' tá uaigh agam a d' oscail mé féin dom féin i dtír Chanán; ní foláir duit mé a adhlacadh ansiúd.' Lig dom dul suas mar sin anois, impím ort, agus m' athair a chur. Ansin fillfidh mé.»
6
D' fhreagair Forann: «Imigh leat suas agus déan d' athair a adhlacadh mar a chuir sé d' iallach ort a mhionnú dó.»
7
D' imigh Iósaef suas dá bhrí sin chun a athair a adhlacadh agus chuaigh in éineacht leis searbhóntaí uile Fhorainn agus seanóirí uile a theaghlaigh, agus seanóirí uile thír na hÉigipte;
8
agus, chomh maith leo, teaghlach uile Iósaef, agus a dheartháireacha, agus teaghlach a athar, ach gur fágadh a leanaí, a dtréada, agus a dtáinte i dtír Ghoisin.
9
Ghabh carbaid agus marcshlua suas leis chomh maith, agus ba mhór go léir an tsochraid í.
10
Nuair a shroicheadar Urlár Buailte Átád lastall den Iordáin, chaoineadar caoineadh fada dobrónach ansiúd agus bhí sé féin ag caoineadh a athar ar feadh seacht lá.
11
Nuair a chonaic muintir na háite, na Canánaigh, an caoineadh in Urlár Buailte Átád, dúradar: «Nach dian an caoineadh é seo ag na hÉigiptigh!» Uime sin thugadar Móinéar na nÉigipteach ar an ait tá sé lastall den Iordáin.
12
Rinne a chlann mhac leis mar a d' ordaigh sé dóibh.
13
Óir thug a mhic é go tír Chanán agus rinneadar é a adhlacadh san uaimh san fhearann i Macpaelá, lastoir de Mhamrae, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha.
14
Tar éis dó a athair a adhlacadh, d' fhill Iósaef ar an Éigipt mar aon lena dheartháireacha agus ar ghabh suas leis chun a athair a adhlacadh.
15
Nuair a chonaic deartháireacha Iósaef go raibh a n-athair marbh, dúradar: «B' fhéidir gurb amhlaidh a thabharfaidh Iósaef fuath dúinn agus cúiteamh a éileamh san urchóid go léir a rinneamar air.»
16
Chuireadar teachtaireacht dá bhrí sin go dtí Iósaef á rá: «Roimh bhás dó, thug d' athair an t-ordú seo:
17
' Abraigí le Iósaef: Maith a gcoir agus a bpeaca do do dheartháireacha, impím ort, mar go ndearnadar éagóir ort.' Agus anois achainímidne ort a gcoir a mhaitheamh do shearbhóntaí Dhia d' athar.» Bhris a ghol ar Iósaef nuair a labhair siad leis.
18
Tháinig a dheartháireacha uathu féin agus shléachtadar dó agus dúirt: «Seo sinne inár searbhóntaí agat!»
19
Ach d' fhreagair Iósaef: «Ná bíodh eagla oraibh! An amhlaidh atáimse in áit Dé?
20
Maidir libhse, bheartaigh sibh olc i m' aghaidh ach dheonaigh Dia é a chur chun tairbhe i dtreo go gcuirfeadh sé fuascailt a lán i gcrích, faoi mar atá déanta aige anois.
21
Ná bíodh eagla oraibh dá bhrí sin; cothóidh mé féin sibhse agus bhur muirear.» Ar an gcuma sin thug sé misneach agus sólás dóibh.
22
Chónaigh Iósaef san Éigipt mar sin agus teaghlach a athar ina fhochair. Mhair Iósaef céad agus a deich mbliana.
23
Chonaic Iósaef an tríú glúin de shliocht Eafráim, agus chonaic sé leis clann Mháicír mac Mhanaise a rugadh in ucht Iósaef.
24
Faoi dheireadh dúirt Iósaef lena dheartháireacha: «Táim i mbéal báis. Ach tiocfaidh Dia ag triall oraibh agus tabharfaidh sé suas sibh ón tír seo go dtí an tír a gheall sé faoi bhrí na mionn d' Abrahám, do Íosác, agus do Iacób.»
25
Ansin chuir Iósaef clann Iosrael faoi bhrí na mionn á rá: «Nuair a thiocfaidh Dia ag triall oraibh, tugaigí mo chnámha libh ón áit seo gan teip.»
26
Fuair Iósaef bás agus é céad agus a deich mbliana d' aois; agus rinneadar é a bhalsamú agus a chur i gcónra san Éigipt.
← Chapter 49
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50