bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Psalms 119
Psalms 119
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 118
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 67
Chapter 68
Chapter 69
Chapter 70
Chapter 71
Chapter 72
Chapter 73
Chapter 74
Chapter 75
Chapter 76
Chapter 77
Chapter 78
Chapter 79
Chapter 80
Chapter 81
Chapter 82
Chapter 83
Chapter 84
Chapter 85
Chapter 86
Chapter 87
Chapter 88
Chapter 89
Chapter 90
Chapter 91
Chapter 92
Chapter 93
Chapter 94
Chapter 95
Chapter 96
Chapter 97
Chapter 98
Chapter 99
Chapter 100
Chapter 101
Chapter 102
Chapter 103
Chapter 104
Chapter 105
Chapter 106
Chapter 107
Chapter 108
Chapter 109
Chapter 110
Chapter 111
Chapter 112
Chapter 113
Chapter 114
Chapter 115
Chapter 116
Chapter 117
Chapter 118
Chapter 119
Chapter 120
Chapter 121
Chapter 122
Chapter 123
Chapter 124
Chapter 125
Chapter 126
Chapter 127
Chapter 128
Chapter 129
Chapter 130
Chapter 131
Chapter 132
Chapter 133
Chapter 134
Chapter 135
Chapter 136
Chapter 137
Chapter 138
Chapter 139
Chapter 140
Chapter 141
Chapter 142
Chapter 143
Chapter 144
Chapter 145
Chapter 146
Chapter 147
Chapter 148
Chapter 149
Chapter 150
Chapter 120 →
1
Aleph Is aoibhinn a mbíonn a slí gan mháchail, a shiúlann i ndlí an Tiarna. Salm 118
2
Is aoibhinn dá gcoimeádann a fhorálacha, á lorg ó lanchroí.
3
An mhuintir nach ndéanann urchóid; ach a shiúlann ina shlite.
4
Thug tú do phroiceapta dúinn go gcomhlíonfaí go beacht iad.
5
Nár mhéanar mo shlite a bheith go daingean, d' fhonn do reachtanna a choimeád.
6
Ní dhéanfar mo náiriú nuair a ghéillfidh mé do d' aitheanta uile.
7
Molfaidh mé thú le dílseacht chroí ag foghlaim d' fhoraitheanta dom.
8
Déanfaidh mé de réir do reachtanna; ná tréig mé ar fad.
9
Beth Conas a mhairfidh an t-ógánach go glan, ach le d' aitheanta a chomhlíonadh?
10
Iarraim thú le mo chroí go hiomlán; nár imí mé ó d' aitheanta.
11
Cuirim do bhriathar i bhfolach i mo chroí; sula ndéanfainn peaca ort.
12
Is beannaithe atá tú, a Thiarna; múin do reachtanna dom.
13
Is amhlaidh a d' admhaigh mé le mo bhruasa foraitheanta uile do bhéil.
14
Gairdím i slí d' fhorálacha amhail san uile shaibhreas.
15
Déanfaidh mé machnamh ar do theagasc; agus breithneoidh mé do shlite.
16
Tabharfaidh mé taitneamh do do reachtanna; ní dhéanfad dearmad ar do bhriathra.
17
Gimel Bí go maith le do ghiolla le go mairfidh mé, agus go gcoimeádfaidh mé do bhriathra.
18
Oscail mo shúile chun go bhfeicfidh mé iontais uile do dhlí.
19
Táim i mo dheoraí ar talamh; ná ceil orm d' aitheanta.
20
Bíonn m' anam ag meirtniú de shíor, is é ag tnúth le d' fhoraitheanta.
21
Lochtaigh tú na huaibhrigh agus na mallachtaigh a chuaigh ar seachrán ó d' aitheanta.
22
Tóg uaim tarcaisne agus aithis toisc go nglacaim le do theagasc.
23
Cé go dtéann prionsaí i ndáil chomhairle i m' éadan, bím ag machnamh ar do reachtanna.
24
Óir is iad d' fhorálacha m' aoibhneas; is iad do reachtanna mo chomhairleoirí.
25
Daleth Tá m' anam ar lár sa luaithreach; athbheoigh mé le do bhriathar.
26
Mhínigh mé mo shlite, agus d' éist tú liom; múin do reachtanna dom.
27
Tabhair treoir dom i slí do phroiceapt, agus déanfaidh mé machnamh ar d' iontais.
28
Bíonn m' anam ag sileadh deor le neart bróin; tabhair misneach dom le do bhriathar.
29
Coinnigh mé ó shlí na hearráide, agus tabhair dom do dhlí.
30
Rinne mé rogha de shlí na fírinne; chuir mé d' aitheanta os mo chomhair.
31
Bím ag cloí de shíor le d' fhorálacha; ná clis orm, a Thiarna.
32
Rithfidh mé ar shlí d' aitheanta; nuair a cheansóidh tú mo chroí.
33
Hé Múin dom slí do reachtanna, a Thiarna; agus comhlíonfaidh mé go cruinn iad.
34
Déan mo theagasc d' fhonn do dhlí a chomhlíonadh agus a choimeád ó chroí.
35
Treoraigh mé ar chosán d' aitheanta, óir is ann atá mo thaitneamh.
36
Claon mo chroí i leith d' fhorálacha; agus ná claon chun sainte é.
37
Iompaigh mo shúile chun nach bhfeicfidh siad díomhaointeas; déan mo bheochan trí do shlíse.
38
Cuir le do ghealltanas do do ghiolla; le go mbeadh eagla ar a thuilleadh romhat.
39
Coinnigh i bhfad uaim an aithis is eagal liom, óir is aoibhinn iad d' fhoraitheanta.
40
Féach, is mian liom do phroiceapta; tabhair dom an bheatha i d' fhíréantacht.
41
Vau Go dtaga do bhuanghrá orm, a Thiarna, agus do chabhair de réir do ghealltanais.
42
Tabharfaidh mé freagra ar lucht mo cháinte; toisc gur muinín liom do bhriathar.
43
Focal na fírinne ná bain as mo bhéal; cuirim mo dhóchas i d' fhoraitheanta.
44
Agus coimeádfaidh mé do dhlí de shíor, go brách na breithe.
45
Siúlfaidh mé i slí na saoirse, mar táim ar lorg do theagaisc.
46
Inseoidh mé d' fhorálacha i láthair ríthe; ní bheidh cotadh ar bith orm.
47
Is i d' aitheanta a bheidh mo thaitneamh ós dóibh a thugaim grá.
48
Agus tógfaidh mé mo lámha chun d' aitheanta; déanfaidh mé machnamh ar do reachtanna.
49
Zain Bí ag cuimhneamh ar do bhriathra do do ghiolla; lenar thug tú dóchas dom.
50
Is é mo shólás le linn mo bhuartha, gurb é do bhriathar a bheoigh mé.
51
Maslaíonn lucht an díomais mé go díocasach: ach ní chlaonaim ó do dhlí.
52
Cuimhním ar do bhreitheanna ársa, a Thiarna; agus tugann siad sólás dom.
53
Gabhann fearg mé de bharr na bpeacach a bhíonn ag tréigean do dhlí.
54
Bíonn do reachtanna ina n-amhrán agam, in áit mo dheoraíochta.
55
Cuimhním ar d' ainm de shiúl oíche, a Thiarna; agus coimeádaim do dhlí.
56
Is amhlaidh a chuirfidh sé seo le mo chlú, gur choinnigh mé do phroiceapta.
57
Heth Dúirt mé, a Thiarna, gurb í mo chuid do bhriathra a choimeád.
58
Guím thú ó mo chroí go hiomlán: déan trócaire orm de réir mar gheall tú.
59
Rinne mé mo shlite a mheas, agus d' fhill mé ar d' fhorálacha.
60
Bhrostaigh mé is ní dhearna mé moill, chun d' aitheanta a chomhlíonadh.
61
Chrioslaigh téada lucht na hurchóide mé; níor dhearmad mé do dhlí.
62
Éirim um mheán oíche do do cheiliúradh, mar gheall ar d' fhoraitheanta córa.
63
Is cara mé do chách ar a mbíonn do eagla, agus a choimeádann do phroiceapta.
64
Tá an talamh lán de do bhuanghrá, a Thiarna; múin dom do reachtanna.
65
Teth Chaith tú go maith le do ghiolla, a Thiarna, de réir do bhriathair.
66
Múin dom eagna agus eolas; tá mo dhóchas i d' aitheanta.
67
Sular crádh mé chuaigh mé ar seachrán; ach anois coimeádaim do bhriathar.
68
Is maith tú, is fial tú agus is flaithiúil; múin dom do reachtanna.
69
Beartaíonn na díomasaigh cealg i mo choinne; ach comhlíonaimse do phroiceapta.
70
Ramhraigh a gcroí ar nós blonaige; faighimse mo thaitneamh i do dhílseacht.
71
Is méanar dom go raibh mé do mo chrá; ionas go bhfoghlaimeoinn do reachtanna.
72
Is fearr liom go mór fada dlí do bhéilse ná na mílte d' ór agus d' airgead.
73
Iód Do lámha a rinne agus a chruthaigh mé; múin dom d' aitheanta a fhoghlaim.
74
Feicfidh d' aos eagla agus gairdeoidh siad, toisc gur muinín liom do bhriathar.
75
Tuigim, a Thiarna, gur cóir iad d' fhoraitheanta; agus gur le barr dílseachta a chráigh tú mé.
76
Bíodh do bhuanghrá ina ábhar sóláis dom, mar a gheall tú do do ghiolla.
77
Bíodh trua agat dom agus mairfidh mé, óir is aoibhinn liom do dhlí.
78
Go gclise ar na huaibhrigh atá do mo chrá gan ábhar agus mé ag machnamh ar do phroiceapta.
79
Go n-iompaítear chugam an dream lenarb eagal tú, a thugann aire do d' fhorálacha.
80
Go raibh mo chroí go foirfe i do reachtanna, ionas nach bhfaighinn mo náiriú.
81
Caph Bíonn m' anam ag tnúth le do shlánú; cuirim mo dhóchas i do bhriathar.
82
Meathann mo shúile le dúil i do ghealltanas; cathain a tabharfaidh tú sólás dom?
83
Cé gur cosúil mé le buidéal leathair sa deatach, níor dhearmad mé do reachtanna.
84
Cá líon laethanta do ghiolla? Cathain a chiontóidh tú mo ghéarleantóirí?
85
Thochail na huaibhrigh claiseanna dom, in aghaidh do dhlí.
86
Is fíor iad do phroiceapta uile fóir orm; déantar mo chrá gan chúis.
87
Cé gur beag nár cuireadh deireadh liom ar talamh, níor thréig mé d' aitheanta.
88
Tabhair an bheatha dom de réir do thrócaire; agus coimeádfaidh mé d' fhorálacha.
89
Lamed Maireann do bhriathar go brách, a Thiarna, chomh daingean le neamh.
90
Maireann d' fhírinne go dtí an uile ghlúin, mar an talamh a bhunaigh tú.
91
Maireann siad go buan de réir do reachtanna; fónann gach aon ní duit.
92
Murach gurb aoibhinn liom do dhlí, gheobhainn bás i m' ainnise.
93
Go deo ní dhéanfaidh mé dearmad ar do phroiceapta, óir is leo a thug tú beatha dom.
94
Is leat mé; déan mé a tharrtháil, toisc go lorgaim do phroiceapta.
95
Tá na peacaigh ag fanacht liom d' fhonn mo mhillte; ach tugaim d' fhorálacha do m' aire.
96
Is eol dom go bhfuil críoch le gach foirfeacht; ach gur fada fairsing í d' aithne.
97
Mem A, nach aoibhinn liom do dhlí, a Thiarna; is ábhar machnaimh dom de shíor é.
98
Rinne d' aithne níos críonna ná m' eascairde mé; óir bíonn sí in éineacht liom de shíor.
99
Is críonna mé ná lucht mo mhúinte go léir, toisc go machnaím ar d' fhorálacha.
100
Is mó mo thuiscintse ná tuiscint na seanóirí; óir comhlíonaim do phroiceapta.
101
Tugaim ar mo chosa gach drochshlí a sheachaint, d' fhonn do bhriathra a choimeád.
102
Ní chlaonaim i leataobh ó d' fhoraitheanta; ós tú a mhúin mé.
103
Is milse do bhriathra le mo charball; ná mil le mo bhéal.
104
Faighim tuiscint de bharr do phroiceapta; is gráin liom gach drochshlí.
105
Nun Is lóchrann do mo chosa do bhriathar; is solas do mo chosán é.
106
Mhionnaigh mé agus bheartaigh mé i m' aigne, d' fhoraitheanta a choimeád.
107
Tá mé buartha go mór, a Thiarna; beoigh mé le do bhriathar.
108
Glac le hofrálacha mo bhéil, a Thiarna; agus múin dom d' fhoraitheanta.
109
Bíonn mo bheo i mbaol i gcónaí ach ní dhearmadaim do dhlí.
110
Chuir na peacaigh gaiste i mo bhealach; ach níor thréig mé do phroiceapta.
111
Is iad d' fhorálacha mo oidhreacht go brách; cuireann siad áthas ar mo chroí.
112
Chlaon mé mo chroí chun do reachtanna a chomhlíonadh go beacht agus go brách.
113
Samek Is fuath liom an teanga liom leat; ach is geal liom do dhlí.
114
Is tú mo chaomhnóir agus mo sciath; cuirim mo dhóchas i do bhriathar.
115
Imígí uaim, a lucht déanta na hurchóide; coimeádfaidh mé aitheanta mo Dhé.
116
Seas liom de réir d' fhocail agus mairfidh mé; ná teipeadh ar mo dhóchas.
117
Bí i do thaca agam i dtreo is go sábhálfar mé; coimeádfaidh mé do reachtanna go deo.
118
Is beag ort a n-imíonn ó do reachtanna; toisc gur bréagach a mbeartas.
119
Is salachar leat peacaigh uile na cruinne; is uime a charaim d' fhorálacha.
120
Scanraíonn mo cholainn le corp eagla romhat; agus is eagal liom do reachtanna.
121
Ayin Chleachtaigh mé an ceart agus an chóir; ná tabhair suas do lucht leatroim mé.
122
Téigh i mbannaí ar do ghiolla ar mhaithe leis, sula dtreascraí na huaibhrigh mé.
123
Meathann mo shúile le dúil i do chúnamh, agus i bhfírinne do bhriathair.
124
Déan le do ghiolla de réir do bhuanghrá, agus múin dom do reachtanna.
125
Is mé do ghiolla, tabhair teagasc dom, ionas gurab eol dom d' fhorálacha.
126
Is mithid duit gníomhú, a Thiarna, óir sáraíodh do dhlí.
127
Ar an ábhar sin is ansa liom d' aitheanta, ná an t-ór is mine.
128
Is uime a chloígh mé le do phroiceapta uile, toisc gur fuath liom gach bréagshlí.
129
Pe Is iontach iad go dearfa do fhorálacha; is uime sin a choimeádaim iad.
130
Tugann foilsiú do bhriathair solas dom, agus teagasc do lucht aineolais.
131
Bíonn mo bhéal ar leathadh ag osnaíl dom agus mé ag tnúth le d' aitheanta.
132
Iompaigh chugam agus taispeáin dom do thrua, mar a dhéanann tú do do chairde.
133
Dírigh mo chéimeanna de réir do bhriathair; ná gabhadh an urchóid forlámhas orm.
134
Déan mo shaoradh ar ansmacht na ndaoine; agus coimeádfaidh mé do phroiceapta.
135
Soilsíodh solas do ghnúise ar do ghiolla; agus múin dom do reachtanna.
136
Chaoin mé uisce mo chinn toisc nár coimeádadh do dhlí.
137
Sade Is fíréanta tú go deimhin, a Thiarna; agus is ceart do bhreithiúnas.
138
Chuir tú d' fhorálacha i bhfeidhm go cóir agus go daingean diongbháilte.
139
Táim do mo shníomh ag méad mo dhúthrachta, mar nach cuimhin le mo naimhde do bhriathar.
140
Tástáladh do bhriathar go dearfa agus is geal le do ghiolla é.
141
Is beag is fiú mé féin, agus is suarach; ní dhearmadaim do phroiceapta.
142
Is fíréantacht shíoraí í d' fhiréantachtsa; agus is daingean é do dhlí.
143
Tháinig anuas orm diachair agus dochraide; faighim m' aoibhneas i d' aitheantasa.
144
Is fíréanta iad d' fhorálacha go deo; tabhair teagasc dom agus mairfidh mé.
145
Qof Glaoim ó chroí ort; éist liom, a Thiarna; coimeádfaidh mé do reachtanna.
146
Glaoim ort; déan mé a tharrtháil; agus coinneoidh mé d' fhorálacha.
147
I moiche na maidine bím ag glaoch ort; cuirim mo dhóchas i do bhriathar.
148
Bím ag faire i gcaitheamh na hoíche, ag déanamh mo mharana ar do bhriathar.
149
Éist liom, a Thiarna, de réir do bhuanghrá; beoigh mé de réir d' aithne.
150
Tá lucht mo ghéarleanúna ag druidim liom, agus iad i bhfad ó do dhlí.
151
Ach tá tusa i ngar dom, a Thiarna; agus is dílis iad d' aitheanta.
152
Is fadó a d' aithin mé ar d' fhorálacha gur dhaingnigh tú iad go brách.
153
Resh Féach ar m' angar agus fuascail mé toisc nár dhearmad mé do dhlí.
154
Déan mo chúis a phlé agus slánaigh mé; déan mo bheochan le do bhriathar.
155
Is fada an slánú ó na peacaigh, toisc nach cúram leo d' fhoraitheanta.
156
Is líonmhar iad do thrócairí, a Thiarna; beoigh mé de réir d' fhoraitheanta.
157
Is líonmhar lucht mo ghéarleanúna agus mo bhuartha; ní chlaonaim ó do phroiceapta.
158
Chonaic mé na ciontaigh agus ghabh tuirse mé, toisc nár choimeád siad do bhriathar.
159
Féach! is geal liom do phroiceapta, a Thiarna; coinnigh beo mé le do bhuanghrá.
160
Is í an bhuaine buaic do bhriathair; maireann do reachtanna go brách.
161
Sin Déanann flatha géarleanuint orm gan fáth; ach is eagal liom do bhriathra.
162
Déanaim gairdeas de bharr do bhriathair mar dhuine a fhaigheann creach.
163
Is fuath liom an t-éitheach agus is gráin liom é; i aoibhinn liom do dhlí.
164
Seacht n-uaire in aghaidh an lae a thugaim moladh duit as ucht do cheartbhreithiúnas.
165
Bíonn mórshuaimhneas ar lucht do dhlí a ghráú; ní bhíonn aon cheap tuisle rompu.
166
Bím ag súil le do chúnamh slánaithe, a Thiarna; agus comhlíonaim d' aitheanta.
167
Bíonn m' anam ag coimeád do fhorálacha; tugaim grá thar cuimse dóibh.
168
Coimeádaim do phroiceapta agus d' orduithe; bíonn mo shlite uile i d' fhianaise.
169
Tau Go dtaga mo ghlór chugat, a Thiarna; tabhair tuiscint dom de réir do bhriathair.
170
Go dtaga mo ghuí i do láthair; fuascail mé de réir d' fhocail.
171
Go dtuga mo bhruasa moladh duit; nuair a mhúinfidh tú do reachtanna dom.
172
Go gcana mo theanga do bhriathar; óir is cóir iad d' aitheanta.
173
Go raibh do lámh i m' aice chun cuidiú liom; toisc gur thogh mé do theagasc.
174
Santaím do shlánú, a Thiarna; agus is aoibhinn liom do dhlí.
175
Go maire m' anam agus go mola sé thú; agus go gcabhraí do reachtanna liom.
176
Táim ar seachrán mar chaora fháin; bí do mo lorg; óir níor dhearmad mé riamh d' aitheanta.
← Chapter 118
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 67
Chapter 68
Chapter 69
Chapter 70
Chapter 71
Chapter 72
Chapter 73
Chapter 74
Chapter 75
Chapter 76
Chapter 77
Chapter 78
Chapter 79
Chapter 80
Chapter 81
Chapter 82
Chapter 83
Chapter 84
Chapter 85
Chapter 86
Chapter 87
Chapter 88
Chapter 89
Chapter 90
Chapter 91
Chapter 92
Chapter 93
Chapter 94
Chapter 95
Chapter 96
Chapter 97
Chapter 98
Chapter 99
Chapter 100
Chapter 101
Chapter 102
Chapter 103
Chapter 104
Chapter 105
Chapter 106
Chapter 107
Chapter 108
Chapter 109
Chapter 110
Chapter 111
Chapter 112
Chapter 113
Chapter 114
Chapter 115
Chapter 116
Chapter 117
Chapter 118
Chapter 119
Chapter 120
Chapter 121
Chapter 122
Chapter 123
Chapter 124
Chapter 125
Chapter 126
Chapter 127
Chapter 128
Chapter 129
Chapter 130
Chapter 131
Chapter 132
Chapter 133
Chapter 134
Chapter 135
Chapter 136
Chapter 137
Chapter 138
Chapter 139
Chapter 140
Chapter 141
Chapter 142
Chapter 143
Chapter 144
Chapter 145
Chapter 146
Chapter 147
Chapter 148
Chapter 149
Chapter 150
Chapter 120 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66
67
68
69
70
71
72
73
74
75
76
77
78
79
80
81
82
83
84
85
86
87
88
89
90
91
92
93
94
95
96
97
98
99
100
101
102
103
104
105
106
107
108
109
110
111
112
113
114
115
116
117
118
119
120
121
122
123
124
125
126
127
128
129
130
131
132
133
134
135
136
137
138
139
140
141
142
143
144
145
146
147
148
149
150