bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 1
1 Samuel 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 2 →
1
Anois do bhí duine áirigh ó Ramataim‐sophim, do shliabh Ephraim, agus dob é a ainm Elcanah, mhac Ieroham, mhic Elihu, mhic Tohu, mhic Suph, Ephratiteach:
2
Agus do bhádar días ban aige; Hannah ainm mhná dhíobh, agus Peninnah ainm na mná oile: agus do bhí clann ag Peninnah, achd ní ráibh clann air bith ag Hannah.
3
Agus do thiagh an fearsa súas as a chathruigh féin gacha bliadhna dadhradh agus do dhéanamh íodhbartha do Dhía na slúagh a Síloh. Agus dob íad dís mac Elí, Hophni agus Phineas, bá sagairt an TIGHEARNA ann sin.
4
¶ Agus a nuáir do bhí an tam a ndearna Elcanah íodhbairt, thug sé roinn do Pheninnah dá mhnaoi, agus dá cloinn mhac agus inghean uile.
5
Acht do Hannah thug sé roinn dhúbalta; óir dob ionmhuin leis Hanna: achd do dhruid án TIGHEARNA a brú.
6
Agus do fhearguidh a heascara go mór í, da cur ar cuthach, do bhrígh gur dhruid an TIGHEARNA a brú.
7
Agus mar da níodh sé sin gacha blíadhna, a núair do thíagh sisi súas go tigh an TIGHEARNA, marsin do bhuáidhreadh sí í; uimesin do ghuileadh sí, agus ní itheadh sí.
8
Ann sin a dubhairt Elcanah a fear ría, A Hannah cred fá nguilionn tú? cred fá nach itheann tú bíadh? agus cred fá bhfuil do chroidhe dubhach? nach féarr dhuit misi ágad ná deithneamhar mac?
9
Ann sin déirigh Hannah a nuair a dúadar bíadh a Síloh, agus tar éis íad deoch ól. (A nois do bhí Eli an sagart na shuidhe ar stól láimh ré posta theampuill an TIGHEARNA.)
10
Agus do bhí sí lán do dhoilghios intinne, agus do ghuidh sí an TIGHEARNA, agus do ghuil sí go géar.
11
Agus thug sí móid, agus a dubhairt, A THIGHEARNA na sluágh, má fhéuchann tú dha ríribh ar bhuáidhreadh do bhanóglaich, agus mo chuimhniughadh, agus gan do bhanóglach do dhearmad, achd go ttiubhra tú dot bhanóglaich leanamh mic, annsin do bhéara misi don TIGHEARNA é ar feadh uile láethe a bheatha, agus ní racha sgían bhéarrtha ar a cheann.
12
¶ Agus tárla, mar do bhí sí ag urnaigh a bhfad a lathair an TIGHEARNA, gur chomharthuigh Elí a béul.
13
Anois, do labhair Hannah ann a croidhe; amháin gur chorruigheadar a puisínigh, achd níor chlos a guth: uimesin do shaóil Eli go raibh sí ar meisge.
14
Agus a dubhairt Elí ría, Gá fad bhías tusa ar meisge? cuir uáit do chuid fíona.
15
Agus do fhreagair Hannah, agus a dubhairt, Ní headh, a thighearna, achd bean acá bhfuil a spiorad doilghiosach mé: níor ibh mé fíon nó deoch láidir, achd do dhóirt mé manam amach a lathair an TIGHEARNA.
16
Ná meas do bhanóglach do bheith na hinghin Belial: óir is as iomad mo ghearáin agus mo dhoilghis do labhair mé go ttí so.
17
Ann sin do fhreagair Eli agus a dubhairt, Imthigh a síothcháin: agus go ndéonuigh Día Israel hathchuinge dhuit noch do íarr tú air.
18
Agus a dubhairt sisi, Faghadh do bhanóglach grása ad fhiaghnuisi. Marsin do imthigh an bhean roimpe, agus duáigh si bíaidh, agus ní raibh a gnúis duilbhir ni sa mhó.
19
¶ Agus do éirgheadar súas ar maidin go moch, agus do adhradar a lathair an TIGHEARNA, agus do fhilleadar, agus tangadar dhá ttigh go Rámah: agus do bhí Elcanah ag a mhnaoi Hannah; agus do chuimhnigh an TIGHEARNA uirre.
20
Uime sin tárla, a nuáir tháinic a naimsir timchioll tar éis Hannah do bheith torrach, go rug sí mac, agus thug Samuel dainm air, gha rádh, Do chionn gur íarr mé ar an TTIGHEARNA é.
21
Agus do chuáidh an tóglach Elcanah, agus a mhuinntir uile, súas do dheanamh na híodhbartha blíadhnamhla don TIGHEARNA, agus do choimhlíonadh a mhóide.
22
Acht ní dheachaidh Hannah súas: óir a dubhairt si ré na fear, Ní racha mé súas, nó go mbeantar an leanamh do chígh, agus annsin béara mé hom é, go ttaisbeantar a lathair an TIGHEARNA é, agus go bhfanaidh annsin go bráth.
23
Agus a dubhairt Elcanah a fear ría, Déana mar do chítear dhuit féin; fan no go mbeantar do chígh é; amháin go ndaingnidh an TIGHEARNA a fhocal. Marsin do fhan an bhean, agus tug cíoch dá mac nó gur oil sí é.
24
¶ Agus a nuair do bhean do chígh é, rug sí lé súas é, maille re trí bulóguibh, agus ephah phlúir, agus buidéul fíona, agus rug go tigh an TIGHEARNA a Síloh é: agus do bhí an leanamh óg.
25
Agus do mharbhadar bulóg, agus tugadar an leanamh chum Elí.
26
Agus a dubhairt sí, O a thighearna, mar mhaireas hanum, mo thighearna, is misi an bhean do sheas ad fhochair annso, ag guidhe an TIGHEARNA.
27
Ar son an leinimhsi do bhí mé ag guidhe; agus thug an TIGHEARNA mathchuinghe dhamh, noch do íarr mé air:
28
Uime sin thug mé mar an gcéadna don TIGHEARNA é; an feadh mhairfios sé fillfighthear chum an TIGHEARNA é. Agus do adhair sé an TIGHEARNA annsin.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31