bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 13
1 Samuel 13
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 14 →
1
Do bhí Saul bliadhan na rígh; agus a nuair do bhí na rígh dhá bhliadhuin ós ccionn Israel,
2
Do thogh Saul dhó féin trí mhíle fear do Israel; ionnus go mbeidís dhá mhile fear dhíobh a bhfochair Shauil a Michmas agus a slíabh Bhétel, agus míle ag Ionatan a Ngibeah Bheniamin: agus do chuir sé an chuid oile don phobal gach éan duine dhá ait féin.
3
¶ Agus do bhuáil Ionatan dáingionn na Bhphilistineach do bhí a Ngeba, agus do chuáladar na Philistinigh sin. Agus do sheíd Saul an stoc ar feadh na crích uile, gha rádh, Cluinnedís na Heabhraidhe.
4
Agus do chúala Israel uile dhá rádh gur bhúail Saul daingneach do na Philistínibh, agus mar an gceadna mar do bhadar na Hisraeliteach nan athuamhaireachd aig na Philistineach. Agus do goireadh an pobal a gcionn a chéile a ndíaigh Shauil go Gilgal.
5
¶ Agus do chruinnigheadar na Philistinigh íad féin a gcionn a chéile do throid a naghaidh Israel, tríochad míle carbad, agus sé mhíle marcach, agus dáoine mar an gaineamh noch bhíos ar thráigh na fairge air iomadamhlachd: agus tangadar súas, agus do shuidheadar a Michmas, soir ó Bhetabhen.
6
¶ A nuáir do chonncadar fir Israel go rabhadar a gcumhgach (óir do bhádar na dáoine a néigion), ansin dfolchadar an pobal íad féin a nuamhuibh, agus a bhfíodhbhuibh, agus a gcairrgibh, agus a náitibh árda, agus a cclasachaibh.
7
Agus do chuadar cuid do na Heabhruidhibh a nonn tar Iordan go tír Ghad agus Ghíléad. Agus ar son Shauil, do bhí se fós a Ngilgal, agus do leanadar na dáoine uile é ar coimhchrith.
8
¶ Agus dfan sé seachd lá, do reír na haimsire cinnte do órduígh Samuel: ach ní tháinic Samuel go Gilgal; agus do leathnuigheadar na dáoine úadha.
9
Agus a dubhairt Saul, Tugaidh chugam annso ofráil loisge, agus ofrála síothchána. Agus do íodhbair sé an nofráil loisge.
10
Agus tárla, comhlúath is chuir sé deireadh le hofráil na híodhbartha loisge, féach, tháinic Samuel; agus do chuáidh Saul amach na choinne, go mbeannuigheadh sé dhó.
11
¶ Agus a dubhairt Samuel, Cred do rinne tusa? Agus a dubhairt Saul, Do chionn go bhfacaidh mé na dáoine ar leathnughadh uáim, agus nach dtáinic tusa táobh a stigh don ló chinnte, agus gur chruinnigheadar na Philistinigh íad féin a bhfochair a chéile go Michmas;
12
Uime sin a dubhairt me, Tiucfaid na Philistinigh orum a núas anois go Gilgal, agus ní dheárna mé eadarghuidhe ris an TTIGHEARNA: do choimheígnigh mé mé féin ar a nadhbharsin, agus dofráil mé ofráil loisge.
13
Agus a dubhairt Samuel re Saul, Do rinne tú so go leamh: agus níor choimhéad tú aithne do THIGHEARNA Dé, noch do aithin sé dhíot: óir anois do dhaingneochadh an TIGHEARNA do rioghachd air Israel go bráth.
14
Acht anois ní sheasfuidh do rioghachd: díarr an TIGHEARNA duine dhó féin do réir a chroidhe féin, agus do aithin an TIGHEARNA dhé bheith na chaiptin os cionn a dhaoine, do chionn nar chomhéad tusa an ní do fhuágair an TIGHEARNA dhuit.
15
Agus déirigh Samuel, agus do chuáidh súas ó Ghilgal go Gibeah Bheniamin. Agus do chomháirimh Saul na daoine do bhí a lathair aige, timchioll sé chéad fear.
16
Agus dfan Saul, agus Ionatan a mhac, agus na dáoine do bhi a lathair aca a Ngibeáh Bheniamin: achd do bhádar na Philistinigh a gcampa a Michmas.
17
¶ Agus tangadar na creachadóirighe amach as campa na Bhphilistíneach a ttrí gcuideachda: diompoigh cuideachda aca chum na sligheadh go Hophrah, go fearann Shual:
18
Agus do iompoigh cuideachda oile ann sa tslighe go Bet‐óron: agus diompoigh cuideachda oile chum a nimil noch fhéachus go gleann Sheboim leath ris an bhfásach.
19
¶ Anois níor fríth gabha ar feadh chríche Israel uile; oir a dubhradar na Philistinigh, Deagla go ndéanaidís na Heabhruidhe cloidhmhe nó gaéthe:
20
Ach do théighdís Israel uile síos gus na Philistinibh, gach éanduine do ghéarughadh a shuic, agus a choltair, agus a thuáighe, agus a phicóide.
21
Gidheadh do bhí oighe chomalta aca re haghaidh na bpicóideadh, agus na ccoltar, agus na ngabhal, agus na ttúagh, agus do ghéarughadh na slait‐phriocadh.
22
Ionnus go ttárla dhóibh a ló an chatha, nach fríth cloidheamh nó gath a laímh éanduine don phobal dá raibh a bhfochair Shauil agus Ionatan: achd ag Saul agus ag Ionatan a mhac.
23
Agus do chuáidh Gárda na Bhphilistinéach amach go slighthibh Mhichmas.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31