bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Genesis 17
Genesis 17
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 18 →
1
Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d' aois thaispeáin an Tiarna é féin d' Abrám agus dúirt leis: «Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,
2
agus déanfaidh mé Conradh idir mé agus tú agus cuirfidh mé rath thar na bearta ort.»
3
Shléacht Abrám go talamh, agus dúirt Dia leis:
4
«Is leatsa atá mo Chonradh, agus beidh tú i d' athair ar mhórán ciníocha.
5
Ní thabharfar Abrám mar ainm ort feasta, ach tabharfar Abrahám ort, óir tá athair ar mhórán ciníocha á dhéanamh agam díot.
6
Cuirfidh mé rath thar cuimse ort, agus déanfaidh mé ciníocha díot agus tiocfaidh ríthe ar do shíol.
7
Daingneoidh mé mo Chonradh idir mé agus tú, agus do shliocht i do dhiaidh, glúin ar ghlúin; beidh sé mar Chonradh síoraí mise a bheith i mo Dhia agatsa agus ag do shliocht i do dhiaidh.
8
Agus tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht i do dhiaidh tír do dheoraíochta, tír Chanán go léir, i do sheilbh go brách agus beidh mé féin i mo Dhia acu.»
9
Agus dúirt Dia le hAbrahám: «Ó do thaobhsa de, coimeádfaidh tú mo Chonradh, tú féin agus do shliocht i do dhiaidh ó ghlúin go glúin.
10
Is é seo an Conradh liomsa a choimeádfaidh tú idir mise agus tusa agus do shliocht i do dhiaidh: Déantar timpeallghearradh ar gach uile leanbh mic de bhur gcuid;
11
déanaigí feoil bhur bhforchraicinn a thimpeallghearradh agus is é sin a bheidh ina chomhartha don Chonradh atá eadrainn.
12
Nuair a bheidh siad ocht lá d' aois caithfear timpeallghearradh a dhéanamh ar gach gin mhic ó ghlúin go glúin, cibé acu a bhéarfar i do theach iad nó a cheannófar iad ó choigríoch nach de do shíolsa.
13
Ní foláir iad a thimpeallghearradh, iad siúd a bhéarfar i do theach, agus iad siúd a cheannófar le d' airgead. Beidh mo Chonradh in bhur bhfeoil mar chonradh síoraí.
14
An fireannach gan timpeallghearradh, nár gearradh a fhorchraiceann timpeall, gearrfar amach óna phobal é; bhris sé mo Chonradh.»
15
«Maidir le Sáraí do bhean,» arsa Dia le hAbrahám, «ní thabharfaidh tú Sáraí uirthi, ach Sárá a bheidh mar ainm uirthi.
16
Cuirfidh mé mo bheannacht uirthi agus bronnfaidh mé mac ort uaithi; cuirfidh mé mo bheannacht uirthi agus beidh sí ina máthair ar chiníocha; beidh ríthe ciníocha ag cineadh uaithi.»
17
Shléacht Abrahám go talamh agus gháir agus dúirt ina chroí: «An mbéarfar mac don té atá céad bliain d' aois? An mbeidh leanbh ag Sárá agus í nócha bliain d' aois?»
18
«Ó, mhuise,» arsa Abrahám le Dia, «go maire Ísmeáél féin i d' fhianaise.»
19
«Ní hé sin é,» arsa Dia, «ach béarfaidh do bhean Sárá mac agus tabharfaidh tú Íosác mar ainm air. Daingneoidh mé mo Chonradh leis ina Chonradh síoraí.i. mé a bheith i mo Dhia aige féin agus ag a shliocht ina dhiaidh.
20
D' éist mé le do ghuí ar son Ísmeáél chomh maith. Féach, beannóidh mé é agus cuirfidh mé an rath air, agus sliocht líonmhar thar na bearta; beidh sé ina athair ar dháréag flaith agus déanfaidh mé cine mór de.
21
Ach Íosác a bhéarfaidh Sárá duit an taca seo an bhliain seo chugainn, is leis a dhaingneoidh mé mo Chonradh.»
22
Nuair a bhí deireadh ráite ag Dia le hAbrahám suas leis uaidh.
23
Ísmeáél a mhac agus na daoir go léir a rugadh ina theach nó a ceannaíodh le hairgead, gach fireannach is é sin dá theaghlach, thóg Abrahám iad agus rinne timpeallghearradh ar fheoil a bhforchraicinn an lá ceannann céanna mar a dúirt an Dia leis.
24
Agus bhí Abrahám nocha naoi mbliana nuair a rinneadh timpeallghearradh ar fheoil a fhorchraicinn.
25
Bhí Ísmeáél a mhac trí bliana déag d' aois nuair a rinneadh timpeallghearradh ar fheoil a fhorchraicinn.
26
Rinneadh timpeallghearradh ar Abrahám agus ar a mhac Ísmeáél an lá céanna sin,
27
agus rinneadh timpeallghearradh fairis ar na fir go léir dá theaghlach, iad siúd a rugadh ina theach agus iad siúd a ceannaíodh ó choigríoch.
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50