bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 30
1 Samuel 30
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 31 →
1
Agus tárla, a nuáir do bhí Dáibhi agus a mhuinntir ar tteachd go Siclág ar an treas lá, gur ionnsuigheadar na Hamalecítigh an táobh ó dheas, agus Siclag, agus do airgeadar Siclag, agus do loisceadar í le teinidh;
2
Agus do ghabhadar na mná a mbraighdeanus, noch do bhí ann sin: níor mharbhadar éanduine beag nó mór, achd a mbreith léo, agus imtheachd rompa.
3
¶ Annsin thainic Dáibhi agus a mhuinntir dón chathruigh, agus, feuch, do bhí sí loisge ó theinidh; agus a mná, agus a mic, agus a ningheana ar na mbreith a mbraighdeanus.
4
Ann sin do thóg Dáibhi, agus an mhuinntir do bhí na fhochair a nguth agus do ghuíleadar, nó go rabhadar curtha do ghul.
5
Agus do gabhadh días ban Dáibhi a mbraighdionus, Ahinoam an Tiesreeliteach, agus Abigail bean Nábal an Carmeliteach.
6
Agus do bhí Dáibhi lán do dhóbrón; óir do luáigheadar na daoine gabháil do chlochuibh air, do bhrígh go raibh ínntinn na ndaóine uile doilghiosach, gach eanduine ar son a mhac agus ar son a inghean: ach do ghabh Dáibhi meisneach chuige féin ann a THIGHEARNA Día.
7
Agus a dubhairt Dáibhi re Abiatar an sagart, mhac Achimelech, Guidhim thú, tabhair chugam annso an téphod. Agus thug Abiathar an téphod annsin chum Dáibhi.
8
Agus dfiafruigh Dáibhi don TIGHEARNA, gha rádh, A ndéana mé tóruigheachd ar a tslúagh so? an mbéara mé orra? agus do fhreagair seision é, Lean íad: óir béara tú go deimhin orra, agus gan chunntabhairt beanfa tú an tiomlán díobh.
9
¶ Ann sin dimthigh Dáibhi, agus na sé chéud fear do bhí na fhochair, agus tháinic sé chum na habhann Bésor, mar ar fhanadar an mhéid do fagbhádh na ndiáigh.
10
Ach do lean Dáibhi íad, é féin agus ceithre chéad fear: (óir dfanadar dhá chéad oile ná ndiáigh, nar bhféud dul tar a nabhuinn Besor do bhádar comhlag sin.)
11
Agus fúaradar Egipteach ar an machaire, agus tugadh chum Dáibhi é, agus thugadar arán dó, agus dith sé sin; agus thugadar air uisge ól;
12
Agus thugadar píosa do cháca fígeadh dhó, agus dhá thríopall rísín: agus anuáir aduáigh sé sin, tháinic a spíorad ann a rís; óir ní dhuáigh sé arán, agus níor ibh uisge, re tri lá agus lé trí hoidhche.
13
Agus a dubhairt Dáibhi ris, Cía lear leis tusa? agus cía has a ttáinic tú? agus a dubhairt seision, Ogánach don Négipt mé, sherbhíseach do Amalaciteach; agus dfag mo mhaighistir mé, do bhrígh gur ghlac tinnios mé trí la ó shin.
14
Thugamar ionnsuighe ar an ttáobh ó dheas do na Cheretíteachaibh, agus ar na gcósta bheanas ré Iúdah, agus ar an ttáobh ó dheas do Cháleb; agus do loisgeamar Siclag le teine.
15
Agus a dubhairt Dáibhi ris, An bhféadfa tú misi bhreith síos chum na cuideachda sin? Agus a dubhairt seision, Tabhair do mhionna dhamh tré Dhía, nach muirfe tú mé, agus nach ttiubhra tú a láimh mo mhaighistir mé, agus do bhéara mé sics go nuige an chuideachda thú.
16
¶ Agus a nuair rag sé síos é, féuch, do bhádar ar feadh na talmhan leathnuighe, ag ithe agus ag ól, agus ag damhsa, ar son mhéid na héadála thugadar léo amach as crích na Bhphilistineach, agus as tír Iudah.
17
Agus dó bhuáil Dáibhi íad ó éirghe an láoi go ttáinig tráthnóna ár na mhárach: agus mor imthigh duine dhiobh, achd ceithre chéad ogánach, do chúaidh ar chámhalluibh, agus do theith.
18
Agus do bhean Dáibhi amach a rugadar na Hamelecitígh leó uile: agus do bhean Dáibhi á dhias ban amach.
19
Agus ní raibh éinní dá neasbhuidh, beag no mór, nó mic nó ingheana, no éadail, nó einni dá rugadar chuca: do bhean Dáibhi amach an tiomlán.
20
Agus do ghlac Dáibhi na tréada uile agus na healbha, noch do thiomaíneadar roimhe an chuid eile don náirneís, agus a dubhairt sé, Ag so éadáil Dháibhi.
21
Agus tháinic Dáibhi mar a raibh an da chéad fear, noch do bhí comhlag sin har fhéadadar Dáibhi leanmhuin, noch air a ttug sé fós fuireach ag abhuinn Besor: agus do chuadarsan amach a ccoinne Dháibhi, agus a ccoinne na muinntire do bhí na fhochair: agus a núair tháinic Dáibhi a bhfogus don phobal, do bheannuigh sé dhóibh.
22
¶ Annsin do fhreagradar na drochdhaoine uile, agus muinntir Bhélial, don druing chuaidh le Dáibhi, agus a dubhradar, Do bhrigh nach ndeachadar linn, ní thiubhram dhoibh don néadáil do bheannamar fein amach, acht dá gach éanduine a bhean, agus a chlann, chor go mbéaruid siad leó iad, agus go nimtheochuid úainn.
23
Annsin a dubhairt Dáibhi, Ní dheanfaoisi mar sin, a dhearbhraithre, ris an ní thug an TIGHEARNA dhúinn, noch do dhídin sinn, agus thug an chuideachda tháinic ar naghaidh ann ar lámhuibh.
24
Oír cía déistfeadh ribh annsa chúise? ach mar bhias cuid an té rachus síos san chath, mar sin bhías cuid an té fhanfus a mbun an charáiste: roinnfidh síad go comhthrom.
25
Agus do bhí sé marsin ón lósin amach, go ndéarna sé statúid dhe agus ordughadh Disrael gus a niugh.
26
¶ Agus a núair thainic Dáibhi go Siclag, do chuir sé roinn don néadáil chum sinnséar Iúdah, eadhon chum a charad, ghá radh, Féachuidh ag sin tiodhlacadh aguibh do chreích námhad an TIGHEARNA;
27
Chum na muinntire do bhí a Mbétel, agus chum na muinntire do bhí a Rámot ó dheas, agus gus an luchd bhí an Iattir,
28
Agus gus an luchd do bhí ann Aroer, agus gus an droing do bhí a Siphmot, agus gus an droing do bhí an Estemoa,
29
Agus chum na muínntíre do bhí ann Rachal, agus chum na muinntíre do bhí a ccaithreachaibh na Ierahmeeliteach, agus cum na muinntire do bhí a gcaithreachaibh na Cceniteach,
30
Agus chum na muinntire do bhí ann Hormah, agus chum na muinntire do bhí ann Chor‐asan, agus chum na muinntire do bhí ann Atach,
31
Agus chum na droinge do bhí ann Hebron, agus cum na náiteach uile mar a ngnáthuigheadh Dáibhi féin agus a dháoine tathuighe.
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 31 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31