bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 4
Genesis 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 5 →
1
Luigh Ádhamh lena bhean Éabha agus ghabh sí gin agus rug mac, Cáin. «Fuaireas mac,» ar sí, «le cúnamh an Tiarna.»
2
Agus rug sí an dara mac Áibil, deartháir Cháin. Aoire i bhfeighil caorach a ba ea Áibil, ach ag saothrú na talún a bhíodh Cáin.
3
Faoi chionn tamaill thug Cáin cuid de thorthaí na talún mar íobairt don Tiarna,
4
agus thug Áibil mar an gcéanna cuid de chéadghinte a thréada agus dá saill. D' fhéach an Tiarna le fabhar ar Áibil agus ar a íobairt
5
ach níor fhéach sé le fabhar ar Cháin ná ar a íobairtsean. Líon Cáin le fearg agus chuir púic air féin.
6
Chuir an Tiarna ceist ar Cháin: «Cén fáth,» ar sé, «a bhfuil fearg ort agus púic?
7
Má dhéanann tú an mhaith, nach nglacfar leat? Mura ndéana tú an mhaith, nach shin é an peaca ar an tairseach agat agus craos air chugat ach go gcaithfir é a cheansú?»
8
«Téanam amach,» arsa Cáin le hÁibil a dheartháir. Fad bhí siad amuigh, d' iompaigh Cáin ar Áibil a dheartháir agus mharaigh sé é.
9
Ansin dúirt an Tiarna le Cáin: «Cá bhfuil Áibil do dheartháir?» «Níl a fhios agam,» ar sé. «An mise coimeádaí mo dhearthár?»
10
«Cad tá déanta agat?» arsa an Tiarna. «Tá guth fhuil do dhearthár ag glaoch orm as an talamh.
11
Beidh mallacht ort feasta agus tú ar díbirt ón talamh seo a d' oscail a bhéal agus a ghlac fuil do dhearthár ó do láimh.
12
Nuair a shaothróidh tú an talamh ní thabharfaidh sé feasta dá dhícheall duit. Beidh tú i do theifeach agus i d' fhánaí ar talamh.»
13
Dúirt Cáin leis an Tiarna: «Tá mo phionós thar mo chumas iompair.
14
Seo thú inniu do mo dhíbirt ón talamh seo; rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis; beidh mé i mo theifeach agus i m' fhánaí ar talamh agus an té thiocfaidh orm maróidh sé mé.»
15
«Cibé más ea,» arsa an Tiarna leis, «a mharóidh Cáin, déanfar é a dhíolt air faoi sheacht.» Agus chuir an Tiarna marc ar Cháin ionas nach maródh aon duine a thiocfadh air é.
16
Ansin d' imigh Cáin leis ó láthair an Tiarna agus chuir sé faoi i dtír Nód, soir ó Éidin.
17
Luigh Cáin lena bhean agus ghabh sí gin, agus rug sí Eineoc. Thóg sé cathair agus thug sé ainm a mhic Eineoc ar an gcathair.
18
Bhí Íorád mar mhac ag Eineoc, agus ag Íorád bhí Machúael mar mhac; ghin Machúael Matúisiael, agus ghin Matúisiael Láimic.
19
Phós Láimic beirt bhan; bhí Ádá mar ainm ar bhean acu, agus Zilleá ar an mbean eile.
20
Rug Ádá Iábál, an té ónar shíolraigh an lucht cónaithe i mbothanna a bhfuil eallach acu.
21
Iúbál a ba ainm dá dheartháir, agus is uaidhsean a shíolraigh an dream go léir a sheinneann an chruit agus an phíb.
22
Dála Zilleá, rug sí Túbál Cáin. Uaidhsean a shíolraigh gaibhne gach miotail, idir phrás is iarann. Agus ba í Námá deirfiúr Túbál Cáin.
23
Dúirt Láimic lena mhná: «A Ádá agus a Zilleá, éistigí le mo ghlór! A mhná Láimic, tugaigí cluas do mo ráite béil! Mharaigh mé fear de bharr mé a ghonadh agus ógánach de bharr mé a bhualadh.
24
Déantar Cáin a dhíolt faoi sheacht, ach Láimic faoi sheacht seachtód.»
25
Luigh Ádhamh lena bhean arís, agus rug sí mac ar ar thug sé Séat, mar, a dúirt sí, «Bhronn Dia leanbh eile orm in áit Áibil mar gur mharaigh Cáin é.»
26
Rugadh mac do Shéat agus thug sé Eanóis mar ainm air. Eisean an chéad duine a ghlaoigh ar ainm an Tiarna.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50