bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Psalms 78
Psalms 78
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 77
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 67
Chapter 68
Chapter 69
Chapter 70
Chapter 71
Chapter 72
Chapter 73
Chapter 74
Chapter 75
Chapter 76
Chapter 77
Chapter 78
Chapter 79
Chapter 80
Chapter 81
Chapter 82
Chapter 83
Chapter 84
Chapter 85
Chapter 86
Chapter 87
Chapter 88
Chapter 89
Chapter 90
Chapter 91
Chapter 92
Chapter 93
Chapter 94
Chapter 95
Chapter 96
Chapter 97
Chapter 98
Chapter 99
Chapter 100
Chapter 101
Chapter 102
Chapter 103
Chapter 104
Chapter 105
Chapter 106
Chapter 107
Chapter 108
Chapter 109
Chapter 110
Chapter 111
Chapter 112
Chapter 113
Chapter 114
Chapter 115
Chapter 116
Chapter 117
Chapter 118
Chapter 119
Chapter 120
Chapter 121
Chapter 122
Chapter 123
Chapter 124
Chapter 125
Chapter 126
Chapter 127
Chapter 128
Chapter 129
Chapter 130
Chapter 131
Chapter 132
Chapter 133
Chapter 134
Chapter 135
Chapter 136
Chapter 137
Chapter 138
Chapter 139
Chapter 140
Chapter 141
Chapter 142
Chapter 143
Chapter 144
Chapter 145
Chapter 146
Chapter 147
Chapter 148
Chapter 149
Chapter 150
Chapter 79 →
1
Mascil Ásáf. Éist, a phobal, le mo theagasc; claonaigí bhur gcluasa le briathra mo bhéil. Salm 77
2
Osclóidh mé mo bhéal i samhlaoidí agus míneoidh mé rúndiamhra na seanaimsire.
3
Na nithe ba chlos dúinn agus ab eol dúinn féin, a d' inis ár n-aithreacha dúinn,
4
nach cóir iad a cheilt ar a sliocht ach a insint don ghlúin atá le teacht Móréachtaí an Tiarna agus a chumhacht agus na míorúiltí móra a rinne sé
5
nuair a d' eisigh sé reachtanna do Iacób, nuair a bhunaigh sé dlí in Iosrael. D' ordaigh sé mar aithne dár n-aithreacha an dlí seo a mhúineadh dá gclann
6
ionas go mb' eol don chéad ghlúin eile é, agus don dream nár saolaíodh fós, agus go n-inseoidís siúd dá gclann féin é
7
ionas go gcuirfidís a ndóchas i nDia, gan oibreacha Dé a dhearmad ach a aitheanta a choimeád de shíor,
8
sula mbeidís mar a n-aithreacha rompu ina nglúin easumhal ceanndána; glúin gan seasmhacht ina gcroí nach raibh dílis do Dhia ina meanma.
9
Bhí clann Eafráim gléasta leis an mbogha ach thugadar dá mboinn é lá an chatha.
10
Níor choinnigh siad a gconradh le Dia níorbh áil leo siúl de réir a dhlí.
11
Rinne siad dearmad ar a ndearna sé agus ar na hiontais a nocht sé dóibh.
12
Rinne sé míorúiltí i bhfianaise a sinsear i dtír na hÉigipte, ar mhachaire Zoan.
13
Roinn sé an mhuir is sheol sé trasna iad; chuir sé na huiscí ina seasamh ina mballa.
14
Threoraigh sé le néal iad de lá agus le tine i gcaitheamh na hoíche.
15
Scoilt sé na carraigeacha san fhásach, mhúch sé a dtart le flúirse uisce
16
nuair a mheall sé sruthanna as an gcarraig is gur bhrúcht an t-uisce ina thuilte.
17
Ach lean siad leo ag peacú ina éadan; thug siad dúshlán an Té is Airde san fhásach;
18
chuireadar cathú ar Dhia ina gcroí; d' iarr siad bia air d' fhonn a mianta a shásamh.
19
Labhraíodar in aghaidh Dé, á rá: «An dtig le Dia bord a ghléasadh san fhásach?
20
Is fíor nuair a bhuail sé an charraig gur bhrúcht an t-uisce ina thuilte; ach an féidir dó arán a thabhairt dúinn nó feoil a sholáthar dá phobal?»
21
Arna chlos sin don Tiarna ghabh fearg é agus fadaíodh tine in aghaidh Iacóib. Líon sé le fearg in aghaidh Iosrael
22
de bhrí nár chreid siad i nDia agus nár chuir siad a ndóchas ina chúnamh.
23
D' aithin sé do néalta neimhe agus d' oscail sé doirse na spéire;
24
d' fhear sé anuas orthu manna le hithe agus bhronn sé bia ó neamh orthu.
25
D' ith an duine arán na n-aingeal óir thug sé flúirse bia dóibh.
26
Chuir sé an ghaoth anoir ó neamh chucu agus mhúscail an ghaoth aneas lena chumhacht.
27
D' fhear sé orthu feoil mar dheannach agus éanlaith mar ghaineamh na trá.
28
Lig sé anuas i lár a gcampa iad ar gach taobh thart timpeall a mbothanna.
29
D' itheadar a sáith, dá bhrí sin, óir thug sé dóibh gach a raibh uathu.
30
Ach ní mó ná gur sásaíodh a mian dóibh agus an bia ina mbéal go fóill
31
nuair a d' éirigh fraoch Dé ina n-éadan, is gur leag sé ar lár a dtréanfhir, is gur threascair sé fíorscoth Iosrael.
32
Dá ainneoin sin uile pheacaigh siad agus níor chreid siad a éachtaí iontacha
33
gurb uime a scrios sé a laethanta agus a chuir deireadh lena ré go tobann.
34
Nuair a thugadh sé a n-ár bhídís á lorg ag iarraidh Dé le fonn is le dúthracht.
35
Chuimhnídís gurbh é Dia a gcarraig ' s gurbh é an Dia is Airde a d' fhuascail iad.
36
Ní bhídís ach á bhladaráil lena mbéal agus ag insint bréag lena dteanga,
37
óir ní raibh siad dílis ó chroí dó ná ní dhearna siad a chonradh a chomhlíonadh.
38
Mar sin féin, toisc é bheith trócaireach mhaitheadh sé a bpeaca, gan iad a scriosadh. Is minic a chuir sé srian lena fhearg agus nár lig sé a racht amach orthu.
39
Ba cuimhin leis nach raibh iontu ach daoine; anáil a ghabhann seacha gan casadh.
40
Nach minic a bhí siad easumhal dó san fhásach, go ndearna siad a chrá san uaigneas.
41
Chuir siad cathú ar Dhia arís eile agus chiap Neach Naofa Iosrael.
42
Níor chuimhin leo feasta a ghníomhartha ná an lá a shaor sé óna naimhde iad,
43
nuair a d' oibrigh sé a éachtaí, san Éigipt, a mhíorúiltí ar mhachaire Zoan;
44
nuair a rinne sé fuil dá n-aibhneacha ionas nach bhféadfaidís an t-uisce a ól.
45
Chuir sé cuileoga chucu a d' alp iad, agus froganna ina scaotha á milleadh.
46
Thug sé a bhfómhar don chruimh, agus toradh a saothair don lócaiste.
47
Mhill sé a bhfíniúna le clocha sneachta agus mhill a gcrainn bhána leis an sioc.
48
Bhuail sé a n-airnéis le clocha sneachta agus a gcaoirigh le caora tine.
49
Lig sé amach orthu racht a fheirge, a chuthach agus a fhraoch agus a chonfa; slua de thimirí na tubaiste,
50
go ndearna sé slí dá dhíbheirg. Níor scaoil sé saor ón mbás iad ach rinne sé a mbualadh leis an bplá.
51
Bhuail sé gach céadghin san Éigipt; céadthoradh a nirt i gcampa Hám.
52
Sheol sé a phobal mar chaoirigh, rinne a dtreorú mar thréad san fhásach.
53
Sheol sé slan iad gan eagla gur bádh a naimhde san fharraige.
54
Sheol sé isteach ina thír naofa iad chun an tsléibhe a bhuaigh a dheaslámh féin.
55
Chaith sé na ciníocha rompu amach, agus roinn sé an tír mar oidhreacht orthu; thug sé ar threibheanna Iosrael baint fúthu ina mbothanna siúd.
56
Dá ainneoin sin uile thriail agus shaighdigh siad an Dia is Airde, agus dhiúltaigh dá aitheanta.
57
Thug siad droim láimhe leis mar a rinne a n-aithreacha; ba chosúil iad le bogha ar fiar.
58
Chuir siad fearg air lena scrínte sléibhe; chuir siad éad air lena ndealbha snoite.
59
Chuala Dia agus d' éirigh chun feirge, gur dhiúltaigh go hiomlán d' Iosrael.
60
Thréig sé a phailliún i Sileo mar a raibh cónaí air i measc na ndaoine.
61
Thug sé a neart i ndaorbhroid agus a dtaibhse i láimh a naimhde.
62
Thug sé a phobal féin don chlaíomh le teann feirge in aghaidh a oidhreachta.
63
Dódh a n-ógánaigh ina mbeatha; níor chuala a maighdeana laoi na bainise;
64
Thit a gcuid sagart leis an gclaíomh; agus ní dhearna a mbaintreacha a gcaoineadh.
65
Is ansin a dhúisigh an Tiarna mar dhuine a dhúisíonn as a chodladh, mar ghaiscíoch a bheadh ar meisce de dheasca fíona.
66
Bhuail sé a naimhde i ndiaidh a gcúil agus d' fhág sé faoi náire go deo iad.
67
Dhiúltaigh sé do bhoth Iósaef agus ní dhearna sé rogha de threibh Eafráim.
68
Ach rinne sé rogha de threibh Iúdá; Sliabh Shíón dár thug sé grá.
69
Thóg sé a scrín i gcosúlacht neimhe; mar an talamh a bhunaigh sé go brách.
70
Agus thogh sé Dáiví a ghiolla; á thabhairt ó chróite na gcaorach.
71
Thug sé ó chúram na gcaorach é a dhéanamh aoireacht a phobail, Iacób, agus Iosrael, a oidhreacht féin.
72
Bheathaigh sé le croí gan cháim iad, agus threoraigh iad go ciallmhar críonna.
← Chapter 77
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 43
Chapter 44
Chapter 45
Chapter 46
Chapter 47
Chapter 48
Chapter 49
Chapter 50
Chapter 51
Chapter 52
Chapter 53
Chapter 54
Chapter 55
Chapter 56
Chapter 57
Chapter 58
Chapter 59
Chapter 60
Chapter 61
Chapter 62
Chapter 63
Chapter 64
Chapter 65
Chapter 66
Chapter 67
Chapter 68
Chapter 69
Chapter 70
Chapter 71
Chapter 72
Chapter 73
Chapter 74
Chapter 75
Chapter 76
Chapter 77
Chapter 78
Chapter 79
Chapter 80
Chapter 81
Chapter 82
Chapter 83
Chapter 84
Chapter 85
Chapter 86
Chapter 87
Chapter 88
Chapter 89
Chapter 90
Chapter 91
Chapter 92
Chapter 93
Chapter 94
Chapter 95
Chapter 96
Chapter 97
Chapter 98
Chapter 99
Chapter 100
Chapter 101
Chapter 102
Chapter 103
Chapter 104
Chapter 105
Chapter 106
Chapter 107
Chapter 108
Chapter 109
Chapter 110
Chapter 111
Chapter 112
Chapter 113
Chapter 114
Chapter 115
Chapter 116
Chapter 117
Chapter 118
Chapter 119
Chapter 120
Chapter 121
Chapter 122
Chapter 123
Chapter 124
Chapter 125
Chapter 126
Chapter 127
Chapter 128
Chapter 129
Chapter 130
Chapter 131
Chapter 132
Chapter 133
Chapter 134
Chapter 135
Chapter 136
Chapter 137
Chapter 138
Chapter 139
Chapter 140
Chapter 141
Chapter 142
Chapter 143
Chapter 144
Chapter 145
Chapter 146
Chapter 147
Chapter 148
Chapter 149
Chapter 150
Chapter 79 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66
67
68
69
70
71
72
73
74
75
76
77
78
79
80
81
82
83
84
85
86
87
88
89
90
91
92
93
94
95
96
97
98
99
100
101
102
103
104
105
106
107
108
109
110
111
112
113
114
115
116
117
118
119
120
121
122
123
124
125
126
127
128
129
130
131
132
133
134
135
136
137
138
139
140
141
142
143
144
145
146
147
148
149
150
Recommended Reading
Commentary
Psalms Commentaries
→
Devotional
Psalms Devotional Guide
→
Get This Bible
Irish - (An Bíobla Naofa ) Study Bible
→