bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 11
Genesis 11
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 12 →
1
Labhair daoine an teanga chéanna agus na focail chéanna ar fud an domhain mhóir.
2
Agus ag teacht anoir dóibh thángadar ar mhachaire i dtír Shionár agus chuireadar fúthu ann.
3
Agus dúradar lena chéile: «Téanam agus déanaimis brící agus tugaimis tine dóibh» brící a bhíodh acu in áit cloch agus pic in áit moirtéil
4
«Téanam,» ar siad, «agus tógaimis cathair dúinn féin, agus túr agus a bharr ag baint neimhe amach in airde. Tuillimis clú dúinn féin sula scaipfí ar fud chlár na cruinne go léir sinn.»
5
Ansin tháinig an Tiarna anuas go bhfeicfeadh sé an chathair agus an túr a thóg na daoine daonna.
6
«Féach,» arsa an Tiarna, «aon mhuintir amháin iad le haon teanga amháin acu go léir. Níl sa mhéid seo ach tús na mbeart a dhéanfaidh siad; níl aon ní dá bhfuil acu á bheartú nach bhféadfaidh siad a chur i gcrích.
7
Téanam, téimis síos agus déanaimis cíor thuathail dá dteanga ar an bhfód i dtreo nach dtuigfidis caint a chéile a thuilleadh.»
8
Agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne ar fad, agus scoireadar de thógáil na cathrach.
9
Tugadh Báibil uirthi uime sin mar go ndearna an Tiarna cíor thuathail de theangacha an domhain go léir ansiúd; agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne go léir.
10
Seo iad sliocht Shéam: Nuair a bhí Séam céad bliain d' aois ghin sé Arpaicsead dhá bhliain tar éis na díleann.
11
Mhair Séam cúig chéad bliain tar éis Arpaicsead a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha.
12
Nuair a bhí Arpaicsead cúig bliana déag ar fhichid ghin sé Seálach.
13
Mhair Arpaicsead trí bliana agus ceithre chéad tar éis Seálach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha eile.
14
Nuair a bhí Seálach deich mbliana fichead d' aois ghin sé Éibir.
15
Mhair Seálach trí bliana agus ceithre chéad tar éis Éibir a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
16
Nuair a bhí Éibir ceithre bliana déag ar fhichid ghin sé Roinnt.
17
Mhair Éibir ceithre chéad agus a tríocha bliain tar éis Roinnt a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
18
Nuair a bhí Roinnt deich mbliana fichead d' aois ghin sé Reú.
19
Mhair Roinnt naoi mbliana agus dhá chéad tar éis Reú a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
20
Nuair a bhí Reú dhá bhliain déag ar fhichid ghin sé Sarúg.
21
Mhair Reú seacht mbliana agus dhá chéad tar éis Sarúg a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
22
Nuair a bhí Sarúg deich mbliana fichead d' aois ghin sé Náchór.
23
Mhair Sarúg dhá chéad bliain tar éis Náchór a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
24
Nuair a bhí Náchór naoi mbliana fichead d' aois ghin sé Tearach.
25
Mhair Náchór naoi mbliana déag agus céad tar éis Tearach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
26
Nuair a bhí Tearach deich mbliana agus trí fichid ghin sé Abrám agus Náchór agus Hárán.
27
Seo sliocht Thearach: Ghin Tearach Abrám, Náchór agus Hárán. Ghin Hárán Lót.
28
D' éag Hárán i láthair a athar ina thír dhúchais, Úr na gCaildéach.
29
Phós Abrám agus Náchór. Sáraí a b' ainm do bhean Abrám agus Milceá a b' ainm do bhean Náchór iníon Hárán, athair Milceá agus Isceá.
30
Bhí Sáraí aimrid agus í gan leanbh.
31
Thug Tearach leis Abrám a mhac agus Lót mac Hárán mac a mhic, agus Sáraí bean a mhic, bean Abrám, agus amach leo le chéile ó Úr na gCaildéach ag triall ar thír Chanán. Ach nuair a thángadar go Hárán chuireadar fúthu ann.
32
Bhí cúig bliana agus dhá chéad d' fhad saoil ag Tearach; ansin fuair sé bás i Hárán.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50