bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 9
1 Samuel 9
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 10 →
1
Anois do bhí duine do Bheniamin, dar bhainm Cis, mhac Abiel, mhic Seror, mhic Bechorah, mhic Aphiah, Beniamiteach, duine cumhachdach a ccumus.
2
Agus do bhí mac aige, dar bhainim Sául, togha duine óig, agus dearcnuigh; agus ní raibh a measc chloinne Israel pearsa dob arrachda ná é: ó na ghuáillibh súas dob áirde é ná éainfhear don phobal.
3
Agus do chúadar assuil Chis athair Shauil a mugha. Agus a dubhairt Cis re Saul a mhac, Beir leachd anois duine do na searbhfhoghantaibh, agus éirigh, Imthigh díarruigh na nassal.
4
Agus do ghluáis seision thrídh shlíabh Ephraim, agus do chuáidh tré chrích Shalisa, acht ní bhfúaradar íad: annsin do chuáidh sé tré dhúithche Hálim, achd ní rabhadar annsin: agus do chúadar tré dhúithche na Mbeniamiteach, achd ní bhfúaradar íad.
5
Agus a nuair thangadar go tír Shuph, a dubhairt Saul re na óglach do bhí na fhochair, Gluáis, agus filliom; deagla go léigfeadh mathair cúram na nassal de, agus go mbíadh cúramach dar ttaóibhne.
6
Agus a dubhairt seision ris, Féuch, anois atá annsa ccathruighsi duine le Día, agus is duine onórach é; a nuile ní a deir sé thig a gcrích go deimhin: anois tianam annsin; dob éidir go bhféadfadh an tslighe ionar chóir dhúinn dul do theagasg dhúinn.
7
Ann sin a dubhairt Saul re na shearbhfhoghantaigh, Ach, féach, má theighmíd annsin, créd bhéarum chum a nóglaich? óir dó caitheadh an tarán ann ar soithighibh, agus ní bhfuil tiodhlaiceadh aguinn re bhreith chum óglaieh Dé: cred atá aguinn?
8
Agus do fhreagair an searbhfhoghantuigh Saul a rís, agus a dubhairt, Féuch, atá águmsa annso am láimh an ceathramhadh cuid do shecel airgid: do bhéara mé sin dóglach Dé, do chionn ar slighe dinnisin dúinn.
9
(Annsa tseanaimsir a Nísrael, a núair do thíagh duine dfagháil scéul ó Dhía, is marso a deiriodh sé, Tárr uáit, agus deanum go nuige an fhéachadóir: óir an té dá ngoirthear fáigh anois is féachadóir do ghorthaoi dhe san tseanaimsir.)
10
Ann sin a dubhairt Saul re na shearbhfhoghantuigh, is maith a labhair tú; gluáis, deanum. Marsin do chúadar don chathruigh mar a raibh óglach Dé.
11
¶ Agus mar do chúadar súas san chnoc a gcionn na caithreach, fuaradar maighdeana óga ag dul amach do tharruing uisge, agus a dubhradar ríu, An bhfuil an féachadóir annso?
12
Agus do fhreagradarsan iad, agus a dubhradar, Atá, féachuidh; atá sé romhuibh: déanuidh deithfir anois, óir thaínig sé a niugh don chathruigh; óir atá féasta don phobal a niugh annsa náit áird:
13
Comhlúath agus thiucfuidhe don chathruigh, do gheabhthaoi ar ball é, suil rachus sé súas don náit áird dithe: óir ní íosuid an pobal nó go ttí sé, do chionn gur bé bheannuighios an níodhbairt; agus na dhiaigh sin ithid luchd an chuiridh. Anois ar a nadhbharsin eírghidhsi súas óir is timchioll; a nama sa do gheabhthaoi é.
14
Agus do chuádarsan súas don chathhuigh: agus a núair thangadar a steach don chathruigh, feuch, tháinic Samuel amach na gcoinne, do dhul súas don náit aírd.
15
¶ Anois do innis an TIGHEARNA do Shamuel ann a chluais lá roimhe Saul do theachd, gha rádh,
16
A márach timchioll na húairesi cuirfe mé duine chugad as tír Bheniamin, agus ungfuidh tú é chum bheith na chaiptín ós cionn mo phobail Israel, go sáorfa sé mo phobal ó láimh na Bhphilístineach: óir dféach mé air mo phobal, do chionn go ttáinic a ccomhairc chugam.
17
Agus a núair do chonnairc Samuel Saul, a dubhairt an TIGHEARNA ris, Féúch an té ar labhair mé riot dá tháoibh! sé so féin bhías na fhlaith ós cionn mo phobail.
18
Ann sin do dhruid Sául re Samuel ann sa gheata, agus a dubhairt ris, Guidhim thú, innis damh cá háit a bhfuil tigh an nféachadóra.
19
Agus do fhreagair Samuel Saul, agus a dubhairt, Misi an féachadóir: eirigh súas romham don náit áird; óir iostaói biádh agamsa a níugh, agus leígfe mé dhuit imtheachd a márach, agus inneosuidh mé dhuit a bhfuil fád inntinn.
20
Agus ar son hassal do chuaidh a mugha trí lá ó shin, ná cuir do mheanma orra; óir do fríth íad. Agus cía ar a bhfuil uile fhonn Israel? nach ortsa atá, agus ar thigh hathar uile?
21
Agus do fhreagair Saul agus a dubhairt, Nach Beniamíteach misi, is lugha do threabhuibh Israel? agus nach íad mo mhuinntir is rolugha do mhuinntearuibh threibhe Beniamin uile? uime sín cred fá labhrann tú marsin riom?
22
Agus do ghlac Samuel Saul, agus a shearbhfhoghantuigh, agus rug leis don phárlús íad, agus thug orra suidhe ann sa náit budh onóruigh a measg luchda an chuiridh, noch do bhí tímchioll thríochad fear.
23
Agus a dubhairt Samuel ris an gcócaire, Tabhair chugam an chuid ronna thug mé dhuit, re a ndubhairt mé riot, Cuir láimh riot í.
24
Agus do thóg an cócaire an slinnean, agus án ní do bhí air, agus do chuir a bhfiádhnuisi Shauil é. Agus a dubhairt Samuel, Féuch an nfuighioll sin! ad fhiaghnuisi, agus ith é: oír go nuige an amsa do taisgeadh dhuit e ó a nuáir a dubhairt mé, Thug mé cuireadh don phobal. Marsin a dúaigh Saul le Samuel an lásin.
25
¶ Agus a núair thangadar a núas ón náit áird don chathruigh, do rinne Samuel comhrádh re Saul air mhullach an tighe.
26
Agus do éirgheadar go moch: agus tárla ré héirghe an láoi, gur ghoir Sámuel Saul go mullach an tighe, gha rádh, Eirigh súas, go gcuire mé ar siubhal thú. Agus deírigh Saul, agus do chuádar araon amach, eision agus Samuel, as sin.
27
Agus a núair do bhádar ag dul síos go críoch na caithreach, a dubhairt Samuel ré Saul, Abair ris an nóglach drud romhuinn ar a aghaidh, (agus do dhruid sé rompa,) achd fansa a bhos go fóill, go ttaisbéana misi briathra Dé dhuit.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31