bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
1 Samuel 10
1 Samuel 10
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 11 →
1
An sin do ghlac Samuel soitheach ola, agus do dhóirt air a cheann é, agus do phóg é, agus a dubhairt, Nach uime dungaidh an TIGHEARNA thu chum bheith ad chaiptín ós cionn a oighreachda?
2
A nuáir imtheochus tú uaimsi a niugh, an sin do gheabha tú días fear ag úaighe Ráchel a mbrúach Bheniamin a Selsah; agus déaruíd siad riot, Na hassuil a ndeachaidh tú dá níarruidh do fríth íad: agus, féach, do chuir hathair na hassail a neimhbhrígh, agus ata doilghiosach umaibhsi, gha rádh, Cred dheanas mé fam mhac?
3
Ann sin rachaidh tú ar haghaidh as sin, agus tiucfa tú go réidhteach Tábor, agus teigeomhuid triúr feár dhuit annsin ag dul súas go Día go Bétel, duine dhiobh ag iomchar trí meannán, duine eile ag iomchar thrí mbuilín aráin, agus duine eíle ag iomchar buidéil fíona:
4
Agus beinneochuid síad duitsi, agus do bhéaruid dhá bhuilín aráin duit, noch ghlacfas tú as a lámhuibh.
5
Na dhiáigh sin tiucfa tú go cnoc Dé, mar a bhfuil gárda na Bhphilistineach: agus tiucfaidh a gcrích, a nuáir thiucfas tú ann sin do nchathruigh, go tteigeamha tú ré cuideachda fáigheadh ag teachd a nuás ón náit áird maille re psaltair, agus re tabuir, agus re píob, agus re cláirsigh rompa; agus do dhéanuid fáidheadóireachd:
6
Agus tiucfa spiorad an TIGHEARNA ortsa, agus do dhéana tu faidheadóireachd leó, agus iompóchar thú ad dhuine eile.
7
Agus go madh hamhluigh bhías, a nuáir thíucfaid na comharthuighesi ort, go ndéana tú do reír mar bhías ocáid agad; oír atá Día maille riot.
8
Agus rachaidh tú síos romhamsa go Gilgal; agus, féach, tiucfá misi siós chugad, dofráil ofrala loisge, agus díobhairt íodhbartha ofrala sióthchána: seachd lá fhanfas tú go tti misi chugad, agus go ttaisbeanuidh mé dhuit créd dhéanfas tú.
9
¶ Agus is amnlaidh do bhí, a núair do iompoigh sé a chúl dimtheachd ó Shamuel, go ttug Día croidhe oile dhó: agus tangadar na comharthuigh so uile a ccrích an lá sin féin.
10
Agus a núair thangadar ann sin chum an chnoic, féach, tárla cuideachda do ná fáighibh ris; agus thaínic spiorad Dé airsion, agus do rinne sé fáigheadóireachd mar aon riú.
11
Agus tárla, a nuáir do chonncadar na dáoine uile aga raibh a fhios cía hé roimhe, féach, go raibh sé ag fáigheadóireachd a measc na bhfáigheadh, ann sin a dubhradar ná daoíne gach aon re chéile, Cred é so tháinic ar mhac Chis? An bhfuil Saul fós a measc na bhfáigheadh?
12
Agus do fhreagair áon don náitsin féin, agus a dubhairt. Ach cía hé a nathairsion? Uime sin thaínic chum a bheith na sheanfhocal, An bhfuil Saul fós a measc na bhfáigheadh?
13
Agus a núair do chríochnuígh sé fáigheadóireachd, tháinic sé don náit áird.
14
¶ Agus a dubhaírt dearbhrathair athar Shauil ris agus ré na shearbhfhoghantuigh, Cáit a ndeachabhairsi? Agus a dubhairt seision, Díarruigh na nassal: agus a nuáir do choncamar nach rabhadar a néanbhall, thangamar go Samuel.
15
Agus a dubhairt dearbhrathair athar Shauil ris, Guidhim thú, innis damhsa, cread a dubhairt Samuel ribh.
16
Agus a dubhairt Saul re dearbhrathair a athar, Dinnís sé dhúinn go follus gur fríth na hassail. Acht do tháoibh chúisi na ríoghachda, dar lábhair Samuel ris, uíor innis sé éinni dhó.
17
¶ Agus do ghoir Samuel an pobal a ccionn a chéile go Mispeh chum an TIGHEARNA;
18
Agus a dubhairt sé ré cloinn Israel, Is marso a deir an TIGHEARNA Día Israel, Thug misi Israel amach as an Négipt, agus do sháor mé sibh ó lámhuibh na Négipteach, agus as láimh a nuile rioghachd, agus ón muinntir do bhrúigh sibh:
19
Agus do dhíultabhairsi a niugh dá bhur Ndía, noch gur bé féin do sháor sibh ó bhur nuile aindeisi agus ó bhur mbuaidhreadh; agus a dubhrabhair ris, Ní headh, achd cuir rígh ós ar gcionn. Anois ar a nadhbhar sin taisbeanuigh sibh féin a lathair an TIGHEARNA do réir bhur ttreabh, agus do réir bhur mílteadh.
20
Agus a nuáir thug Samuel air threabhuibh Israel uile teachd a lathair, do glacadh treabh Bheniamin.
21
A nuáir thug sé air threibh Bheniamin teachd a bhfogus do réir a muinntear, do glacadh muinntir Mhátri, agus na dhiáigh sin do glacadh Saul mhac Cis: agus a nuáir do íarradar é, níor fríth é.
22
Uimesin dfíafruigheadar don TIGHEARNA a rís, An ttiucfadh an tóglach fós chuca. Agus do fhreagair an TIGHEARNA, Féachuidh, dfoluigh sé é féin a measc na caráiste.
23
Agus do ritheadarsan agus tugadar as sin é: agus a nuáir do sheas se a measc an phobail, do bhí sé níos áirde ná éinneach do na dáoinibh óna ghuáillibh súas.
24
Agus a dubhairt Samuel ris an bpobal uile, Féachuidh an té do thogh an TIGHEARNA, nach bhfuil aon cosmhuil ris a measc an phobail uile? Agus do gháireadar an pobal uile, agus a dubhradar, Go mairigh an righ.
25
Ann sin do thaisbein Samuel don phobal modh na rioghachda, agus do scríobh a leabhar é, agus do chuir a bhfíadhnuise an TIGHEARNA é. Agus do chuir Samuel an pobal uile ar siubhal, gach éinneach dhá thigh féin.
26
¶ Agus do chuáidh Saul fós dha bhaile go Gibeah; agus do chuáidh banda daoine leis, ar chorruigh Día a gcroidhthe.
27
Acht a dubhradar clann Bhélial, Cíondus chuímhdeochus an fearso sinn? Agus do chuireadar a neimhní é, agus ní thugadar tiodhlacadh ar bith chuige. Achd do bhí seision na thochd.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31