bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Psalms 89
Psalms 89
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 88
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 67
Chapter 68
Chapter 69
Chapter 70
Chapter 71
Chapter 72
Chapter 73
Chapter 74
Chapter 75
Chapter 76
Chapter 77
Chapter 78
Chapter 79
Chapter 80
Chapter 81
Chapter 82
Chapter 83
Chapter 84
Chapter 85
Chapter 86
Chapter 87
Chapter 88
Chapter 89
Chapter 90
Chapter 91
Chapter 92
Chapter 93
Chapter 94
Chapter 95
Chapter 96
Chapter 97
Chapter 98
Chapter 99
Chapter 100
Chapter 101
Chapter 102
Chapter 103
Chapter 104
Chapter 105
Chapter 106
Chapter 107
Chapter 108
Chapter 109
Chapter 110
Chapter 111
Chapter 112
Chapter 113
Chapter 114
Chapter 115
Chapter 116
Chapter 117
Chapter 118
Chapter 119
Chapter 120
Chapter 121
Chapter 122
Chapter 123
Chapter 124
Chapter 125
Chapter 126
Chapter 127
Chapter 128
Chapter 129
Chapter 130
Chapter 131
Chapter 132
Chapter 133
Chapter 134
Chapter 135
Chapter 136
Chapter 137
Chapter 138
Chapter 139
Chapter 140
Chapter 141
Chapter 142
Chapter 143
Chapter 144
Chapter 145
Chapter 146
Chapter 147
Chapter 148
Chapter 149
Chapter 150
Chapter 90 →
1
1 Mascil Ethan an dúchasach. 2 Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna; fógróidh mé do dhílseacht ó ghlúin go glúin. Salm 88
2
3 Óir is deimhin gur daingníodh do bhuanghrá go brách, agus shocraigh tú do dhílseacht chomh buan le neamh.
3
4 «Cheangail mé conradh,» [a dúirt tú,] «leis an té a roghnaigh mé; dhearbhaigh mé do Dháiví mo sheirbhíseach:
4
5 ' Socróidh mé do shliocht go brách, agus bunóidh mé do ríchathaoir go deo.'»
5
6 Foilsíonn na flaithis do mhíorúiltí, a Thiarna; tá d' fhírinne á moladh ag comhthionól na naomh.
6
7 Óir cé is cosúil leis an Tiarna sna néalta, cé atá inchurtha le Dia ar shlua na bhflaitheas?
7
8 Is uafásach é Dia i gcomhchomhairle na naomh; is éachtach é agus is uamhnach thar a bhfuil ina thimpeall.
8
9 A Thiarna Dia na slua, cé is comhionann leat? Is cumhachtach tú, a Thiarna, agus do dhílseacht de gach leith díot.
9
10 Is agatsa atá ceannas ar fhraoch na farraige; is tú a chuireann cosc le tulca na dtonnta.
10
11 Bhuail tú cos ar Ráhab go ndearna tú bloghanna de; agus scaip tú d' eascairde le do chuisle chumhachtach.
11
12 Is leat na flaithis, is leat an talamh; is tú a bhunaigh an domhan agus a bhfuil ann.
12
13 Is tú a chruthaigh an tuaisceart is an deisceart; molann Tábór agus Hearmón d' ainm le corp áthais.
13
14 Is cumasach an chuisle atá agat, a Thiarna, is daingean do lámh, agus do dheaslámh crochta.
14
15 Cóir agus ceart atá mar bhonn do do ríchathaoir; gabhann buanghrá agus dílseacht romhat amach.
15
16 Is aoibhinn don phobal arb eol dóibh an gháir áthais; siúlann siad faoi sholas do ghnúise, a Thiarna.
16
17 Déanann siad gairdeas i d' ainm feadh an lae; agus déantar a móradh as ucht d' fhíréantachta.
17
18 Is tú, a Thiarna, dealramh a gcumhachta; agus is trí do chaoinchineáltas a ardaítear ár neart.
18
19 Óir is é an Tiarna is sciath dár gcosaint; agus is é Neach Naofa Iosrael is rí orainn.
19
20 Labhair tú tráth i bhfís á rá le do chairde naofa «Thug mé cabhair do ghaiscíoch; d' ardaigh mé fear tofa den phobal.
20
21 Fuair mé Dáiví, mo ghiolla; rinne mé a ungadh le m' ola naofa
21
22 d' fhonn go mbeadh mo lámh leis de shíor; agus go mbeadh mo chuisle ag neartú leis.
22
23 Ní mheallfaidh an namhaid go brách é, ná ní dhéanfaidh an t-urchóideach foréigean air,
23
24 ach treascróidh mé a naimhde ina láthair; agus buailfidh mé lucht a fhuatha.
24
25 Beidh mo dhílse agus mo chineáltas ina fhochair; agus is i m' ainmse a ardófar a neart.
25
26 Leathfaidh mé a lámh os cionn na mara agus a dheaslámh os cionn na n-aibhneacha.
26
27 Glaofaidh sé orm: 'Is tú m' athair; is tú mo Dhia agus carraig mo shlánaithe.'
27
28 Ceapfaidh mé ina chéadghin mic é; an té is airde i measc ríthe na cruinne.
28
29 Coinneoidh mé mo chineáltas go deo dó; agus seasfaidh mo chonradh go daingean leis.
29
30 Socróidh mé a shliocht go síoraí agus a ríchathaoir mar laethanta na bhflaitheas.
30
31 Má thréigeann a chlann mhac mo dhlí, mura siúlann siad de réir mo phroiceaptaí,
31
32 más amhlaidh a sháraíonn siad m' fhorálacha, nó más amhlaidh a bhriseann siad m' aitheanta,
32
33 agróidh mé a gcion orthu leis an tslat; agus agróidh mé a gcoir orthu leis an lasc,
33
34 ach ní bhainfidh mé mo bhuanghrá de go deo; ná ní rachaidh mé siar ar mo bhriathar.
34
35 Ní bhrisfidh mé mo chor ná mo cheangal; ná ní bhréagnóidh mé briathar mo bhéil.
35
36 Aon uair amháin a mhionnaigh mé; dar mo naofacht, nach ndéanfainn bréag le Dáiví.
36
37 Mairfidh a shliocht go brách; beidh a chathaoir mar an ngrian i m' fhianaise;
37
38 mairfidh sí go buan mar an ngealach, ina finné fíordhílis ar neamh.» Selah
38
39 Ach theilg tú uait le déistin is le corp feirge an té a d' ung tú féin.
39
40 Bhris tú do chonradh le do ghiolla; agus thruailligh tú a choróin sa deannach.
40
41 Leag tú a mhúrtha go léir; agus d' fhág tú a dhún ina fhothrach.
41
42 Creachann a ngabhann an tslí é ionas go bhfuil sé ina chúis aithise dá chomharsana.
42
43 D' ardaigh tú deaslámh a naimhde; chuir tú áthas ar a eascairde go léir.
43
44 Mhaolaigh tú faobhar a chlaímh; is níor thug tú an bua dó sa chath.
44
45 Chuir tú cosc lena ghlóir-réim; leag tú a ríchathaoir ar lár.
45
46 Ghiorraigh tú laethanta a óige; agus d' fhág tú faoi náire shaolta é.
46
47 Cá fhad, a Thiarna, a bheidh tú i bhfolach an go brách é? Cá fhad a bheidh do dhíbheirg ag bladhmadh mar thine?
47
48 Cuimhnigh, a Thiarna, ar a ghiorracht atá mo shaol; an amhlaidh a chruthaigh tú an Ádhamchlann in aistear?
48
49 Cé hé an duine beo nach bhfeicfidh an bás, nó cé a thabharfaidh a anam ó chumhacht na huaighe?
49
50 Cá bhfuil do chomaoineacha cianaosta, a Thiarna a mhionnaigh tú do Dháiví dar brí do dhílseachta?
50
51 Cuimhnigh, a Thiarna, ar an aithis a casadh le do sheirbhísigh; agus mar a iompraím i mo bhrollach maslaí uile na gciníocha
51
52a na maslaí lena maslaíonn do naimhde mé a Thiarna, lena dtugann siad tarcaisne do chomharba do ungthaigh.
52
52b Moladh go deo leis an Tiarna; Amen agus Amen!
← Chapter 88
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 67
Chapter 68
Chapter 69
Chapter 70
Chapter 71
Chapter 72
Chapter 73
Chapter 74
Chapter 75
Chapter 76
Chapter 77
Chapter 78
Chapter 79
Chapter 80
Chapter 81
Chapter 82
Chapter 83
Chapter 84
Chapter 85
Chapter 86
Chapter 87
Chapter 88
Chapter 89
Chapter 90
Chapter 91
Chapter 92
Chapter 93
Chapter 94
Chapter 95
Chapter 96
Chapter 97
Chapter 98
Chapter 99
Chapter 100
Chapter 101
Chapter 102
Chapter 103
Chapter 104
Chapter 105
Chapter 106
Chapter 107
Chapter 108
Chapter 109
Chapter 110
Chapter 111
Chapter 112
Chapter 113
Chapter 114
Chapter 115
Chapter 116
Chapter 117
Chapter 118
Chapter 119
Chapter 120
Chapter 121
Chapter 122
Chapter 123
Chapter 124
Chapter 125
Chapter 126
Chapter 127
Chapter 128
Chapter 129
Chapter 130
Chapter 131
Chapter 132
Chapter 133
Chapter 134
Chapter 135
Chapter 136
Chapter 137
Chapter 138
Chapter 139
Chapter 140
Chapter 141
Chapter 142
Chapter 143
Chapter 144
Chapter 145
Chapter 146
Chapter 147
Chapter 148
Chapter 149
Chapter 150
Chapter 90 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66
67
68
69
70
71
72
73
74
75
76
77
78
79
80
81
82
83
84
85
86
87
88
89
90
91
92
93
94
95
96
97
98
99
100
101
102
103
104
105
106
107
108
109
110
111
112
113
114
115
116
117
118
119
120
121
122
123
124
125
126
127
128
129
130
131
132
133
134
135
136
137
138
139
140
141
142
143
144
145
146
147
148
149
150