bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 24
1 Samuel 24
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 25 →
1
Agus tárla, a nuáir do bhí Saul ar bhfilleadh ó leanmhuin na Bhphilistíneach, gur hinniseadh dhó, dha rádh, Féuch, atá Dáibhi a bhfásach Engedi.
2
Annsin rug Saul leis trí mhile fear toghtha as Israel uile, agus dimthigh ar lorg Dháibhi agus a mhuinntire ar chairgibh na ngabhar bhfiáin.
3
Agus thainic sé do na tighthibh cáorach láimh ris an tslighe, mar a raibh uáimh; agus do chuáidh Saul a steach dfolach a chos: agus do bhí Dáibhi agus a mhuinntir a ttaobh na húamha.
4
Agus a dubhradar muinntir Dháibhi ris, Féuch an lá a dubhairt an TIGHEARNA riot, Féuch, do bhéara mé do námhaid ad láimh, iondus go bhféadfa tú a dhéanamh ris mar as áill leachd féin. Ann sin déirigh Dáibhi, agus do ghearr sé sciorta róba Shauil gan fhios dó.
5
Agus tárla na dhiáigh sin gur bhuáil cogús Dháibhi é, do bhrígh gur ghearr sé sciorta Shauil.
6
Agus a dubhairt sé re na dhaóinibh, Nár léige Día go ndéanainnsi an níse rém mhaighistir, ungthach an TIGHEARNA, mo lámh do shíneadh amach na aghaidh, o sé ungthach an TIGHEARNA é.
7
Mar sin do choisc Dáibhí a shearbhfhoghantuighidh leis na bríathraibhsa, agus níor léig dhóibh éirigh a naghaidh Shauil. Achd déirigh Saul amach as a núamhaigh, agus do ghluáis roimhe iona shlighe.
8
¶ Déirigh Daibhi mar an gcéadna na dhiaighsin, agus do chuáidh amach as a núamhuigh, agus do ghoir a ndiáigh Shauil, dhá rádh, Mo thighearna an rígh. Agus a núair dféuch Saul na dhiáigh, do chrom Dáibhi maille re na aghaidh faoi chum na talmhan, agus dumhluigh sé é féin.
9
Agus a dubhairt Dáibhi re Saul, Créd fa gcreideann tú bríathra dhaóine, a deir, Féuch, atá Dáibhi ar tí hurchóide?
10
Féuch, a niugh do chonncadar do shúile féin mar thug an TIGHEARNA a niugh am láimhsi thú ansa núamhuigh: agus a dubhradar dáoine áirigh riom do mharbhadh: achd do choigil mo shúil thú; agus a dubhairt mé, Ní chuirfe mé mo lámh amach a naghaidh mo thighearna; óir a sé ungthach an TIGHEARNA é.
11
Os a chionn sin, a athair, féuch, féuch fós, sciorta do róba am láimh: óir as so gur ghearr mé iachtar do róba, agus nar mharbh mé thú féin, aithin agus féuch nach bhfuil olc nó urchóid am láimh, agus nar chiontuigh mé ad aghaidhsi; achd atá tusa ag fíadhach ar manumsa chum a ghabhála.
12
Go ndéana an TIGHEARNA breitheamhnus eadrumsa agus tusa, agus go ndioghla an TIGHEARNA misi ort: achd ní bheanfa mo lámhsa riot.
13
Mar a deir seanfhocal na nársanta, Thig an tolc ón drochdhuine: achd ní bheanfa mo lámhsa riotsa.
14
Cía a ndiáigh a ttáinig rígh Israel amach? cía a ndiaigh a bhfuil tú ag lorgaireachd? a ndiáigh mhadruidh mhaírbh, a ndiáigh dhearnaite.
15
Ar a nadhbharsin bíodh an TIGHEARNA na breitheamh, agus beireadh sé breath eadrumsa agus tusa, agus go féuchidh, agus go ttagruidh mo chúis, agus go sáoruidh sé mé amach as do láimhse.
16
¶ Agus tárla, a núair do chríochnuigh Dáibhi labhairt na mbriatharsa re Saul, go ndubhairt Saul, A né so do ghúthsa, a mhic a Dháibhi? Agus do thóg Saul a ghuth ós áird, agus do ghuil sé.
17
Agus a dubhairt sé re Daibhi, Is fíreanta thusa ná misi: óir do chúitigh tusa misi le maith, a náit a nuílc do rinne mé ort.
18
Agus do thaisbein tú a niugh a fheabhus do fríth orumsa thú: an tan go ttug an TIGHEARNA ad láimh mé, agus nár mharbh tú mé.
19
Oír má bheirionn duíne ar a námhuid, an léigfe sé slán úadh é? uime sin go ttuga an TIGHEARNA a lúach maitheasa dhuitse ar son a ndéarna tú orumsa a niugh.
20
Agus a nois, féuch, atá a fhios agamsa go maith go mbia tú ad rígh, agus go ndaingneochthar ríoghachd Israel ad láimh.
21
Tabhair do mhionna dhamhsa ar a nadhbharsin anois fan TIGHEARNA, nach gearrfa tú amach mo shliochdsa am dhiaigh, agus nach scriosfuidh tú mainm as tigh mathar.
22
Agus thug Dáibhi a mhionna do Shaul. Agus do chuáidh Saul dá thigh; achd do chuáidh Dáibhi agus a mhuinntir súas go daingean áirighe.
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 25 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31