bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 16
Genesis 16
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 17 →
1
Níor rug Sáraí bean Abrám aon chlann, más ea, do Abrám, ach bhí ionailt Éigipteach aici darbh ainm Hágár.
2
Dúirt Sáraí le hAbrám: «Féach, níor lig Dia dom clann a iompar. Gabh isteach dá bhrí sin chun m' ionailte; b' fhéidir go bhfaighinn clann tríthi.» Thug Abrám cluas do ghlór Sháraí.
3
Tar éis cónaí a bheith ar Abrám deich mbliana i dtír Chanán, rug Sáraí léi Hágár a hionailt Éigipteach agus thug d' Abrám í mar bhean.
4
Luigh sé le Hágár agus ghabh sí gin, agus a luaithe a bhí a fhios aici go raibh gin á hiompar aici, níor fhan aon mheas aici ar a máistreás.
5
Ansin dúirt Sáraí le hAbrám: «An éagóir atá á déanamh orm go bhfille sí ort féin! Thugas m' ionailt duit i d' ucht, ach anois ó tá a fhios aici go bhfuil sí ag iompar níl meas dá laghad aici orm. Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh idir mé agus tú.»
6
Ach dúirt Abrám le Sáraí: «Féach, tá d' ionailt faoi do smacht féin. Déan do rogha rud léi!» Chrom Sáraí ar í a chiapadh dá bhrí sin agus theith sí uaithi.
7
Fuair aingeal an Tiarna í cois tobar uisce san fhásach, an tobar ar an mbealach go Siúr.
8
«A Hágár, a ionailt Sháraí,» ar sé, «cá has ar tháinig tú agus cá bhfuil do thriall?» «Táim ag teitheadh ó mo mháistreás Sáraí,» ar sí.
9
Dúirt aingeal an Tiarna léi: «Fill ar do mháistreás agus géill di.»
10
Agus dúirt aingeal an Tiarna léi chomh maith: «Cuirfidh mé an rath ar do shíol i dtreo nach bhféadfar iad a áireamh le barr líonmhaire.»
11
Agus dúirt aingeal an Tiarna léi: «Féach, tá leanbh ar iompar agat, agus béarfaidh tú mac, agus tabharfaidh tú Ísmeáél mar ainm air, mar gur éist an Tiarna le do ghlór buartha.
12
Asal fiáin fir a dhéanfaidh sé, a dhorn in aghaidh gach duine agus dorn gach duine ina aghaidh, agus é ag spairn lena bhráithre go léir.»
13
Thug Hágár ainm ar an Tiarna a labhair léi: «Is tú Dia na Físe,» mar ar sí, «nach áit é seo ina bhfaca-sa go dearfa chomh maith an té a fheiceann mise.»
14
Uime sin a tugadh Tobar Lachaí Roí (an Bheo a Fheiceann mé) ar an tobar; tá sé idir Cáidéis agus Báiread.
15
Rug Hágár mac d' Abrám agus thug Abrám Ísmeáél ar an mac a rug Hágár.
16
Bhí Abrám sé bliana agus ceithre fichid d' aois nuair a rug Hágár Ísmeáél d' Abrám.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 17 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50