bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 15
Genesis 15
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 16 →
1
Tamall tar éis na nithe sin tháinig briathar an Tiarna chun Abrám i bhfís á rá: «Ná bíodh eagla ort, a Abrám. Is mé do sciath; beidh luach saothair an-mhór agat.»
2
«A Thiarna Dia liom,» arsa Abrám, «cad a thabharfaidh tú dom? Táim fós gan chlann?
3
Féach,» arsa Abrám ansin, «níor thug tú aon sliocht orm i dtreo go mbeidh daor a rugadh i mo theach féin ina oidhre orm.»
4
Agus féach! tháinig briathar an Tiarna chuige gan mhoill: «Ní hé an fear seo a bheidh ina oidhre ort. Beidh mac a ghinfear ó do leasracha féin ina oidhre ort.»
5
Agus thug sé leis amach é agus dúirt: «Féach suas ar an spéir agus comhair na réaltaí más féidir duit iad a áireamh. Mar sin,» ar sé ansin, «a bheidh do shíol.»
6
Agus chreid seisean an Tiarna agus mheas an Tiarna é sin mar fhíréantacht aige.
7
«Mise an Tiarna,» ar sé leis, «a thug tú amach as Úr na gCaildéach, chun go dtabharfainn an tír seo duit mar oidhreacht.»
8
«A Thiarna Dia liom,» ar sé, «cá bhfios dom go mbeidh sé mar oidhreacht agam?»
9
«Tabhair dom,» ar sé, «bearach trí bliana, minseach trí bliana, reithe trí bliana, colúr, agus colm óg.»
10
Thug sé iadsan go léir chuige; ghearr sé ina dhá leath gach ceann acu agus chuir sé leath ar thaobh agus leath ar an taobh eile os a chomhair sall, ach nár ghearr sé na héin.
11
Nuair a bhíodh éanlaith chreiche ag teacht anuas ar na conablaigh, chuireadh Abrám an ruaig orthu.
12
Le luí na gréine thit tromchodladh ar Abrám agus bhuail scéin é.
13
Ansin dúirt an Tiarna le hAbrám: «Bíodh a fhios seo agat go dearfa: beidh do shíol ina ndeoraithe i dtír nach leo, mar a mbeidh siad ina ndaoir agus mar a mbeidh siad faoi leatrom ar feadh ceithre chéad bliain.
14
Ach déanfaidh mise breithiúnas chomh maith ar an gcine faoina mbeidh siad i ndaoirse, agus tiocfaidh siad amach ina dhiaidh sin le mórán maoine.
15
Maidir leat féin, imeoidh tú chun d' aithreacha i síocháin; beidh aois mhór agat ag dul faoin gcré duit.
16
Fillfidh siad ar ais anseo sa cheathrú glúin, mar níl urchóid na nAmórach iomlán fós.»
17
Tar éis don ghrian dul faoi dá bhrí sin agus gur thit an dorchadas, chonacthas foirnéis dheataigh tine agus lóchrann ar lasadh ag gabháil idir na codanna roinnte úd.
18
Rinne an Tiarna Conradh le hAbrám an lá sin á rá: «Tabharfaidh mé do do shliocht an dúiche seo ó Abhainn na hÉigipte go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes,
19
mar a gcónaíonn na Céinigh agus na Cinizigh agus na Cadmónaigh agus na
20
Hitigh, agus na Pirizigh, agus na Rafáím,
21
na hAmóraigh agus na Canánaigh, agus na Giorgáisigh agus na Iabúsaigh.»
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50