bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 16
1 Samuel 16
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 17 →
1
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Samuel, Gá fad bhías tú ag dó bhrón tre Shaul, ó chuir misi ar gcúl é ó bheith na rígh ós cionn Israel? líon hadharc dola, agus imthigh, cuirfidh misi thú chum Iesse an Betlehemíteach: do thogh mé rígh dhamh féin a measc a mhac.
2
Agus a dubhairt Samuel, Cionnus fhéaduimsi dul ann? má chlum Saul é, muirfidh sé mé. Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Beir colpach leachd, agus abair, Tháinic mé do dhéanamh íodhbartha don TIGHEARNA.
3
Agus goir Iesse chum na híodhbartha, agus taisbéanfuidh misi dhuit créd dhéanas tú, agus ungfaidh tú dhamhsa an té ainmneochus mé dhúit.
4
Agus do rinne Samuel gach ní da ndubhairt an TIGHEARNA, agus tháinic se go Betlehem. Agus do chriothnuigheadar sinnsir an bhaile re na theachd, agus a dubhradar, An go síothchánta thig tusa?
5
Agus a dubhairt seision, Is go síothchánta: tháinic mé diodhbairt don TIGHEARNA: náomhuidh sibh féin, agus tigidh liom chum na híodhbartha. Agus do náomhuigh sé Iesse agus a mhic, agus do ghoir íad chum na híodhbartha.
6
¶ Agus tárla, a nuáir thangadar, gur fheach sé ar Eliab, agus a dubhairt, Is deimhin go bhfuil ungthach an TIGHEARNA a lathair.
7
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Samuel, Ná féach ar a ghnúis, no ar áirde a phearsann; do chionn gur dhíult misi é: óir ní fhaiceann an TIGHEARNA mar do chí duine; óir do chí an duine an ní bhías a bhfiaghnuise a shúl, achd do chí an TIGHEARNA an croidhe.
8
Ann sin do ghoir Iesse Abinadab, agus thug air gahháil tháiris a lathair Shamuel. Agus a dubhairt sé, Ní hé so fós do thogh an TIGHEARNA.
9
Ann sin thug Iesse ar Shammah gabháil thairis. Agus a dubhairt seision, Ni hé so fós do thogh an TIGHEARNA.
10
A rís, thug Iesse air mhóirsheisear dá mhacaibh gabháil thar Shamuil. Agus a dubhairt Samuel re Iesse, Níor thogh an TIGHEARNA íadso.
11
¶ Agus a dubhaírt Samuel re Iesse, An bhfuilid do chlann uile annso? Agus do fhreagair seision, Atá fós an mac as óige gan a bheith ann, agus, féuch, atá sé ag coimhéad na gcáorach. Agus a dubhairt Samuel ré Iesse, Cuir fios air agus tabhair leachd é: óir ní shuighfeam síos nó go ttí sé annso.
12
Agus do chuir sé fios air, agus thug a steach é. Bá dearg, agus scíamhach a ndeilbh é, maille re bréadhachd súl. Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Eírigh agus ungaidh é: óir as e so eision.
13
Ann sin do ghlac Samuel a nadharc ola, agus do ungaidh eision a lár a dhearbhráithreach: agus thainic spiorad an TIGHEARNA ar Dháibhi ón lósin amach. Ann sin déirigh Samuel súas, agus do chúaidh go ramah.
14
¶ Ach do chúaidh spiorad an TIGHEARNA ó Shaul, agus do bhuáidhir droichspiorad ón TTIGHEARNA é.
15
Agus a dubhradar muinntir Shauil ris, Feuch anois, atá droíchspiorad ó Dhía dot chuáidhreadh.
16
Abradh ar TTIGHEARNA anois re na sherbhíseachaibh, atá dha lathair, duine íarruidh, noch sheinnios go gasda ar chláirsigh: agus is amhluidh bhías, a nuair thiocfas an droichspiorad ó Dhía ort, go seinnfidh seision le na láimh, agus go mbía tusa go maith.
17
Agus a dubhairt Saul re na sheirbhíseachaibh, Faghaidh dhamh anois duine fhéadas seinm go maith, agus tugaidh chugam é.
18
Ann sin do fhreagair aon do na serbhíseachaibh, agus a dubháirt, Féuch, do chonnairc misi mac do Iesse an Betlehemíteach, noch atá eólach a seinm, agus na dhuine ro láidir ghaisgeamhuil, agus na fhear cogaidh, agus glic a ccúisibh, agus na fhear sgíamhach, agus atá an TIGHEARNA maille rís.
19
Uime sin do chuir Saul teachda go Iesse, agus a dubhairt, Cuir chugam Dáibhi do mhac, noch áta ag an tréad.
20
Agus do ghlac Iesse assal fá úalach aráin, agus buidéul fíona, agus meannán, agus do chuir le na mhac Dáibhi íad chum Sauil.
21
Agus tháinic Daibhi go Saul, agus do sheás dá lathair: agus do bhí grádh mór aige air; agus do bhí na fhear iomchartha a airm aige.
22
Agus do chuir Saul fios chum Iesse, ga rádh, Guidhim thá, léig do Dháibhi seasamh am lathairsi; óir fuáir se fabhar am radharc.
23
Agus tárla, a nuáir tháinic an droichspiorad ó Dhía ar Shaul, gur ghlac Dáibhi cláirseach, agus gur sheinn le na láimh: ionndus go bhfúair Saul cabhair, agus go raibh go maith, agus dimthigh an droichspiorad úadh.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 17 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31