bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 8
1 Samuel 8
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 9 →
1
Agus tárla, a nuáir do bhí Samuel áosta, go ndearna sé breitheamhuin dá mhacaibh ós cionn Israel.
2
Anois do bé ainm an ghin fá sine aige Ioel; agus ainm an dara, Abiah: do bhádar na mbreitheamhnuibh a Mbeer‐séba.
3
Ach níor shiubhluigheadar a mhic iona shlighthibhsan, agus do chúadar a leathtaoibh ar son tarbha, agus do ghlacadar cumha, agus do chláonadar breitheamhnus.
4
Ann sin do chruinnigheadar s nsir Israel uile íad féin a gcionn a chéile, agus tangadar chum Samuel go Rámah,
5
Agus a dubhradar ris, Féach, atá tusa fóirfe, agus ní shiubhluighid do mhic ann do shlighthibh: a nois déana rígh dhúínn dar riaghladh do nós na nuile chineadhach.
6
¶ Ach níor thaitin an chúis re Samuel, a nuáir a dubhradar, Tabhair rígh dhúinn dar ríaghladh. Agus do ghuidh Samuel an TIGHEARNA.
7
Agus a dúbhairt an TIGHEARNA re Samuel, Eist re glór na ndaoineadh ann gach uile ní dá nabraid riot: óir ni tusa do tharcuisnigheadar, achd do tharcuisnigheadar misi, go nach béinn mo rígh ós a gcionn.
8
Do réir a nuile oibreach dá ndéarnadar ón ló fá ttug misi súas as an Négípt íad gus an lá a niugh, ler thréigeadar misi, agus le ndéarnadar seirbhís do dheeibh oile, is mar sin fós do níd riotsa.
9
Anois ar a nadhbharsin éist re na nglór: gidheadh taisbéin dhóibh go dúthrachdach, agus foillsigh dhóibh samhuil an rígh riaghlochus os a ccionn.
10
¶ Agus dinnis Samuel bríathra an TIGHEARNA uile don phobal noch do íarr rígh air.
11
Agus a dubhairt sé, Budh é so béasa an righ bhías ós bhur gcionn: Glacfuidh sé bhur mic, agus óirdeochuidh sé dhó féin íad, chum a charbad, agus dá mbeith na marcshlúagh aige; agus riothfuid roimhe a charbaduibh.
12
Agus óirdeochuidh sé dhó féin caiptínigh ós cionn mhílteadh, agus caiptínigh ós cionn cháogad, agus cuirfe sé íad do sháothrughadh a fhearuinn, agus do bhuáin a fhoghmhair, agus do dhéanamh a threalamh cogaidh, agus trealamh a charbad.
13
Agus glacfuidh sé bhur ningheana do dhéanamh unghaidh deaghbholaidh, agus dá mbeith na ccócairibh, agus na mbáiceiribh.
14
Agus tóigfe sé bhur machairighe, agus bhur bhfíneamhna, agus bhur lubhghort ola, eadhon an chuid is féarr dhíobh, agus do bhéara sé dhá sheirbhíseachaibh íad.
15
Agus tóigfe sé deachmhadh bhur sil, agus bhur bhfíneamhnach, agus do bhéara sé dá oifigeachaibh, agus dá sheirbhíseachaibh íad.
16
Agus tóigfe sé bhur searbhfhoghantuighe fear, agus bhur searbhfhoghantuighe ban, agus na hógánuigh is féarr aguibh, agus bhur nassail, agus cuirfe sé chum a oibre íad.
17
Tóigfe sé deachmhadh bhur gcáorach: agus béithí bhur searbhfhoghantaibh aige.
18
Agus goirfidhe na comhairc an lá sin ar son an rígh thoighfígh dhaóibh féin; agus ní éisdfe an TIGHEARNA an lá sin libh.
19
¶ Gidheadh do dhíultadar an pobal umhlughadh do ghlór Shamuel; agus a dubhradar, Ni headh; ach biáidh rígh aguinn ós ar gcionn;
20
Chor go mbía sinne fós mar na cineadhacha uile; agus go ndéana ar rígh breitheamhnus oruinn, agus go ndeachuidh amach romhuinn, agus go ttroididh ar gcatha.
21
Agus do chuála Samuel bríathra an phobuil uile, agus do aithris sé íad a gclúasaibh an TIGHEARNA.
22
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Samuel, Eist re na nglor, agus déana rígh dhóibh. Agus a dubhairt Samuel ré fearuibh Israel, Eirgheadh gach áon aguibh dhá chathruigh féin.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31